Neamhghníomh an tSlua: Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin?

Neamhghníomh an tSlua: Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin?

Promise13

Dá bhfeicfeá fear á ionsaí ar an tsráid, an siúlfá thairis ag déanamh talamh slán de go gcabhródh duine éigin eile leis, nó an gcabhrófá féin leis?

Tagraíonn ‘neamhghníomh an tslua’ do chásanna nuair nach gcabhraítear leis an té atá i ngátar mar go nglactar leis go gcabhróidh duine éigin eile leis. Tugann an téarma le tuiscint nach mbraithimid chomh freagrach céanna agus muid i measc an tslua is a bhraithimid inár n-aonar.

Míniú ar Neamhghníomh an tSlua

[youtube id=”E34mrx1FuLI”]

Cén bhaint atá aige sin leis an saol ar líne? D’fhéadfadh an t-idirdhealú idir féachadóirí agus rannpháirtithe gníomhacha a bheith an-doiléir i gcás úsáideoirí Idirlín.

Is minic a bhíonn freagracht ar dhaoine eile de bhreis ar an duine a dhéanann ábhar dochrach a chruthú agus a phostáil ar líne.

Is féidir a mheas freisin gur iompar bulaíochta atá in ábhar a roinnt nó trácht a dhéanamh ar ábhar ar shuíomhanna líonraithe shóisialta, nó i bhfoinsí ábhair ar líne atá beartaithe chun daoine a uirísliú nó chun díobháil a dhéanamh dóibh a úsáid nó a leanúint.

Sa staidéar a rinne Robert Thornberg in 2007 aimsíodh cuid de na cúiseanna nach dtugann páistí cúnamh do dhalta eile atá in anacair.

Seo a leanas cuid de na cúiseanna nach ndearna páistí idirghabháil le daltaí eile i gcásanna bulaíochta: cheap siad nach rud suntasach nó dáiríre é nó gur gnáthrud é; bhraith siad nach mbaineann sé leo; níor theastaigh uathu tuilleadh aiféaltais a chur ar an íospartach nó go mbeadh aiféaltas orthu féin dá bharr; bhí siad faoi bhrú rudaí eile a dhéanamh; chonaic siad nach raibh aon duine eile ag cabhrú leo; agus bhraith siad nach raibh an fhreagracht sin orthu.

Léirigh staidéar a rinneadh in 2003 gur féidir le múinteoirí cur ina luí ar fhéachadóirí idirghabháil a dhéanamh nuair a fheicfidh siad iompar bulaíochta agus gur dóchúla go dtarlóidh an idirghabháil sin má tá brú an phiarghrúpa ann chuige.

Is iomaí cur chuige idirghabhála a fhéachann le hiompar an fhéachadóra féin a athrú trí aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna a bhaineann le brú piarghrúpa agus a spreagann iad chun cásanna bulaíochta a thuairisciú agus an dearcadh frithbhulaíochta a thiontú chun gnímh.

Cén chaoi a gcuirfear ina luí ar úsáideoirí óga Idirlín a bheith ina gcosantóirí seachas ina bhféachadóirí?

An rud ab fhearr a bheadh ann ná iad a spreagadh chun ról gníomhach a imirt trí shamplaí a thaispeáint dóibh atá éasca le cur i bhfeidhm.

Is féidir céimeanna simplí a ghlacadh chun an ghoimh a bhaint as scéal a d’fhéadfadh a bheith an-chorraithe.

Is féidir le daoine óga tacaíocht a thabhairt dá bpiaraí ach ábhar a mheasann siad a bheith neamhoiriúnach a mharcáil, cásanna bulaíochta a thuairisciú agus teagmháil a dhéanamh leo siúd atá i ngreim ag an mbulaíocht.

Nuair a théann féachadóir i mbun idirghabhála go héifeachtach agus go sábháilte chun tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh nó nuair a thugann sé le fios don bhulaí nach nglacfar lena iompar, is féidir go mbeidh sé sin ina ábhar inspioráide d’fhéachadóirí eile agus go laghdófar drochthoradh na bulaíochta ar an íospartach.

I dteannta scoileanna, tuismitheoirí agus earnáil na tionsclaíochta, tá ról tábhachtach le himirt ag daoine óga chun cur i gcoinne na cibearbhulaíochta.

Ní chuirfear deireadh le bulaíocht mura ndéanaimid rud éigin! Ach má dhéanann, beidh deireadh léi.

“Is fúinne go léir é na spásanna ar líne ar maith linn am a chaitheamh iontu a chruthú agus a mhúnlú.” Ruairi Quinn TD, an tAire Oideachais agus Scileanna

“Is rud maith é seasamh suas in aghaidh na bulaíochta, cibé cé acu ar líne nó san fhíorshaol é ar bhealach éifeachtach sábháilte. Níor chóir aghaidh a thabhairt go díreach ar dhuine a bhíonn ionsaitheach nó coscrach. Ní hé sin an bealach is fearr i gcónaí chun seasamh suas in aghaidh na bulaíochta. Féadfaidh tú an chibearbhulaíocht a thuairisciú leis an suíomh gréasáin, teagmháil a dhéanamh leis an íospartach chun tacú leis agus an scéal a insint do dhaoine fásta atá le trust.” Martin Callinan, Coimisinéir na nGardaí