Mínithe: Cad is Boscaí Duaiseanna ann?

Mínithe: Cad is Boscaí Duaiseanna ann?

img1715

Is bearta mistéireacha de mhíreanna fíorúla a bhaineann le físchluiche iad Boscaí Duaiseanna. Féadfaidh cluichire iad a bhuachan mar dhuaiseanna nó féadtar iad a cheannach le fíor-airgead.  Má thaitníonn físchluichí le do leanbh, is dócha gur tháinig sé/sí ar ghné ar a dtugtar “Boscaí Duaiseanna”.  D’fhéadfadh an t-inneachar iontu deis a thabhairt duit carachtair speisialta, trealamh nó “cultacha” atá in ann an chuma ar rud éigin sa chluiche a athrú, nó rochtain ar leibhéil nua a thabhairt, a dhíghlasáil.

 

Tá siad difriúil ó cheannacháin eile san Aip féin nó sa chluiche féin mar ní bhíonn a fhios agat céard atá sa bhosca duaiseanna sula gceannaíonn tú é. I gcás ceannacháin eile sa chluiche féin, roghnaíonn tú go díreach an méid a cheannaíonn tú agus bíonn a fhios agat cén luach atá air, ach tá tú ag dul sa seans go hiomlán maidir leis na rudaí atá sa bhosca duaiseanna –  seans gur rud éigin luachmhar atá sa chluiche, seans nach ea.

 

Bíonn boscaí duaiseanna le fáil in go leor cluichí, lena n-áirítear FIFA, Overwatch, Roblox agus Mario Kart Tour, agus cé go dtugtar ainmneacha éagsúla orthu, is é an smaoineamh céanna atá taobh thiar dóibh.

Cén fáth a bhfuil tóir chomh mór ag daoine óga orthu?

img0953

Bíonn cuma iontach ar bhoscaí duaiseanna – seans go bhfaighfeá rud éigin luachmhar nó annamh a chuirfidh feabhas ar an eispéireas cluichíochta a bheidh agat. D’fhéadfadh mír rud uathúil a dhéanamh de d’abhatár nó de d’arm, nó d’fhéadfadh sé deis a thabhairt duit dul ar aghaidh chuig leibhéal eile agus rochtain a thabhairt duit ar mhíreanna ar cháilíocht níos airde sa chluiche.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Cé gur rud sách nua iad boscaí duaiseanna, is ábhar conspóide iad, mar shampla, tá imní curtha in iúl go bhféadfadh siad cearrbhachas a chur faoi bhráid daoine óga.  Tá an chomparáid idir boscaí duaiseanna agus cearrbhachas bunaithe ar an seans randamaithe a bhaineann leis an méid a gheobhaidh úsáideoir san inneachar, rud a fhágann gur cluiche seans é, nó cluiche thobar an áidh. Tá srianta curtha ag tíortha amhail an Bheilg, an Ísiltír, an Astráil agus an tSín ar an úsáid a bhaintear as boscaí duaiseanna nó tá cosc iomlán orthu. Cé gur éilíodh iad a rialáil faoin reachtaíocht maidir le cearrbhachas in Éirinn, níl aon srianta ar bhoscaí duaiseanna a dhíol i bhfíschluichí anseo faoi láthair. 

 

Mar atá amhlaidh i gcás aon cheannacháin san Aip féin, d’fhéadfadh leanaí go leor airgid a chaitheamh laistigh de chluichí. Is féidir le leanaí ceannacháin a dhéanamh go héasca gan tuiscint gur fíor-airgead atá i gceist. Is ceart do thuismitheoirí athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe ar ghléasanna maidir le ceannacháin san Aip féin, ar mhaithe le muirir gan choinne a sheachaint.

Comhairle do Thuismitheoirí

  • Taispeáin go bhfuil spéis agat sna cluichí ach ligean do do leanbh na cluichí is breá leo, agus an tslí a n-oibríonn siad, a thaispeáint duit. Cabhróidh sin leat tuiscint a fháil ar an bhfáth go dtaitníonn cluichíocht leo, agus ar an tslí a bhféadfadh míreanna fíorúla amhail boscaí duaiseanna feabhas a chur (nó gan feabhas a chur) ar an eispéireas cluichíochta. Tapaigh an deis iad a threorú agus cinneadh á dhéanamh acu faoi luach míre, agus pléigh leo an fáth go bhfuiltear ag iarraidh orthu rud éigin a cheannach agus gan fios acu cad é go díreach a gheobhaidh siad. 

 

  • Déan cinnte go dtuigeann do leanbh gur le fíor-airgead a íoctar as boscaí duaiseanna agus mínigh dó/di, cé go gceapfá nach bhfuil i ngnéithe atá cosúil le cearrbhachas ach siamsaíocht, go bhfuil siad saincheaptha chun tuilleadh cluichíochta agus tuilleadh caiteachais a spreagadh. Labhair le do leanbh faoi na cosúlachtaí atá idir roinnt de na gnéithe i gcluichí agus na cineálacha cearrbhachais. Inis dóibh faoin tionchar dochrach a d’fhéadfadh a bheith acu agus mol dóibh cinntí eolasacha a dhéanamh. 

 

  • Ceap rialacha faoi cheannacháin san Aip féin agus déan athbhreithniú ar na socruithe ar ghléasanna chun teorainneacha ar chaiteachas a chasadh air nó chun ceannacháin san Aip féin a mhúchadh go hiomlán. 

 

  • Tá rátálacha ag formhór na gcluichí is féidir a sheiceáil le go bhfeicfidh tú an bhfuil siad oiriúnach d’aois do linbh, an bhfuil gnéithe a spreagann nó a mhúineann cearrbhachas iontu, agus an bhfuil ceannacháin san Aip féin i gceist leo. Tá Éire i measc os cionn 35 tír atá ina gcomhaltaí in (PEGI), an Córas Uile-Eorpach Faisnéise do Chluichí, a thugann córas rátála aoise chun tacú le tuismitheoirí agus iad ag déanamh cinntí faoi chluichí ríomhaire a cheannach.

 

  • Tá aithne níos fearr agatsa ar do leanbh ná aon duine eile, mar sin is tusa a thabharfaidh faoi deara aon athrú ina iompraíocht. Cé nach gá go gciallódh sin go bhfuil fadhb le hiompraíocht atá cosúil le cearrbhachas aige/aici, d’fhéadfadh sé cabhrú leat fios a bheith agat cén uair le tuilleadh tacaíochta a lorg, duit féin agus do do leanbh.

 

  • Meabhraigh do do leanbh go bhféadfaidh sé/sí teacht chugat chun treoir agus tacaíocht a fháil má tá imní air/uirthi, nó mura bhfuil sé/sí cinnte faoi rud éigin.

Naisc úsáideacha:

Chun tuiscint níos fearr a fháil ar chluichíocht go ginearálta, léighImir go Sábháilte – Treoir Thosaigh do Thuismitheoirí maidir le Cluichíocht ar Líne.

Léigh ár dTreoracha Mínitheora maidir le cluichí a bhfuil tóir orthu, amhail Fortnite agus Roblox.

 

Rátáil Aoise agus Léirmheasanna ar Chluichí

An Córas Uile-Eorpach Faisnéise do Chluichí (comhairle faoi rátálacha aoise agus oiriúnacht cluichí): pegi.info

Teorainneacha caiteachais a chumasú agus ceannacháin san Aip féin a dhíchumasú

Playstation:

https://www.playstation.com/en-ie/get-help/help-library/my-account/parental-controls/ps4-parental-controls/

Xbox: https://support.xbox.com/help/family-online-safety/passkey-guest-key/passkey-purchases

Tacaíochtaí Breise:

Má tá imní ort faoi iompraíocht do linbh agus má cheapann tú go bhféadfadh nasc a bheith idir í agus cearrbhachas, cuireann ISPCC, Líne Chabhrach na Leanaí agus an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí (Bunoideachas) comhairle agus seirbhísí tacaíochta saor in aisce ar fáil.

Tugann Problem Gambling Ireland tacaíocht do dhaoine a bhfuil tionchar ag cearrbhachas fadhbach orthu.