Mínithe: Céard iad na rudaí seo a leanas Ask.fm, Formspring agus Suíomhanna Idirlín gan ainm eile chun Ceisteanna a Ardú?

Mínithe: Céard iad na rudaí seo a leanas Ask.fm, Formspring agus Suíomhanna Idirlín gan ainm eile chun Ceisteanna a Ardú?

Suíomhanna Idirlín gan ainm

Is cosúil go bhfuil suíomhanna chun ceisteanna a ardú amhail Ask.fm, Formspring agus Spillit ag éirí níos cáiliúla i measc páistí in Éirinn.

Ar na suíomhanna seo tugtar cead ceisteanna gan ainm a chur ar dhaoine eile.

Agus tá siad fíorchomhtháthaithe le suíomhanna Idirlín líonraithe shóisialta le ceisteanna agus freagraí ag teacht aníos ar phróifílí Facebook nó fothaí Twitter go minic.

Conas a oibríonn siad?

Is féidir le páistí clárú leis na suíomhanna seo ag baint úsáide as a gcuntais Facebook nó Twitter.

Tar éis clárú, is féidir leo ceisteanna a phostáil a thagann aníos ar amlíne a bpróifíle nó ar an bhfotha nuachta agus cuireadh a thabhairt d’aon duine dá dteagmhálaithe freagra a thabhairt.

De ghnáth, pléann daoine óga ceisteanna cosúil leo siúd a leanas:

  • Dá bhféadfá bualadh le duine cáiliúil, cén duine ar mhaith leat bualadh leis/léi?
  • Dá mbuafá an crannchur náisiúnta, céard a dhéanfá leis an airgead ar fad?
  • Cad é an cineál ceoil is fearr leat?
  • Cad é an scannán is fearr leat?

Cinnte d’fhéadfaí rud den chineál seo a dhéanamh ar Facebook agus Twitter ar aon nós.

Ligeann tromlach na suíomhanna “Ceisteanna agus Freagraí” d’úsáideoirí freagra a thabhairt go hiomlán gan ainm, áfach.

Ask.fm

 

Suíomhanna Idirlín gan ainm

Is cosúil gurb é Ask.fm an suíomh Idirlín is cáiliúla dá chineál i measc dhéagóirí na hÉireann agus tá líon sonrach á leanúint anois.

Tá rioscaí soiléire ann do dhaoine óga, áfach, agus ba chóir go mbeadh tuismitheoirí agus múinteoirí ar an eolas ina leith.

Níl mórán ar Ask.fm a rialaíonn príobháideachas agus ciallaíonn sé seo gur féidir le haon duine féachaint ar cheisteanna agus ar fhreagraí araon, fiú daoine nach n-úsáideann an suíomh.

Is é seo an réamhshocrú agus ní léir an bhfuil rogha ann chun an méid seo a athrú: nuair a fhoilsítear post tá rochtain ar an bpobal air.

Le cuardach sciobtha ar an suíomh léirítear ceisteanna agus freagraí gránna dírithe ar úsáideoirí agus measann Webwise gur chóir do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí comhairle a chur ar dhaoine óga gan an suíomh a úsáid.

Bhí roinnt mhaith tuairiscí sna meáin agus ar líne maidir le leibhéil shonracha den mbulaíocht ar an tseirbhís agus tá ábhar gnéasaithe ann freisin.

Tá sé soiléir freisin go mbaineann bulaithe atá ag iarraidh dochar síceolaíochta agus urchóideach a dhéanamh do dhuine éigin gan aon iarmhairtí buntáiste as nádúr gan ainm an tsuímh.

In ainneoin go gcuireann an suíomh faoi deara go gcaithfidh úsáideoirí a bheith os cionn 13, níl aon bhealach ann chun aoiseanna a áirithiú, go háirithe nuair a mheastar go bhfuil an deis ag daoine óga an tseirbhís a úsáid trí Facebook, agus admhaíonn Facebook féin nach féidir leo monatóireacht a dhéanamh ar an srian ó thaobh aoise de go héifeachtach.

Rioscaí a léiríonn nach fiú é

Ba chóir do dhaoine óga an suíomh seo, agus leaganacha eile de shuíomhanna tráchtaireachta le haitheantas folaithe a sheachaint.

Mar thuismitheoirí agus mhúinteoirí, tá sé tábhachtach cuntas a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis na suíomhanna seo agus cuir chun cinn a dhéanamh ar líonraí sóisialta atá sábháilte agus slán a úsáid.

Tá cosc ar na suíomhanna seo ar scéim leathanbhanda náisiúnta na scoileanna agus ní féidir rochtain a fháil orthu laistigh de scoileanna.

Ach tá daoine óga níos nasctha le cúrsaí teicneolaíochta ná mar a bhí riamh agus is féidir leo rochtain a fháil go héasca ar na suíomhanna le fón póca agus gléasanna eile.

Cuireann postáil gan ainm leis an gcumhacht a bhíonn ag bulaithe mar níl an riosca ann go mbéarfar orthu.

Bíonn easpa urchoillte ann freisin dá bharr agus déarfaidh daoine rudaí nach ndéarfaidís de ghnáth.

Comhairle do Thuismitheoirí

Seo roinnt comhairle do thuismitheoirí faoi céard ar chóir a dhéanamh dá dtiocfadh do pháiste chugat le fadhb mar gheall ar ceann de na suíomhanna seo:

  • Ná Freagair: Níor cheart do dhaoine óga freagra a thabhairt choíche ar theachtaireachtaí a chuireann isteach orthu nó a chiapann iad. Is breá leis an mbulaí a fháil amach gur chuir siad isteach ar an duine. Cuireann sé leis an bhfadhb má thugtar freagairt dóibh agus téann cúrsaí in olcas dá bharr.
  • Coimeád na Teachtaireachtaí: Beidh do pháiste ábalta taifead a choimeád ar an mbulaíocht, ar na dátaí agus ar na hamanna, má dhéanann siad teachtaireachtaí mioscaiseacha a choimeád. Beidh sé seo úsáideach d’aon scoil ina dhiaidh sin nó le haghaidh imscrúdú na nGardaí.
  • Cuir Bac ar an Seoltóir: Ní chaithfidh duine ar bith cur suas le ciapadh ó dhuine eile. Is féidir le páistí bac a chur ar theagmhálaithe trí sholáthróirí seirbhíse ar fhóin phóca, ar láithreáin líonraithe shóisialta nó i seomraí comhrá.
  • Déan Fadhbanna a Thuairisciú: Déan cinnte go dtuairiscíonn do pháiste cásanna ar bith cibearbhulaíochta do shuíomhanna gréasáin nó do sholáthróirí seirbhíse. Tá uirlisí tuairiscithe ar shuíomhanna amhail Facebook. Ach úsáid a bhaint as na huirlisí seo, beidh do pháiste ag tabhairt faisnéis thábhachtach do dhaoine ar féidir leo cur le díothú na cibearbhulaíochta.

Ní foláir do pháistí tuiscint a fháil ar an dochar mothúcháin a d’fhéadfadh an chibearbhulaíocht agus gach cineál bulaíochta eile, a dhéanamh. Tá an uile chineál bulaíochta ina n-ábhar crá agus péine agus ba cheart deireadh a chur le gach sórt bulaíochta. Spreagfar na páistí chun úsáid fhreagrach a bhaint as an Idirlíon má chuirtear an méid seo ina luí orthu agus trí bhéim a leagan ar a thábhachtaí atá sé gníomhú má tá bulaíocht á himirt ar dhuine éigin eile.

Tá roinnt rudaí is féidir leat a dhéanamh chun dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht.

Is féidir leat a mhíniú do do pháiste freisin a thábhachtaí atá sé gan mothúcháin duine a ghoilleadh trí ríomhphost nó trí shaghsanna eile cumarsáide leictreonaí.

Abair leo go bhfuil sé ríthábhachtach meas a bheith acu do chearta daoine eile ar líne sna dóigheanna seo a leanas: gan daoine a mhaslú ar an Idirlíon agus a bheith suaimhneach iad féin má mhaslaítear iad.

Ní mór a mhúineadh do pháistí freisin chun meas a léiriú ar phríobháideachas daoine eile ar líne agus ní mór dóibh a bheith freagrach trí chéile le linn dóibh a bheith ar an Idirlíon.

Má tá faitíos ort go bhfuil do pháiste ina (h)íospartach den chibearbhulaíocht, léigh ár bpíosa air a thugann sainchomhairle duit. Is féidir leat é tuairisc a dhéanamh freisin maidir lehábhar neamhdhleathach ar líne nó do na Gardaí.