Mínithe: ag déileáil leis an mbaol a bhaineann le fóin phóca

Mínithe: ag déileáil leis an mbaol a bhaineann le fóin phóca

BlockIt

Cad is féidir liom a dhéanamh chun mo pháiste a chosaint?

Sa lá atá inniu ann is iomaí tuismitheoir a cheannaíonn fón póca do pháistí faoi bhun 12 bhliain d’aois. Ba thairbheach an rud é, mar sin, roinnt comhairle a fháil faoina n-úsáid agus faoin mbealach is ceart déileáil leo.

Tá roinnt straitéisí ar fáil do thuismitheoirí a spreagfaidh dá bpáistí úsáid a bhaint as fón póca ar bhealach sábháilte stuama.

Ina measc sin tá na Rialúcháin Tuismitheoirí agus an Scagaire Rátála ar Ábhar Aipeanna atá mar chuid den fhón féin a chasadh air. Ach ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a phlé leo freisin:

Labhair le do pháistí maidir le cúrsaí sábháilteachta agus iad ag úsáid fón póca

Is é an straitéis is tábhachtaí maidir le sábháilteacht ar líne, cuma cén teicneolaíocht atá i gceist, ná bheith ag labhairt le do pháistí faoi na rudaí is maith leo a dhéanamh ar an bhfón póca agus taitneamh a bhaint astu sin in éindí leo, sa chaoi go mbeidh comhrá oscailte leanúnach eadraibh faoina saol digiteach.

Cabhraigh leo ábhar a fheileann dá n-aois a roghnú agus a chur ar a ngléasanna Idirlín.

Bí ag faire ar a ndéanann do pháistí ar líne agus bí ag imirt, ag éisteacht agus ag léamh in éindí leo.

Leag bunrialacha síos maidir le húsáid fhóin phóca (agus gach gléas eile ar a bhféadfaidís teacht ar an Idirlíon)

Bí ag plé le do pháistí an chaoi a n-úsáidfidh siad fón póca agus leag bunrialacha síos lena aghaidh.

Má bhraitheann páistí go raibh siad páirteach i ndéanamh na rialacha agus má thuigeann siad an réasúnaíocht taobh thiar díobh, is dóchúla go gcloífidh siad leo.

Agus na bunrialacha á leagan síos agat, déan iarracht gan faitíos a chur orthu go dtógfaidh tú uathu na fóin má bhíonn deacrachtaí acu.

Más rud é go mbíonn deacrachtaí acu, pléigh an fhadhb go ciúin céillí leo agus déan iarracht cabhrú leo smaoineamh ar straitéis chiallmhar chun iad féin a chosaint má bhíonn deacrachtaí acu arís amach anseo.

Foghlaim faoi na hAipeanna a úsáideann siad agus déan plé ar an méid a chosnaíonn siad agus ar aon táillí breise a d’fhéadfadh a bheith i bhfolach san Aip féin.  Bí ag plé le chéile cé acu Aipeanna atá feiliúnach dóibh a úsáid.  Ba cheart Bluetooth, úsáid an cheamara agus Aipeanna a bhailíonn eolas faoin áit a bhfuil siad a phlé freisin.

Bí aireach ar athruithe a thagann ar do pháistí

An bhfuil siad níos ciúine agus níos cúlánta ná mar is gnáth? An bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad róthuirseach agus scartha amach ó shaol an teaghlaigh? Is minic a bhíonn drogall ar pháistí a bhfuil ag cur as dóibh a phlé, ach d’fhéadfadh aon ghné den iompraíocht sin thuas bheith ina comhartha go bhfuil siad i ngreim ag an téacsbhulaíocht nó a leithéid.

Bí críonna i mbun siopadóireachta

Nuair a cheannaíonn tú fón póca do do pháistí, cuir ceist ar an díoltóir maidir leis an Treoirleabhar agus na Rialúcháin Sábháilteachta do Thuismitheoirí atá ag an gcuideachta.

Iarr ar an díoltóir an nasc leis an gcuid dá suíomh gréasáin a bhaineann le cúrsaí Sábháilteachta do Thuismitheoirí a thabhairt duit.  Fiosraigh na huirlisí atá mar chuid den fhón agus na seirbhísí sábháilteachta atá ar fáil do thuismitheoirí.

Tá oibritheoirí fón póca ag tosú ag cur a leithéid d’uirlisí ar fáil chun cabhrú le tuismitheoirí dul i ngleic leis an úsáid a bhaineann a bpáistí as an bhfón póca.

Cuid de na huirlisí atá ar fáil anois ná an Rialúchán Ábhair do Thuismitheoirí, an Rialúchán Teagmhála do Thuismitheoirí nó rochtain beirte.

Má cheannaíonn tú fón cliste de chuid Vodafone mar shampla, castar air an Gréasán Sábháilteachta de réir réamhshocrú a luaithe is a chláraíonn an tuismitheoir úsáideoir an fhóin mar dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

Déanann córas rialúcháin rochtana Vodafone  ábhar Idirlín a bheadh mí-oiriúnach d’úsáideoirí faoi bhun 18 mbliana d’aois a scagadh amach a luaithe is a chláraíonn an tuismitheoir an páiste mar dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

De ghnáth, déantar a leithéid de shrianta ar an ábhar a réamhshocrú ag an leibhéal is airde sábháilteachta.  Fiafraigh den oibritheoir nó den mhiondíoltóir fón póca atá agat tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi na huirlisí sábháilteachta atá ar fáil duit.

Am sosa gach lá agus gan fón póca a úsáid in am codlata

Smaoinigh ar gach fón póca a choinneáil thar oíche in áit lárnach sa teach chun iad a athluchtú.

Ní amháin go mbeidh na fóin á n-athluchtú go sábháilte dá bharr, ach cinnteoidh sé freisin go nglacfaidh do pháiste ‘am sosa’ gan teachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist bheith ag cur isteach orthu i rith na hoíche.

Níor chóir go mbeadh aon pháiste faoi strus de dheasca a bheith síorghafa leis an teicneolaíocht.

Bíodh a fhios agat cá bhfaighidh tú cabhair agus comhairle má bhíonn fadhb ann

Má bhíonn fadhbanna sábháilteachta agatsa nó ag do pháistí ar líne, tá sé tábhachtach go dtuigfidh tú nach bhfuil tú i d’aonar – tá roinnt eagraíochtaí ann a thabharfaidh cabhair agus comhairle duit.

Tá líne chabhrach náisiúnta do thuismitheoirí ag Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí mar aon le líne chabhrach do pháistí agus do dhaoine óga ag Líne Chabhrach na Leanaí ar Líne, mar a bhfuil tacaíocht le fáil.

Roinnt bunrialacha samplacha

Is é SaferInternet.org a rinne na moltaí seo, ar líonra Eorpach é a fhéachann le húsáid shábháilte fhreagrach an Idirlín agus gléasanna móibíleacha a chur chun cinn i measc daoine óga.

Is dócha go mbeidh bunrialacha éagsúla ann ag brath ar aois duine, ach d’fhéadfadh na cinn seo a leanas a bheith ina measc:

  • Rialacha faoin áit, faoin am agus faoin mbealach ar féidir fóin phóca a úsáid (mar shampla, ní ag am béile, le linn ceachtanna scoile nó i ndiaidh am éigin san oíche).
  • An tuiscint nár chóir uimhreacha fón póca a chur ar líne choíche.
  • Teorainneacha ar an méid a chaitear gach mí ar an bhfón póca (is féidir costais a choinneáil faoi smacht le seirbhísí réamhíocaíochta, mar shampla).
  • Srianta a chur ar na seirbhísí ardráta a úsáidtear tríd an bhfón (gan é a dhéanamh gan cead a fháil roimh ré, mar shampla).
  • Aipeanna agus cead a gceannaigh a phlé.  Níl gach Aip oiriúnach do pháistí agus tá roinnt Aipeanna ann a bhfuil an chuma orthu a bheith saor in aisce ach a ngabhann costais leo san Aip féin.
  • Gan freagra a thabhairt ar thurscar SMS.
  • Ná lig do dhaoine eile d’fhón póca a úsáid mura bhfuil fíorchás éigeandála ann agus mura bhfuil tú féin i láthair.
  • Ná seol teachtaireachtaí gránna suaracha le fón póca. Má fhaigheann tú teachtaireachtaí gránna nó suaracha, nó rud ar bith eile a bhraitheann tú nach bhfuil ceart, lorg cabhair ó dhuine fásta atá le trust.
  • Smaoinigh go cúramach ar na rudaí a roinneann nó a uaslódálann tú ar d’fhón póca. Ní féidir teachtaireachtaí agus íomhánna a thógáil ar ais tar éis a roinnte agus seans go bhfanfaidh siad i gcibearspás go deo.
  • Bí discréideach agus tú ag úsáid an fhóin phóca – ná tarraing gadaithe ort trína thaispeáint don saol mór.

Bí cinnte go gcuirfidh tú na bunrialacha i gcuimhne do do pháistí go rialta de réir mar a thagann athrú ar na riachtanais atá acu agus ar an mbealach a bhfuiltear ag súil le bheith in ann úsáid a bhaint as an bhfón póca agus iad ag dul in aois. Mórán mar an gcéanna, is féidir go dtiocfaidh athrú ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an sás láimhe agus ar na seirbhísí a chuireann oibritheoirí fón póca ar fáil le himeacht ama.

Faigh amach faoi pholasaithe na scoile i leith úsáid na bhfón póca ann agus déan plé orthu sin le do pháiste. Déan iarracht tacú leis an scoil oiread agus is féidir leat trí do chuid bunrialacha féin.