Mínithe – Cad is MeowChat ann?

Mínithe – Cad is MeowChat ann?

Sábháilteacht ar MeowChat

Tugann MeowChat deis d’úsáideoirí labhairt lena gcairde agus a bheith ag comhrá le daoine atá in aice leo nó ar fud an domhain nár labhair siad leo riamh cheana. Ní mór d’úsáideoirí a bheidh 13+ chun an aip a rochtain. Is minic a deirtear gur meascán é de WhatsApp agus Tinder. Is féidir le húsáideoirí teachtaireacht a chur chuig a chéile (duine ar dhuine nó i ngrúpaí), bronntanais a roinnt, teachtaireachtaí físe/fuaime a sheoladh, próifílí úsáideoirí eile a bhrabhsáil agus neart eile.

Cén fáth a dtaitníonn an aip le déagóirí?

Tá an aip saor in aisce le híoslódáil agus is furasta do dhéagóirí comhrá a dhéanamh agus bualadh le daoine nua. Is maith le déagóirí freisin an dearadh daite, spraíúil atá uirthi (is léaráid de chat beag deas é deilbhín na haipe).

Sábháilteacht ar MeowChat

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Íoslódálann úsáideoirí an aip, ansin cláraíonn siad ag úsáid sonraí logála Facebook agus bíonn siad ag comhrá lom láithreach lena gcairde ar Facebook. Nó is féidir le húsáideoirí cuntas a bhunú lena seoladh ríomhphoist. Nuair atá a gcuntas socraithe ag úsáideoirí, spreagtar iad le cairde a dhéanamh, le bheith ag comhrá le cairde nua nó le scrúdú a dhéanamh ar phróifílí daoine atá in aice leo nó ar fud an domhain.

Na rudaí nach mór duit a bheith aireach fúthu

Nuair a bhunaíonn siad próifílí, tugtar leid d’úsáideoirí a n-ainm próifíle ar MeowChat a roinnt ar a gcuid próifílí sóisialta eile, rud a spreagann úsáideoirí nascadh le daoine eile. Tabhair faoi aire: Bíonn roinnt líonraí sóisialta poiblí – b’fhéidir nach dtuigeann go leor leanaí ná déagóirí é sin. Trí fhaisnéis phróifíle a roinnt ar líonra poiblí, d’fhéadfadh sé teagmháil gan choinne a tharraingt.

Nuair atá do chuntas socraithe agat, is furasta duit tosú ag comhrá le strainséirí, tríd an rogha Comhrá Randamach. Is féidir le húsáideoirí comhrá a dhéanamh duine ar dhuine nó i ngrúpaí, tugann sé deis d’úsáideoirí roghnú freisin labhairt le húsáideoirí eile MeowChat atá in aice leo nó labhairt le húsáideoirí eile ar fud an domhain. Is léir na rioscaí a bhaineann leis an bhfeidhm áirithe sin, mholfaimis do dhaoine a bheith cúramach má tá an aip seo a húsáid acu.

Tá rogha Scrúdaithe ann freisin; is féidir le húsáideoirí feiceáil cé na húsáideoirí eile atá gar dóibh, is féidir leo féachaint ar a ngrianghraif agus ‘is maith liom’ a rá faoina bpróifílí (cosúil leis an mbealach a n-oibríonn roinnt aipeanna geandála). Tá rogha ann scrúdú a dhéanamh ar phróifílí ar fud an domhain, níl le déanamh ag an úsáideoir ach deilbhín an eitleáin a roghnú a roghnóidh go randamach limistéar a ligfidh d’úsáideoirí féachaint cé na húsáideoirí MeowChat atá sa limistéar áirithe sin. Arís spreagann an fheidhm sin úsáideoirí chun labhairt le daoine nua. Ina theannta sin, tá rogha tosaíochta laistigh den rannán Scrúdaithe a thugann deis d’úsáideoirí roghnú cé air ba mhaith leo amharc (Gach Duine, Cailíní Amháin nó Buachaillí Amháin).

Is féidir le húsáideoirí rogha a dhéanamh a n-aois a fholú agus níl aon phróiseas deimhnithe aoise ann. Is rudaí iad sin a chuireann imní ar thuismitheoirí. Ba chóir a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil ábhar ar an aip oiriúnach go hiomlán d’úsáideoirí faoi 18 mbliana d’aois.

Is furasta ábhar míchuí a rochtain nó labhairt le duine éigin os cionn 18 mbliana d’aois.

Ina theannta sin cuireann an aip raon fógraí amach chuig úsáideoirí go minic agus tairgeann sé córas bailithe pointí bunaithe ar an líon ceanán (an líon “is maith liom” a fhaigheann próifíl) a chruinníonn úsáideoirí. Is féidir le húsáideoirí boinn a cheannach freisin. Tabhair faoi deara: ní mór ceannach laistigh den aip a chumasú i gcomhair na feidhme sin agus ní mór cárta creidmheasa a cheangal le Android Store nó le cuntas siopa iTunes úsáideora.

Conas is féidir an riosca ar an aip a íoslaghdú?

Screenshot_2016-03-18-14-30-53 (seat scáileáin)Má tá do leanbh/dhéagóir ag úsáid na haipe, tá roinnt bealaí ann chun rioscaí féideartha a laghdú. Murab ionann le haipeanna atá cosúil leis, is beag a thairgeann MeowChat i dtéarmaí príobháideachais nó faisnéise ar shábháilteacht, mholfaimis socruithe príobháideachais a nuashonrú ón socrú poiblí réamhshocraithe go ‘Mo Cheanáin’ – ciallaíonn sé sin nach bhfeicfidh ach daoine a roghnaíonn tusa (trína rá gurb é a bpróifíl an ceann is fearr leat) do phróifíl nó nach féidir ach le daoine a roghnaíonn tú féin teachtaireacht a chur chugat.

Mar a dúradh roimhe seo, spreagann an aip úsáideoirí a n-ainm úsáideora MeowChat a roinnt ar chuntais eile sna meáin shóisialta ionas go mbeidh siad in ann tuilleadh cairde a dhéanamh. Mholfaimis neamhaird a dhéanamh den rogha seo. Cuimhnigh ar an aip a úsáid le haghaidh cairde a bhfuil aithne agat orthu cheana féin. Cé go bhféadfadh na haipeanna le haghaidh scrúdú agus comhrá randamaigh a bheith go maith chun bualadh le daoine nua, níl an t-ábhar ar fad ar na feidhmeanna sin oiriúnach le haghaidh déagóirí.

Tá sé tábhachtach go bhfuil a fhios ag úsáideoirí go díreach conas a oibríonn an aip agus cad ba cheart dóibh a dhéanamh má thagann siad ar rud éigin nach maith leo. Seo roinnt faisnéise maidir le blocáil, le tuairisciú agus le dínascadh le próifílí eile.

3Conas a bhlocálaim duine éigin?
Níl sé éasca faisnéis a fháil faoi úsáideoirí ar an aip a bhlocáil/tuairisc a thabhairt fúthu. Tá blag ina bhfuil faisnéis faoi anseo: blog.minus.com/help.

Is féidir leat úsáideoir a bhlocáil agus tuairisc a thabhairt faoi ach an cnaipe thuas ar thaobh na láimhe deise ar bharr a bpróifíle a bhrú. Níl úsáideoirí in ann duine a bhlocáil gan tuairisc a thabhairt fúthu freisin, b’fhéidir go mbeadh drogall ar roinnt úsáideoirí daoine a bhlocáil mar gheall air sin.

Conas a léirím nach dtaitníonn duine éigin liom níos mó?
Is féidir leat a léiriú nach maith leat duine nó iad a dhínascadh ach dul chuig a bpróifíl agus Ní Tú is Fearr Liom a bhrú.