Mínitheoir: Cad is Tinder ann?

Mínitheoir: Cad is Tinder ann?

TINDER-ALT
Aip geandála SAOR IN AISCE é Tinder is féidir a íoslódáil le haghaidh do ghutháin, do ríomhaire deisce agus do tháibléid. Tá dhá phobal ar leith ar an aip – ceann amháin do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois agus an ceann eile do dhéagóirí níos óige atá idir 13 agus 17 mbliana d’aois. Nuair a chruthaíonn tú próifíl, tógann Tinder faisnéis uaidh féin atá bunaithe ar do phróifíl Facebook, lena n-áirítear grianghraif, dáta breithe agus inscne. Nuair a dhéantar do phróifíl a chruthú, tabharfaidh Tinder liosta de na céilí ábhartha duit atá bunaithe ar do phróifíl, caitheamh aimsire, comhchairde ar Facebook, suíomh, inscne agus an t-aoisraon roghnaithe. Ina dhiaidh sin, féadfaidh tú svaidhpeáil ar dheis chun céile a dhéanamh d’úsáideoir eile, a (h)íomhá a thapáil chun amharc ar níos mó nó svaidhpeáil ar chlé chun leanúint ar aghaidh ag amharc ar chéilí féideartha eile.

Cén fáth a bhfuil an oiread sin tóra ar Tinder?

Tá timpeall 10 milliún úsáideoir laethúilag an aip faoi láthair agus tá sé ag éirí an-choitianta i measc déagóirí. Tá sé fíoréasca an aip geandála – atá saor in aisce le híoslódáil – a úsáid. Ní gá mórán dua a chaitheamh leis chun do phróifíl a chruthú. Ní dhéanann na húsáideoirí ach svaidhpeáil trí íomhánna chun amharc ar chéilí féideartha agus, le clic amháin, is féidir leo a chur in iúl, gan ainm a lua, cibé acu an bhfuil suim acu in úsáideoir eile nó nach bhfuil.

TINDER-3

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Caithfidh cuntas Facebook a bheith agat chun cuntas Tinder a chruthú. Baineann an aip úsáid as faisnéis phoiblí ar do phróifíl Facebook chun do phróifíl Tinder a chruthú. Tar éis próifíl a chruthú, is féidir le húsáideoirí na critéir faoi choinne céilí féideartha a leathnú nó a theorannú – is féidir leat suíomh (baineann Tinder leas as teicneolaíocht suímh chun úsáideoirí eile Tinder atá in aice leat a aimsiú), inscne (fear nó bean) agus aoisraon a athrú. Ina dhiaidh sin, is féidir le húsáideoirí brabhsáil ar chéilí féideartha, a léiriú gur maith leo iad nó gan glacadh leo. Cuireann Tinder céilí in iúl d’úsáideoirí nuair a deir beirt úsáideoirí gur maith leo próifílí a chéile. Tagann rogha shimplí teachtaireachtaí aníos ansin a ligeann d’úsáideoirí comhrá a dhéanamh, teachtaireachtaí a sheoladh, nó grianghraif agus físeáin a roinnt lena gcéilí. Ní chuirtear úsáideoirí Tinder ar an eolas mura gcuireann siad suim in úsáideoir eile.

An méid nach mór a bheith ar eolas ag tuismitheoirí

Baineann go leor déagóirí úsáid as Tinder ar mhaithe le spraoi agus ní bhíonn intinn ar bith acu bualadh le céile féideartha. Mar sin féin, tá roinnt rioscaí ag baint leis an aip agus ba chóir go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas fúthu.

An bhfuil aoisteorainn ar Tinder?

Tá; macasamhail bhunús uile na n-aipeanna agus na líonraí sóisialta eile, caithfidh na húsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois ar a laghad. Úsáideann an aip do chuid faisnéise ó Facebook lena n-áirítear dáta breithe d’fhonn d’aois a dheimhniú.

An féidir le déagóirí nascadh le húsáideoirí atá os cionn 18 mbliana d’aois?

Ní féidir le húsáideoirí atá idir 13 agus 17 mbliana d’aois ach úsáideoirí eile Tinder atá ar comhaois leo a fheiceáil. Ní féidir le húsáideoirí atá os cionn 18 mbliana d’aois ach úsáideoirí eile atá os cionn 18 mbliana d’aois a fheiceáil. Aithníonn Tinder aois duine tríd an dáta breithe ar Facebook. Ba chóir go mbeadh tuismitheoirí ar an eolas, áfach, go bhfuil próifílí bréige ar Facebook agus is fíoréasca do dhaoine ligean orthu féin gur duine éigin eile iad. D’fhéadfadh do dhéagóir céile a dhéanamh de dhuine atá i bhfad níos sine ná mar a deir sé/sí!

An bhfuil sé ar aon dul le haip Tinder do dhaoine atá os cionn 18 mbliana d’aois?

Feidhmíonn Tinder do dhéagóirí ar an gcaoi chéanna leis an aip do dhaoine fásta, ach scarann ​​sé an dá phobal óna chéile. Ní féidir le duine atá 18 mbliana d’aois nó níos sine próifílí Tinder na n-úsáideoirí atá 17 mbliana d’aois nó níos óige a fheiceáil. Ar an gcuma chéanna, ní féidir le déagóirí ach breathnú ar phróifílí daoine atá idir 13 agus 17 mbliana d’aois.

Príobháideachas

Tar éis duit cuntas Tinder a chruthú, tig le húsáideoir Tinder ar bith (i do phobal, i.e. déagóirí nó 18+) do phróifíl a fheiceáil má oireann siad do na critéir a roghnaíonn tú. Smaoineamh maith é teorainn a chur leis an méid faisnéise a chuireann tú ar do phróifíl nó i gcomhráite duine le duine lena chinntiú go seachnaíonn tú rioscaí féideartha ar bith. Murab ionann agus roinnt aipeanna Facebook, ní phostálann Tinder ar Facebook. Feicfidh tú é sin tráth an chlárúcháin. De réir réamhshocrú, tusa amháin atá in ann an aip a fheiceáil ar Facebook. Mura bhfuil tú cinnte faoi shocruithe aipe oscail socruithe do phróifíle ar Facebook, cliceáil ar shocruithe aipe agus roghnaigh aip Tinder.

SOCRUITHE-AIPE

Leid chabhrach: Smaoineamh maith é íomhánna difriúla próifíle a úsáid i gcomhair Tinder, Facebook agus líonraí sóisialta eile. Ach an méid sin a dhéanamh, is lú seans go n-aimseoidh strainséirí thú ar líne.

Gabháil scáileáin_2015-07-21-11-37-12 (1)Roinnt Suímh

Baineann Tinder leas as GPS/teicneolaíocht suímh chun céile a dhéanamh d’úsáideoirí atá in aice lena chéile. De thoradh na teicneolaíochta suímh, féadann sé a bheith níos éasca d’úsáideoirí eile a oibriú amach cá háit go díreach a bhfuil tú lonnaithe. Lena chinntiú go bhfuil do dhéagóir sábháilte, déan plé ar a chontúirtí atá sé bunáit chaol suímh a roghnú ar Tinder, i.e. an líonra a chaolú laistigh de chúpla ciliméadar. Cuir i gcuimhne do pháistí gan íomhánna díobh féin a roinnt ina nochtar faisnéis faoina n-áit chónaithe nó faoi na háiteanna a gcrochann siad thart iontu.

Creachadóirí ar líne

Tá baol ann i leith creachadóirí ar líne i gcás bhunús na líonraí sóisialta agus ní eisceacht ar bith é Tinder. Smaoineamh maith é labhairt le do pháiste faoin mbaol a bhaineann le bheith ag comhrá le daoine ar líne nach bhfuil aithne aige nó aici orthu agus fainic a chur ar do leanbh faoi bhualadh le duine go pearsanta a casadh air nó uirthi ar líne.

Cibearbhulaíocht

Fearacht mórán aipeanna eile a ligeann d’úsáideoirí teachtaireachtaí a chur chuig a chéile, d’fhéadfadh cibearbhulaíocht tarlú go héasca ar Tinder. Labhair le do pháistí faoi seo agus bí cinnte go bhfuil a fhios acu cad atá le déanamh má bhíonn siad míchompordach i gcás ar bith.

Ábhar míchuí

Ligeann feidhm na dteachtaireachtaí san aip d’úsáideoirí comhrá a dhéanamh agus grianghraif nó físeáin a sheoladh tar éis dóibh céile a dhéanamh de dhuine. Ba chóir go mbeadh na húsáideoirí óga feasach ar an gcontúirt a ghabhann le roinnt íomhánna/físeán ar líne. Is furasta a mhothú go bhfuil tú sábháilte nuair a bhíonn teachtaireachtaí príobháideach. Caithfidh an t-aos óg cuimhneamh go bhfuil sé an-éasca grianghraif dhigiteacha a chóipeáil, fiú amháin laistigh de theachtaireachtaí príobháideacha.

D’fhéadfadh úsáideoirí óga teacht ar ábhar a ghoilleann orthu freisin. Labhair le do pháistí faoin riosca seo ionas go mbeidh a fhios acu conas déileáil leis má thagann sé aníos. Tá Tinder tar éis ‘Moments’ a thabhairt isteach le déanaí. Feidhm theachtaireachtaí grianghraif é seo atá cosúil le Snapchat. Ligeann sé d’úsáideoirí a ndéantar céile díobh grianghraif a imíonn as radharc a sheoladh chuig a chéile. Ba chóir go mbeadh úsáideoirí freagrach i gcónaí agus grianghraif díobh féin á roinnt acu ar líne: is éasca grianghraif a imíonn as radharc a shábháil le feidhmeanna ScreenGrab agus le modhanna eile.

 

Conas bac a chur ar dhuine/Conas tuairisc a thabhairt faoi dhuine

Ní féidir leat ach bac a chur ar chéile. Chun é sin a dhéanamh, téigh go dtí a p(h)róifíl, buail an deilbhín sa chúinne uachtarach ar dheis agus roghnaigh “Unmatch”. Imeoidh tú as a gcuid Céilí agus ní bheidh siad in ann teachtaireachtaí a chur chugat feasta. Cliceáil anseo le haghaidh treoracha céim ar chéim maidir leis an dóigh a gcuirtear bac ar dhuine ar Tinder.

TRYP

(Íomhá trí wikiHow)

Conas a chuireann tú bac ar dhuine ar Tinder?

Tig leat tuairisc a thabhairt faoi úsáideoir ar bith ach dul isteach i bpróifíl an duine, ‘menu’ a roghnú agus ‘report’ a roghnú. Molann Tinder tuairisc a thabhairt faoi úsáideoirí sna cásanna seo a leanas:

  • Má iarrtar airgead nó tabhartais ort
  • Má bhíonn cuma ar dhuine go bhféadfadh sé nó sí a bheith níos óige ná 13 bliana d’aois
  • Úsáideoirí a sheolann teachtaireachtaí atá ciapach nó maslach
  • Úsáideoirí a bhíonn á n-iompar féin go míchuí tar éis bualadh le duine go pearsanta
  • Próifílí calaoiseacha
  • Turscar nó sirtheoireacht, amhail iarrachtaí chun táirgí nó seirbhísí a dhíol

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait faoi úsáid shábháilte Tinder, amharc ar: gotinder.com/safety