Na deich miotas sábháilteachta Idirlín is mó

Na deich miotas sábháilteachta Idirlín is mó

MeetingOnlineFriendsOffline

Seo iad na deich miotas sábháilteachta Idirlín is mó dar le taighdeoirí Pháistí an AE ar Líne.

  1. Is saineolaithe iad siúd a d’fhás aníos sa ré digiteach: Ní deir ach 36 faoin gcéad de pháistí idir 9 mbliana agus 16 bliana d’aois gur fíor go bhfuil níos eolais acusan faoin Idirlíon ná ag a dtuismitheoirí. Folaíonn an miotas sin an gá atá ag páistí le scileanna digiteacha a fhorbairt.
  2. Bíonn gach duine ag cruthú a n-ábhair féin: Léirigh an staidéar nár bhain ach páiste amháin as gach cúigear úsáid le déanaí as suíomh comhroinnte comhad nó as abhatár a chruthaigh siad féin, agus níor scríobh ach leath an méid sin blag. Baineann an chuid is mó de pháistí úsáid as an Idirlíon chun teacht ar an ábhar atá ann cheana.
  3. Ní féidir le páistí faoi bhun 13 bliana d’aois suíomhanna líonraithe shóisialta a úsáid: Cé go ndeir go leor suíomhanna (Facebook san áireamh) go gcaithfidh úsáideoirí a bheith 13 bliana d’aois nó níos sine, léiríonn an suirbhé nach bhfuil aoisteorainneacha éifeachtach – tá próifíl líonraithe shóisialta ag 38 faoin gcéad de pháistí idir 9 mbliana agus 12 bhliain d’aois. Áitíonn daoine áirithe gur cheart fáil réidh leis na haoisteorainneacha ar fad ar mhaithe le gníomh níos ionraice agus níos cosantaí a dhéanamh.
  4. Féachann gach duine ar an bpornagrafaíocht ar líne: Chonaic páiste amháin as gach seachtar íomhánna gnéis ar líne anuraidh. Fiú má thugaimid an ganntuairisciú san áireamh, tá cuid den fhreagracht as an miotas sin ar áibhéil na meán.
  5. Tá mianach an oilc i mbulaithe: Léiríonn an staidéar go bhfuil 60 faoin gcéad díobh siúd atá ina mbulaithe (ar líne nó as líne) tar éis an bhulaíocht a fhulaingt iad féin. Is minic gurb é an t-aon duine amháin é an bulaí agus an t-íospartach.
  6. Is strainséirí iad na daoine a chastar ort ar líne: Tá aithne duine le duine ag páistí ar an gcuid is mó dá dteagmhálaithe ar líne. Bhuail naoi faoin gcéad de pháistí le daoine as líne ar chuir siad aithne orthu den chéad uair ar líne – ní dheachaigh an chuid is mó acu sin ina n-aonar agus ní raibh drochthaithí ach ag aon faoin gcéad acu.
  7. Athraíonn an baol as líne go baol ar líne: Ní fíor sin i gcónaí. Cé go bhfuil sé níos dóchúla go mbeidh páistí a dhéanann rudaí priaclacha as líne níos minice i mbaol contúirte ar líne ná iad siúd nach ndéanann, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an dream nach mbíonn i mbaol as líne sin cosanta ar líne.
  8. Beidh sé ina chabhair má chuirtear an ríomhaire sa seomra suite: Tá sé chomh héasca sin do pháistí dul ar líne i dteach carad leo nó ar fhón cliste go bhfuil an chomhairle sin i bhfad as dáta. Ina ionad sin, moltar do thuismitheoirí labhairt lena bpáistí faoina nósanna Idirlín nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht éigin ar líne in éineacht leo.
  9. Is lú an baol ar líne má theagasctar na scileanna digiteacha: Dá liacht scileanna digiteacha atá ag páistí is ea is mó an seans go mbeidh siad i mbaol agus iad ag fáil taithí ar an Idirlíon. De bharr na scileanna sin, áfach, is lú an dochar a d’fhéadfadh an baol a dhéanamh dóibh.
  10. Is féidir le páistí teacht timpeall ar bhogearraí sábháilteachta: Déanta na fírinne, deir níos lú ná aon trian de pháistí idir 11 bhliain agus 16 mbliana d’aois go bhfuil siad in ann roghanna scagaire a athrú. Agus deir an chuid is mó acu gur rud úsáideach é go gcuireann a dtuismitheoirí teorainn lena ndéanann siad ar líne.
Tags: