Mínitheoir: Cad is BBM ann?

Mínitheoir: Cad is BBM ann?

Lógó BBM

Aip shaor in aisce le haghaidh teachtaireachtaí meandracha is ea Blackberry Messenger (BBM). Ní raibh sé le fáil ar dtús ach ar ghléasanna Blackberry ach cuireadh chun feidhme ar ghléasanna eile é go gearr ina dhiaidh sin. Tá éileamh mór ó shin air toisc go gcuireann sé ar chumas úsáideoirí teachtaireachtaí a sheoladh chuig a chéile saor in aisce, cuma cén líonra nó cineál fóin atá acu, i measc feidhmeanna eile.

Borradh faoi BBM

Ceapadh BBM ar dtús don ghléas Blackberry, a úsáidtear go príomha le haghaidh gnó. Tuigeadh sula i bhfad, áfach, gur thug an tseirbhís teachtaireachtaí meandracha bealach éasca do dhaoine fanacht i dteagmháil le húsáideoirí eile BBM gan a gcuid creidmheasa fóin a úsáid. Tháinig borradh uafásach mór faoi dá bharr. Bhí 190 milliún úsáideoir ar fud an domhain ag BBM nuair a comhaireadh an uair dheireanach iad. Is mó fós an tóir atá anois air de bharr teachtaireachtaí amaithe a bheith aige, mar aon le feidhmeanna guthchomhrá agus físchomhrá, pictiúir taispeána agus nuashonruithe stádais.

Tá éileamh mór ar an aip i gceantair teorann go háirithe – mar shampla, san iarthuaisceart – toisc gur féidir teachtaireachtaí a sheoladh chuig úsáideoirí i dtíortha eile agus glaoch orthu. Bhí an aip nuálach ar an gcaoi sin.

BBM a Úsáid

Is furasta BBM a úsáid. Tar éis duit BBM a íoslódáil, caithfidh tú cuntas a chruthú. Nuair a bheidh sin déanta agat, tabharfar cód uathúil “PIN” duit a fheidhmíonn mar ainm úsáideora. Chun teagmhálaithe a chur leis an aip, féadfaidh tú an cód QR nó do chód PIN a thabhairt d’úsáideoirí eile BBM. Féadfaidh tú comhrá a dhéanamh a luaithe is a bheidh teagmhálaí curtha agat leis an aip. Níl aon chostas ag gabháil le BBM ach amháin ar ghnéithe áirithe, amhail PIN saincheaptha nó greamáin speisialta, a gcaithfear síntiús míosúil €0.99 a íoc lena n-aghaidh.

 

Guthghlao BBMTeachtaireacht Amaithe BBM

 

Gnéithe BBM

Tá gnéithe uathúla difriúla ag BBM, mar shampla:

Cóid PIN seachas ainmneacha úsáideora: Tugann BBM cóid uathúla PIN do dhaoine seachas ainmneacha úsáideora ar mhaithe lena bpríobháideachas a chosaint níos fearr. Fágann sin nach féidir buille faoi thuairim a thabhairt maidir le hainm úsáideora daoine eile. Ní foláir teagmháil a bheith déanta ag beirt roimhe seo le go gcuirfidh siad a chéile lena liosta teagmhálaithe. B’fhéidir go mbeadh an chuma seo ar an PIN: 531ED2AA.

Teachtaireachtaí a chraobhscaoileadh le gach teagmhálaí: Cuireann BBM ar chumas na n-úsáideoirí teachtaireacht a sheoladh chuig gach teagmhálaí dá gcuid. Gné úsáideach í chun foláirimh a sheoladh, ach baineann úsáideoirí nua leas níos minice as chun a gcuid eolais teagmhála a scaipeadh d’fhonn úsáideoirí eile a aimsiú.

Grúpchomhrá: Tá feidhm ghrúpchomhrá ag BBM amhail go leor aipeanna teachtaireachtaí eile. Áis mhaith í sin chun imeachtaí a phlé agus a fhógairt. Is féidir suas le 30 úsáideoir a chur le grúpchomhrá ar BBM. Is féidir íomhánna, físeáin, closábhar agus eolas teagmhála a chomhroinnt sa ghrúpchomhrá freisin.

Glaoch BBM: Cuireann BBM ar do chumas glaonna a dhéanamh thar an Idirlíon, saor in aisce. Gné úsáideach í seo chun glaoch ar úsáideoirí a chónaíonn i dtíortha eile gan táillí líonra a ligean ort. Le glaoch ar dhuine, brúigh an cnaipe glao atá suite ar bharr an scáileáin agus ar dheis in aon chomhrá.

Seoladh áite: Le cur in iúl d’úsáideoir cá bhfuil tú, brúigh ar an bhfáiscín páipéir atá suite ar thaobh na láimhe deise d’aon chomhrá. Féadfaidh tú a chur in iúl d’úsáideoirí eile cá bhfuil tú ar bhonn leanúnach ar feadh tréimhse theoranta ama.

Físghlao: Anuas ar fhísghlaonna a dhéanamh, ligeann BBM duit a bhfuil le feiceáil ar scáileáin d’fhóin a roinnt freisin.

Físghlao Blackberry BBM

Físghlao BBM

Teachtaireachtaí amaithe: Tá na teachtaireachtaí amaithe seo cosúil le teachtaireachtaí Snapchat sa mhéid gur féidir leat a shocrú cá fhad a bheidh duine in ann ábhar na teachtaireachta a fheiceáil. Is féidir  1, 3, 5, 10, 15 nó 25 soicind a roghnú mar fhad feiceála na teachtaireachtaí. Ní féidir an aip a úsáid chun breathnú orthu i ndiaidh na tréimhse ama sin. Mar sin féin, is féidir an teachtaireacht a shábháil ach seat den scáileán a ghlacadh.

PIN an Chóid QR: Istigh sa BBM tá scanóir cóid QR a ligeann duit teagmhálaithe a chur le do liosta ach ceamara an fhóin a dhíriú ar phictiúr dá PIN BBM i bhformáid an chóid QR.

Fothaí nuachta: Liosta scrollaithe é an fotha nuachta a thugann mearléargas soiléir d’úsáideoirí ar an méid a bhí ar siúl ag a gcairde le déanaí.

Téarmaí Úsáide BBM

Ní mór d’úsáideoirí BBM a bheith os cionn 13 bliana d’aois chun an tseirbhís a úsáid. Tá ceadúnas inaistrithe neamhtheoranta ag BBM i leith aon ábhair a sheoladh tú trí BBM. Ciallaíonn sé sin gur féidir le BBM aon chineál úsáide is mian leo a bhaint as an ábhar a sheolann tú. Bailíonn BBM eolas fút chun próifíl a chruthú, mar a dhéanann Google, a ligeann dóibh fógraíocht a thaispeáint atá saincheaptha duitse, bunaithe ar an áit a bhfuil tú, ar na nithe is spéis leat agus ar do líonra fón póca, fiú.

Tags: