Comhairle: Na 10 Leid is Fearr do Thuismitheoirí

Comhairle: Na 10 Leid is Fearr do Thuismitheoirí

Féach thart ar an Idirlíon le chéile.

Bí ar an gcéad duine a thaispeánfaidh an tIdirlíon do do pháiste. Is buntáiste don tuismitheoir agus don pháiste araon é bheith ag féachaint thart ar an Idirlíon le chéile. Déan iarracht teacht ar shuíomhanna gréasáin atá spreagúil spraíúil le chéile, ionas go mbeidh dearcadh dearfach agaibh ar bheith ag féachaint thart ar an Idirlíon. D’fhéadfadh sé a bheith níos éasca dá bharr taithí dhearfach agus dhiúltach an Idirlín a phlé amach anseo.

Comhaontaigh rialacha i dtaobh úsáid an Idirlín le do pháiste

Déan iarracht teacht ar chomhaontú le do pháiste faoi na rialacha i dtaobh úsáid an Idirlín i do theaghlach. Seo duit cúpla leid a chabhróidh leat tús a chur leis seo:

  • Déan plé ar an uair agus ar an bhfad a fhéadfaidh do pháiste an tIdirlíon a úsáid
  • Bí ar aon intinn faoin mbealach a gcaithfear le faisnéis phearsanta (ainm, seoladh, uimhir theileafóin, ríomhphost)
  • Déan plé le do pháiste faoin mbealach is ceart é féin a iompar i mbun cluichí agus cabaireachta le daoine eile nó ag seoladh ríomhphoist nó teachtaireachtaí
  • Bí ar aon intinn faoin gcineál suíomhanna agus gníomhaíochtaí atá ceart go leor agus nach bhfuil ceart go leor sa teaghlach seo againne

Spreag do pháiste le bheith cúramach agus faisnéis phearsanta á soláthar ar líne

Tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú go bhfuil go leor suíomhanna gréasáin ann atá ceaptha do pháistí ach a iarrann orthu faisnéis phearsanta a thabhairt le go dtiocfaidh siad ar ábhar pearsantaithe. Tá sé ríthábhachtach fios a bheith agat cén uair agus cén áit a bhfuil sé ceart go leor faisnéis phearsanta a nochtach. Riail shimplí a d’fhéadfá a úsáid le haghaidh páistí óga nár cheart dóibh ainm, uimhir theileafóin ná grianghraf a thabhairt amach gan cead a fháil uait.

Ba cheart do pháistí níos sine a úsáideann suíomhanna líonraithe shóisialta ar nós Facebook a bheith roghnaitheach faoin bhfaisnéis phearsanta agus faoi na grianghraif a phostálann siad ar líne. A luaithe is atá ábhar postáilte ar líne, níl smacht agat a thuilleadh ar na daoine a fheicfidh é nó ar an mbealach a úsáidfear é.

Má tá do dhéagóirí i mbun líonraithe shóisialta, múin dóibh cén chaoi socruithe príobháideachais agus slándála an tsuímh a úsáid agus a chur i bhfeidhm. Tá Ionad Sábháilteachta agus córas blocála agus tuairiscithe ag gach suíomh freagrach. Bí ag foghlaim in éineacht le do dhéagóir cén chaoi socruithe sábháilteachta agus slándála an tsuímh a úsáid.

Labhair faoin mbaol a bhaineann le bualadh duine le duine le “cairde” ar líne.

Is cóir go dtuigfidh daoine fásta gur féidir gur rud dearfach do pháistí é bheith ag bualadh lena chéile ar líne, mar a gcuirfidh siad aithne ar a chéile agus a ndéanfaidh siad cairde nua. Ach ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta agus chun an drochthaithí a sheachaint, tá sé tábhachtach nach mbuailfidh páistí le strainséirí ar chuir siad aithne orthu ar líne mura bhfuil duine fásta, cairde nó daoine eile a bhfuil muinín acu astu in éineacht leo. Pé scéal é, ba cheart i gcónaí go mbeadh cead a thuismitheora ag an bpáiste ar dtús.

Múin do do pháiste cén chaoi faisnéis a mheas agus dearcadh criticiúil a ghlacadh i leith na faisnéise a aimsíonn siad ar líne. 

Bíonn an chuid is mó de pháistí ag úsáid an Idirlín chun a gcuid eolais féin a fheabhsú agus a fhorbairt chun críocha obair scoile nó suimeanna pearsanta. Ba cheart go dtuigfidh páistí nach bhfuil an fhaisnéis ar fad a aimsíonn siad ar líne ceart, cruinn ná ábhartha. Múin do pháistí cén chaoi an fhaisnéis a aimsíonn siad a dheimhniú trína cur i gcomparáid le foinsí eile a phléann an t-ábhar céanna. Taispeáin suíomhanna iontaofa dóibh is féidir leo a úsáid chun faisnéis a chur i gcomparáid.

Ná bí róchriticiúil faoi do pháiste a bheith ag féachaint thart ar an Idirlíon

Is féidir go dtiocfaidh páistí trí thimpiste ar ábhar Idirlín nach bhfuil oiriúnach ach do dhaoine fásta. Is féidir freisin go gcuardóidh páiste na suíomhanna gréasáin sin d’aon ghnó; cuimhnigh gur dual do pháistí a bheith fiosrach faoi rudaí nach bhfuil ceadaithe dóibh. Déan iarracht sin a thiontú chun tairbhe trí phlé a dhéanamh leo ar an ábhar atá ann agus rialacha a dhéanamh ina leith. Bí réadúil agus tú ag meas na húsáide a bhaineann do pháiste as an Idirlíon.

Déan tuairisc faoi ábhar ar líne a chreideann tú a bheith mídhleathach leis na húdaráis chuí

Tá sé ríthábhachtach go nglacaimid uile freagracht as an Idirlíon agus go dtuairisceoimid ábhar a d’fhéadfadh a bheith mídhleathach. Cabhróidh sé sin leis an iarracht gníomhaíochtaí mídhleathacha ar líne a chosc, amhail an phornagrafaíocht leanaí nó mealladh páistí trí chomhrá, trí ríomhphost nó trí theachtaireachtaí. Soláthraíonn an tseirbhís hotline.ie áis don phobal chun ábhar mídhleathach a fheiceann siad ar an idirlíon a thuairisciú go slán agus faoi rún.  Is é príomhchuspóir na Beolíne an phornagrafaíocht leanaí a chomhrac.  Tá ábhar agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile ar an Idirlíon agus féadfar iad sin a thuairisciú leis an tseirbhís freisin.

Spreag meas ar dhaoine eile

Tá cód iompair neamhfhoirmiúil ar an Idirlíon. Mar atá sa ghnáthshaol, is ann do rialacha neamhfhoirmiúla eiticiúla maidir leis an gcaoi ar cheart caitheamh le daoine eile ar an Idirlíon. Ina measc, is cóir a bheith dea-mhúinte, an drochbhéal a sheachaint, gan a bheith ag béiceadh (ag scríobh i gceannlitreacha ar fad) nó ag ciapadh daoine. Chomh maith leis sin, níor cheart do pháistí ná do dhaoine fásta ríomhphoist daoine eile a léamh ná cóip a dhéanamh d’ábhar faoi chóipcheart.

Lig do do pháistí na nithe is maith leo a dhéanamh ar líne a thaispeáint duit

D’fhonn treoir a thabhairt do do pháistí i dtaobh na húsáide a bhaineann siad as an Idirlíon, tá sé tábhachtach an tslí a n-úsáideann siad é agus gach ar mhaith leo a dhéanamh ann a thuiscint. Lig do do pháistí na suíomhanna gréasáin is maith leo cuairt a thabhairt orthu agus na nithe is maith leo a dhéanamh ann a thaispeáint duit. Seans go mbeidh sé níos fusa ortsa na cinntí cearta a dhéanamh i dtaobh na húsáide a bhaineann do pháiste as an Idirlíon má fhaigheann tú eolas teicniúil tú féin.

Cuimhnigh, is treise i bhfad gnéithe dearfacha an Idirlín ná na gnéithe diúltacha.

Is acmhainn iontach oideachais agus caitheamh aimsire do pháistí é. Tá na mílte míle suíomh gréasáin ann atá oiriúnach do pháistí óga. Spreag do pháiste le húsáid a bhaint as na suíomhanna sin agus gan clárú le haghaidh suíomhanna agus seirbhísí a bhfuil ábhar agus iompraíocht ann nach bhfuil oiriúnach ach do dhaoine fásta. Má tá Téarmaí & Coinníollacha Seirbhíse ag gabháil le suíomh a bhfuil do pháiste ag iarraidh clárú ann, cabhraigh leis iad a léamh agus srianta aoise an tsuímh a chomhlíonadh. Cabhraigh le do pháiste socruithe príobháideachais agus slándála uile an tsuímh a chur i bhfeidhm. Spreag do pháiste le dearcadh criticiúil a ghlacadh i leith an Idirlín agus le tairbhe a bhaint as a bhfuil le haimsiú ann.