Mínithe: Céard is ChatGPT ann?

Mínithe: Céard is ChatGPT ann?

Céard is ChatGPT ann?

Is bota comhrá cumhachtach intleachta saorga é ChatGPT de chuid OpenAI is féidir ceisteanna a fhreagairt, comhráite a bheith aige i dtéacsanna, agus freagra a ghineadh ar iarratais úsáideoirí. Mar shampla, is féidir é a úsáid chun cód a ghineadh, chun rudaí a aistriú, chun fadhbanna matamaiticiúla a réiteach, chun dán a scríobh ar stíl ar leith, chun taighde a dhéanamh ar ábhar, agus chun réimse tascanna eile a dhéanamh.

Tá freagraí ChatGPT bunaithe ar an méid a iarrann an t‑úsáideoir, agus d’fhéadfadh na ceisteanna seo a bheith bunúsach nó casta nó d’fhéadfadh gur iarratais mhionsonraithe a bheith i gceist.

 

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Tá sé oilte chun freagraí a ghineadh, agus is minic a bhíonn na freagraí seo cosúil le comhrá a bheadh ag duine, faigheann ChatGPT a fhaisnéis ó shonraí téacs, lena n‑áirítear foinsí ón idirlíon amhail suíomhanna gréasáin, leabhair, ailt, agus faisnéis eile ar fáil ar líne.

Is féidir rochtain a fháil ar ChatGPT trí úsáid a bhaint as roinnt modhanna lena n‑áirítear trí bhrabhsálaí agus tríd an aip iOS. Tá aip d’úsáideoirí Android pleanáilte freisin. Tá roghanna saor in aisce ann agus roghanna íoctha chun rochtain a fháil ar ChatGPT.

Cén chaoi a n-úsáidtear ChatGPT?

Cláraítear don tseirbhís trí sheoladh ríomhphoist agus uimhir ghutháin a chur ar fáil le haghaidh fíoraithe. 

Ar logáil isteach, taispeánann ChatGPT samplaí den úsáid is féidir a bhaint as chun rudaí a dhéanamh, agus dá acmhainní agus dá srianta. 

Tá réimse iarratas ChatGPT i bhfoirm bosca téacs ina gclóscríobhann na húsáideoirí a gceist nó iarratas. 

Dá mhionshonraithe agus dá shainiúla ceist an úsáideora, is amhlaidh is sainiúla a bheidh freagra ChatGPT. Mar shampla má chuirtear an cheist “Céard í príomhchathair na hÉireann?” ginfear freagra, ach má chuirtear an cheist “Céard í príomhchathair na hÉireann, agus, tabhair roinnt fíricí spéisiúla fúithi?” ginfear teachtaireacht atá níos sainiúla. 

Is féidir leis na húsáideoirí dul ar ais chuig snáitheanna plé roimhe sin in ChatGPT, mura nglantar na comhráite seo. Úsáideann na déantóirí na comhráite seo chun oiliúint a chur ar ChatGPT agus chun é a fhorbairt. 

 

Cén chaoi a n-úsáideann sé sonraí pearsanta?

De réir OpenAI, úsáidtear sonraí chun oiliúint a chur ar ChatGPT agus chun é a fhorbairt. Níl an rogha seo ag na húsáideoirí é seo a dhíchumasú. 

 

Stair an chomhrá a chasadh as agus oiliúint samhla a dhíchumasú:

Is féidir é seo a dhéanamh trí dhul chuig ainm an chuntais -> socruithe -> stair an chomhrá agus oiliúint

 

An bhfuil aoisteorainn i gceist?

Leagtar amach sna Téarmaí agus Coinníollacha go gcaithfidh na húsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad, agus go gcaithfidh gach duine faoi 18 mbliana d’aois toiliú tuismitheora a bheith acu. Mar sin féin, níl aon seiceáil maidir le haois ná toiliú tuismitheora ar chlárú don tseirbhís. 

 

Cad iad na buntáistí?

Is féidir le ChatGPT a beith ina uirlis thairbheach chun cuidiú le réimse tascanna a dhéanamh amhail taighde, foghlaim, agus fadhbfhuascailt. Agus úsáid á baint aige as a bhunachar mór sonraí d’fhaisnéis, is féidir leis a bheith ina thacaíocht chabhrach chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh le haghaidh smaointe nua agus chun moltaí pearsanta a chur ar fáil bunaithe ar na roghanna a chomhroinntear leis.

 

Céard iad na míbhuntáistí a bhaineann leis?

Cé gur uirlis é ChatGPT atá in ann faisnéis a chur ar fáil agus cuidiú le tascanna faoi leith, tá míbhuntáistí ag baint leis le hais idirghníomhaíocht dhaonna agus saineolas daonna.

Ní an cumas aige tuiscint a fháil ar chiall agus comhthéacs na gcomhráite a bhíonn ag daoine an chaoi chéanna agus atá ag fíordhuine. Is féidir leis freagraí a chur ar fáil bunaithe ar phátrúin atá foghlamtha aige, ach ní thuigeann sé mothúcháin, leideanna sóisialta, nó mionrudaí casta an chaoi chéanna agus a dtuigimid iad.

Níl aon fhearas ionsuite ann chun fíricí a sheiceáil. D’fhéadfadh sé freagraí a ghineadh bunaithe ar phátrúin a d’fhoghlaim sé óna shonraí oiliúna, agus d’fhéadfaí go gcuimseofaí leis seo faisnéis mhícheart nó chlaonta.

Ní haon rogha eile é le haghaidh saineolas daonna. Is féidir leis faisnéis agus léargais a chur ar fáil ar ábhair éagsúla, ach níl an saineolas, imfhios, agus taithí shaoil aige agus atá ag saineolaithe daonna.

 

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Ábhar míchuí

Comhráite a d’fhéadfadh ábhar míchuí a thaispeáint do pháistí agus do dhaoine óga. Má úsáideann ChatGPT sonraí ina bhfuil ábhar míchuí nó dochrach, tá an baol ann go gcomhroinnfear é sin leis an úsáideoir.

Níl an cumas aige comhthéacs a thuiscint ach an oiread, agus d’fhéadfadh sé freagraí a thabhairt ar cheisteanna nó ráitis go míchuí go fuarchúiseach.

 

Iontaofacht na faisnéise

Más rud é go bhfuil ChatGPT ag úsáid sonraí ina bhfuil mífhaisnéis, míchruinneas nó claontaí, d’fhéadfadh sé faisnéis neamhiontaofa a ghineadh. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh na húsáideoirí faisnéis neamhiontaofa a fháil gan a bheith ar an eolas faoina mhíchruinneas.

 

Údair imní a bhaineann le bradaíl

Is féidir le ChatGPT freagra a ghineadh ar cheist ar bith. Is féidir leis aistí, freagraí, nó tascanna a chruthú a bhfuil an chosúlacht orthu go bhfuil siad úrnua ach is amhlaidh go bhfuil siad cóipeáilte ó shonraí nó faisnéis a bhfuil oiliúint faighte aige uirthi. Cruthaíonn sé seo ábhair imní a d’fhéadfadh scoláirí a úsáid chun obair a chruthú nach ndearna siad féin.

 

Comhairle do Thuismitheoirí

  • Cé go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach coinneáil suas chun dáta le teicneolaíocht atá á forbairt, is é an bealach is fearr chun tacú le do pháistí taithí shábháilte agus dhearfach a bheith aige ná comhráite oscailte a bheith agat leis go minic. Déan plé ar an ábhar a d’fhéadfaidís teacht air, agus céard atá le déanamh aige má thagann sé ar rud a chuireann isteach air nó a chuireann as dó ar líne. 

 

  • Glac am chun iniúchadh a dhéanamh ar ChatGPT agus chun machnamh a dhéanamh lena fháil amach an bhfuil sé feiliúnach d’aois agus do thuiscint do pháiste. D’fhéadfadh tuismitheoirí rialúcháin tuismitheoirí a úsáid dá mba mhaith leo cosc a chur ar a bpáiste é a úsáid.

 

  • Tá sé tábhachtach cuidiú le do pháiste nó do dhéagóir scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt, le bheith in ann déileáil leis an bhfaisnéis a fheicfidh sé, a léifidh sé nó a chloisfidh sé ach meon criticiúil a úsáid. STOP, SMAOINIGH, SEICEÁIL – déan plé ar an tábhacht a bhaineann le faisnéis a fhíorú ach foinsí inchreidte, iontaofa a úsáid sula nglacfar léi mar fhaisnéis chruinn. 

 

  • Déan plé ar an tábhacht a bhaineann le príobháideachas agus gach faisnéis phearsanta a chomhroinnt le strainséirí nó le hardáin ar líne, lena n‑áirítear ChatGPT.

 

  • Labhair le do pháiste faoi ChatGPT a úsáid go sábháilte agus go hoideachasúil. Is uirlis chumhachtach é atá in ann go leor tascanna a dhéanamh, agus d’fhéadfaí é a úsáid go neamheiticiúil chun tascanna agus aistí a chur i gcrích don obair bhaile, mar shampla. Déan plé ar ChatGPT a úsáid go freagrach, agus ar na buntáistí féideartha atá sé in ann a chur ar fáil chun smaointe a ghineadh, taighde a dhéanamh ar ábhair a bhfuil suim acu iontu, chun a scileanna smaointeoireachta criticiúla a úsáid, agus chun a gcruthaitheacht a fheabhsú.

 

Naisc úsáideacha

An Eangach a Chaitheamh Amach: Cén t-eolas atá de dhíth ar dhéagóirí faoi ChatGPT?

Labhraíonn Ógphainéalaí Webwise Emma leis an Iriseoir Eolaíochta agus Teicneolaíochta Elaine Burke.

 

#TalkListenLearn Gineadóir Ábhar ar Líne

Bíonn sé deacair fios a bheith agat in amanna cén chaoi chun an comhrá a thosú le do pháiste nó déagóir faoin méid atá siad a dhéanamh ar líne, agus faoi na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann leis an idirlíon. Is iontach an Gineadóir Ábhar ar Líne #TalkListenLearn de chuid Webwise do theaghlaigh atá ag iarraidh comhráite a thosú faoin saol ar líne go spraíúil agus gan breithiúnas a thabhairt.

 

Ag labhairt le do pháiste faoi shábháilteacht ar líne

Ní bhíonn sé róluath riamh labhairt le do pháiste faoi bheith sábháilte ar líne. Tá comhairle agus leideanna praiticiúla ag Áine Lynch, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí, Bunscolaíocht do thuismitheoirí a bhfuil páistí óga acu.

 

Ag labhairt le do dhéagóir faoi shábháilteacht ar líne

Céard iad na príomhrudaí a chaithfimid a theagasc faoi bheith sábháilte ar líne? Cuireann an Taighdeoir-Síceolaíocht Dochtúireachta, comhairle ar fáil do thuismitheoirí agus iad ag dul chun cainte lena ndéagóirí faoi shábháilteacht ar líne.

 

Rialúcháin Tuismitheoirí

Tá rialúcháin tuismitheoirí ar fáil ar fhormhór na ngléasanna le hinrochtaineacht Idirlín lena n-áirítear ríomhairí, fóin chliste, táibléid agus córais chluichíochta. Le rialúcháin tuismitheoirí is féidir an baol go dtiocfadh do leanbh ar ábhar míchuí nuair atá siad ar líne a laghdú. Conas Rialúcháin Tuismitheoirí a shocrú ar gach Gléas.

 

Tuismitheoirí – Céard is Faisnéis Bhréagach ann?

Tá sé tábhachtach a bheith in ann fáil amach cá chruinne agus cá iontaofa atá ár bhfaisnéis. Ciallaíonn sé seo ceisteanna a chur faoin áit as ar tháinig ár n‑eolas, cé a chruthaigh é agus cén fáth, meas a dhéanamh ar an tionchar d’fhéadfadh a bheith aige,  agus fáil amach cá mhéad is féidir muinín a bheith ag duine as. Tuilleadh comhairle do thuismitheoirí faoi fhaisnéis bhréagach, agus leideanna chun mífhaisnéis a aithint.

 

Treoir do Thuismitheoirí maidir le hÚsáid Idirlín Níos Fearr – Leabhrán maidir le Sábháilteacht ar líne Saor in Aisce

Tá an leabhrán maidir le sábháilteacht ar líne de chuid Webwise saor in aisce, agus cuirtear comhairle agus faisnéis ar fáil ann faoi réimse leathan príomhábhar lena n‑áirítear príobháideachas, sábháilteacht agus scileanna smaointeoireachta criticiúla.

 

Bí ar an eolas trí chuairt a thabhairt ar Mhol Webwise do Thuismitheoirí

Tá físeáin sa Mhol do Thuismitheoirí ó shaineolaithe i síceolaíocht, teicneolaíocht, oideachas agus tuismitheoireacht; Treoirleabhair Mhínithe faoi aipeanna ardáin a bhfuil an‑tóir orthu; Ábhair Chainte; Treoirleabhair Conas Rud a Dhéanamh; agus acmhainní.

 

Bí Críonna faoi na Meáin

Tá faisnéis gach áit agus uaireanta is féidir leis a bheith deacair breithiúnas a thabhairt ar a chruinne nó a iontaofa is atá sí. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, comhairle agus leideanna, tabhair cuairt ar bemediasmart.ie

 

Fíricí agus an Tábhacht leo

Is treoir tosaigh é Fíricí agus an Tábhacht leo do litearthacht aosach agus do chleachtóirí oideachais aosacha ar mian leo eolas, tuiscint, scileanna agus muinín a gcuid scoláirí sa smaointeoireacht chriticiúil, sna meáin agus sa litearthacht dhigiteach a fhorbairt. 

 

IS san Oideachas: Nuálaíochtaí, Deiseanna agus Dearcthaí Eiticiúla

Déantar iniúchadh sa seimineár gréasáin SFGM Teicneolaíocht san Oideachas ar ról mór atá ag Intleacht Shaorga (IS) inár saol laethúil agus ar a phoitéinseal san oideachas.