Lá na Sábháilteachta Idirlín: Gníomhaíochtaí do Thuismitheoirí

Lá na Sábháilteachta Idirlín: Gníomhaíochtaí do Thuismitheoirí

Lá na Sábháilteachta Idirlín

Déanaigí rud éigin le chéile ar líne inniu. Beidh sé níos éasca don bheirt agaibh mar sin foghlaim óna chéile agus labhairt faoi na nithe is ábhar imní daoibh. Beidh sé níos éasca freisin taithí dhearfach agus dhiúltach a phlé le chéile amach anseo.

Seo cúpla gníomhaíocht spraíúil is féidir a thriail le do pháiste:

Bleachtairí Ainmhithe

Faigh amach cén t-ainmhí is sciobtha a thabharfaidh cúnamh don mhoncaí BenBen agus é ag iarraidh nathair na seod a mheaitseáil, nó bí i do Bhleachtaire Peata agus aimsigh Spike, turtar atá ar iarraidh. (aois 5+) IMRÍGÍ >

Dúshlán Cluichí

Cuir dúshlán oraibh féin an cluiche is fearr a aimsiú sa bhailiúchán seo. Bígí cúramach! Beidh oraibh eitleáin a thógáil, cuairt a thabhairt ar pháláis draíochta, sibh féin a chosaint ar dhineasáir, páirt a ghlacadh i gCluichí Oilimpeacha na nIasc agus sráidbhaile fíorúil a thógáil fiú. (aois 7+) IMRÍGÍ >

Zú Bhaile Átha Cliath

Beimid go léir ag dul chuig an zú amárach… agus is féidir libhse teacht inár dteannta. Go fíorúil, is é sin le rá. Tugaigí cuairt ar shuíomh gréasáin Zú Bhaile Átha Cliath mar a bhfaighidh sibh amach faoi na hainmhithe atá ina gcónaí ann agus na gnáthóga atá acu. Is féidir libh breathnú ar na piongainí agus ar na heilifint ar an gceamara gréasáin (níos fearr le linn an lae!), tráth na gceist idirghníomhach a dhéanamh nó faisnéis shimplí a fháil maidir lena n-uaireanta oscailte agus a gceardlanna. (aois 5+) IMRÍGÍ >

Cuirigí grianghraif díot féin agus de do thuismitheoirí in eagar i stíl reitreo

Maisígí grianghraf duine eile le spéaclaí adharcimeallacha agus trilseáin fhada i stíl na 70idí. Uaslódálaigí na grianghraif agus beidh nuamhaisiú faisin agus stíle oraibh ar an bpointe. Féach cén chuma a bheadh oraibh sna blianta a chuaigh thart, ón lá inniu siar chomh fada leis na 1950idí. (aois 9+) IMRÍGÍ >

Bígí ag Sceitseáil

Bainigí sochar as bhur samhlaíocht agus cruthaígí sárshaothar ealaíne ar líne. Tugaigí cuirí ríomhphoist don chuid eile de bhur dteaghlach breathnú ar bhur saothair ealaíne. (aois 11+) IMRÍGÍ >