Fógra Dlíthiúil

Fógra Dlíthiúil

Nuair a bhaineann tú úsáid as Webwise, tá tú ag aontú le téarmaí agus coinníollacha an tsuímh, mar atá leagtha amach thíos. Tá sé tábhachtach go léann tú iad mar mura n-aontaíonn tú, níor chóir duit an suíomh a úsáid ná ábhar Webwise a íoslódáil. Athléigh an doiciméad seo go rialta ionas go gcoimeádfar ar an eolas thú faoi athruithe ar bith.

Ábhar ar Webwise

Déantar an t-ábhar ar Webwise a tharraingt ó réimse leathan foinsí – bíonn cuid de i bhfoirm naisc sheachtracha agus ábhar féintáirgthe cuid de.

Ba chóir amharc air mar eolas ginearálta agus ní mar mholadh ná comhairle faoi leith.

Sula dtugtar faoi ghníomhaíocht nó faoi chinneadh ar bith bunaithe ar ábhar Webwise ba chóir treoir ghairmiúil a lorg i dtólamh.

Níl Webwise freagrach as na tuairimí, as an gcomhairle ná as na moltaí atá ar an suíomh gréasáin. Dá bharr sin, ní bheimid faoi dhliteanas maidir le héilimh, caillteanais, gortuithe, pionóis, damáistí ná costais a eascraíonn as úsáid Webwise ná as an ábhar atá ann.

Ina theannta sin, ní féidir linn a dheimhniú go bhfuil an suíomh géasáin saor ó víris ná ó éilliú crua-earraí ná bogearraí eile, ná go bhfuil an suíomh comhoiriúnach le córas ríomhaireachta, le brabhsálaí nó le bogearraí ar bith eile.

Is le haghaidh úsáid phearsanta agus le haghaidh úsáid múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí ar mhaithe le hoideachas atá an t-ábhar uile. Ní féidir é a úsáid ach amháin le haghaidh cuspóirí neamhthráchtála.

Tá naisc le hábhar Webwise ceadaithe gan gá le cead i scríbhinn roimh ré.

Forchoimeádann Webwise, áfach, an ceart chun an cead sin a tharraingt siar gan mhíniú, má tá, dar lena bhreithiúnas féin, úsáid nasc den chineál seo míchuí.

Naisc Sheachtracha

Soláthraíonn Webwise cuid mhór nasc chuig suíomhanna gréasáin seachtracha. Níl aon smacht ag Webwise ar ábhar ná ar bheartais phríobháideachais na suíomhanna seo, agus ní féidir leis a bheith freagrach as. Má aimsíonn tú ábhar mí-oiriúnach ar bith ar chuid ar bith de na suíomhanna seo cuir ríomhphost chuig info@webwise.ie láithreach.

As siocair go n-athraíonn seoltaí Gréasáin ó am go céile, ní féidir linn a dheimhniú go mbeidh nasc atá san áireamh ar ár suíomh cruinn, reatha nó ar fáil an tráth nuair a iarrann tú é i dtólamh.

Cóipcheart

Tá an t-ábhar ar an suíomh seo faoi chosaint cóipchirt de réir dhlí na hÉireann agus na hEorpa. Tá sé ceadmhach gach ábhar a íoslódáil agus a chóipeáil le haghaidh úsáidí neamhthráchtála amháin, a fhad is go n-aithnítear an fhoinse.

Níl sé ceadmhach an t-ábhar a atáirgeadh le haghaidh cuspóirí tráchtála.

D’fhéadfadh freisin go mbeidh srianta cóipchirt ar an ábhar laistigh de na suíomhanna nasctha agus ba chóir é seo a sheiceáil má tá sé beartaithe agat an t-ábhar a úsáid ar bhealach ar bith.

Foilsiú ar Fhóraim Webwise agus Phlé

Is féidir le léitheoirí tuairimí a fhoilsiú ar Webwise. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh go mbíonn eolas ar bith a nochtar ar na fóraim seo ina eolas poiblí.

Níl cead agat focail ná íomhánna graosta, pornagrafacha, clúmhillteacha ná neamhdhleathacha a úsáid ar na cláir theachtaireachtaí. Níl Webwise freagrach as dliteanas ar bith a bhaineann leis na cumarsáidí a dhéantar a phostáil, cé acu a bhaineann sé leis na dlíthe cóipchirt, clúmhillte, príobháideachais, cosaint sonraí, graostachta nó eile.

Má bhíonn deacracht agat leis an cumarsáidí a dhéantar a phostáil ar chuid ar bith d’fhóraim phlé Webwise, cuir ríomhphost chuig internetsafety@ncte.ie

Dlínse Dhlíthiúil

Beidh dlínse eisiach ag cúirteanna na hÉireann maidir le díospóid ar bith a eascraíonn as an suíomh gréasáin seo.