Do Chuntas ar Facebook a Dhíghníomhachtú

Do Chuntas ar Facebook a Dhíghníomhachtú

Má tá tú cinnte nár mhian leat do chuntas ar Facebook a úsáid arís, féadfaidh tú na céimeanna thíos a leanúint le do chuntas a scriosadh go buan. Dá mb’fhearr leat do chuntas a chartlannú go sealadach d’fhonn é a úsáid arís am éigin sa todhchaí, is féidir leat ár gcéimeanna faoi conas “Do Chuntas ar Facebook a Dhíghníomhachtú” a leanúint.


Céim a hAon


Sna socruithe, cliceáil ar “Cabhair”agus cuardaigh le haghaidh “Conas a scriosaim mo chuntas go buan?” Cuntas Facebook a scriosadh - céim 1

 

 


Céim a Dó


Cliceáil ar an gcnaipe “Scrios mo chuntas”. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 2

 

 


Céim a Trí


Líon isteach do phasfhocal agus an téacs “Captcha” agus cliceáil ar “OK”. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 3

 

 


Céim a Ceathair


Cliceáil ar “OK”. Tabhair aird ar leith ar an téacs maidir le “tréimhse shuaimhnithe” 14 lá. Cé gur roghnaigh tú do chuntas a scriosadh go buan, athghníomhachtófar do chuntas má dhéanann tú iarracht ar logáil isteach laistigh de 14 lá tar éis an scriosadh a thosú. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 4

 

 


Céim a Cúig


Ar deireadh, taispeánfar scáileán deimhnithe duit ar a mbeidh dáta do scriosta bhuain deiridh (14 lá ina dhiaidh sin). Tá 2 chnaipe ag an scáileán seo freisin, cnaipe amháin chun an scriosadh a dheimhniú agus cnaipe amháin chun an scriosadh a chealú. Cuirfear ríomhphost chugat freisin ina mbeidh na sonraí céanna. Cuntas Facebook a scriosadh - céim 5

 

 

Tags: