Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013: Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Sábháilteacht Idirlín

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013: Comhairle do Thuismitheoirí maidir le Sábháilteacht Idirlín

LógóSID.ie

Bíonn rud éigin ina leannán ag gach glúin. Is é an tIdirlíon leannán na glúine seo. Mar thuismitheoir, ba mhaith leat do pháiste a choimeád sábháilte i gcónaí. Tá sé nádúrtha imní a bheith ort faoi úsáid an Idirlín óir thángamar ar fad ar ábhar nár chóir do dhuine óg a fheiceáil.

Níor chóir dó sin, áfach, tú a choimeád siar ó chead a thabhairt do do pháiste dul ar an Idirlíon ar bhealach slán sábháilte. Baineann 98% de dhaoine óga úsáid as an Idirlíon, agus úsáideann díreach faoi bhun a leathchuid acu gach lá é chun cairde a dhéanamh, chun cluichí a imirt, chun ceol a íoslódáil agus chun obair bhaile a dhéanamh.

D’fhonn Lá na Sábháilteachta Idirlín 2013 a shonrú, chuireamar roinnt comhairle den scoth faoi shábháilteacht Idirlín le chéile:

  • Ag plé le Dúshláin Tuismitheoireachta: Tá píosaí tábhachtacha comhairle ar chóir cuimhneamh orthu de réir mar a ghlacann do pháiste na chéad chéimeanna tábhachtacha sin isteach sa saol ar líne. “Cuimhnigh,” a deir Áine Lynch, Príomhfheidhmeannach na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse, “féadtar nach mbeidh deireadh gach eolais agat faoi bhíogaíl, blaganna agus ballaí ach tá fios do ghnóthaí agat faoi thuismitheoireacht agus baineann na prionsabail chéanna leis maidir le rialacha agus teorannacha a shocrú a bhaineann le gnéithe eile de shaol do pháiste.”
  • Déan tosaíocht de go n-aimsíonn sibh an tIdirlíon le chéile: Ba chóir gur tú féin, mar thuismitheoir, a chuireann an tIdirlíon in iúl do do mhac nó d’iníon den chéad uair. Beidh sé níos éasca na heispéiris dhearfacha agus dhiúltacha a roinnt sa todhchaí dá bharr. Tríd seo a dhéanamh, beidh sé níos éasca teacht ar chomhaontú faoi rialacha tábhachtacha ar úsáid an Idirlín. Chomh maith leis sin, ba chóir duit a mholadh do do pháiste a bheith cúramach nuair atá eolas pearsanta á nochtadh trí bhéim a chur ar an dóigh ar féidir ábhar, a luaithe agus a fhoilsítear é, a bheith faoi réir gach cineál úsáide neamhúdaraithe.
  • Cuimhnigh nach i gcónaí a bhíonn an locht ar do pháiste: Má thagann siad ar ábhar míchuí ar líne, ná bí ródhian orthu agus iad ag fiosrú an Idirlín – spreagfaidh sé iad a bheith oscailte agus ionraic leat. Má mheasann tú go bhfuil cuid den ábhar mídhleathach, ba chóir duit é a thuairisciú do na Gardaí nó do www.hotline.ie. Cuir in iúl do do pháistí nach mbíonn gach eolas ar líne cruinn agus léirigh dóibh conas an t-eolas a aimsíonn siad a chinntiú. Mol dóibh gur chóir go mbeadh meas acu ar dhaoine eile ar líne de réir an mheasa a mbeifí féin ag dúil leis i saol an uile lae.
  • Bí Oscailte agus Dearfach: Áirítear le leideanna praiticiúla eile úsáid scagtha mhaith, clár frithvíreas agus balla dóiteáin, agus an ríomhaire baile a chur áit éigin a mbíonn gach duine ag teacht agus ag imeacht uaidh chun follasacht a spreagadh. Cuimhnigh, is treise i bhfad gnéithe dearfacha an Idirlín ná na gnéithe diúltacha. Sárghléas oideachais atá ann agus is féidir leis cur go mór le foghlaim agus le forbairt do pháiste.

Beidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, arb é an tionscnamh domhanda i leith sábháilteacht Idirlín é, ar siúl ar an Máirt an 5 Feabhra 2013. Tá Lá na Sábháilteachta Idirlín á eagrú in Éirinn ag Webwise agus tá sé mar aidhm aige oideachas a chur ar dhaoine agus feasacht a ardú maidir le páistí a chosaint ar líne, ionas gur féidir leo leas a bhaint as an Idirlíon, gan a sábháilteacht ná a bpríobháideachas a chur i mbaol.