Príobháideachas ar Facebook: na príomhphointí

Príobháideachas ar Facebook: na príomhphointí

DosDontsFacebook

Má chuardaíonn tú “Facebook and privacy issues” ar Google, gheobhaidh tú breis agus billiún amas. Tá imní an-mhór ar fad ar úsáideoirí Facebook faoina bpríobháideachas ar líne.  Tá an Coimisiún Eorpach fiú agus Coimisinéir Sonraí na Gearmáine tar éis a ladar a chur isteach sa scéal.  Tá an grúpa príobháideachais as an Ostair ar a dtugtar Europe v. Facebook ag obair le tamall chun úsáideoirí a chur ar an eolas faoi sháruithe príobháideachais ar Facebook.

Is taighdeoir sna meáin shóisialta í Danah Boyd ag Ionad Taighde Microsoft in New England agus comhalta le hIonad Berkman um an Idirlíon agus an tSochaí in Ollscoil Harvard.

“Ní hionann a bheith ag iarraidh príobháideachais agus ag iarraidh rud éigin a cheilt. Is ceist smachta é a bheith in ann a rá cé a fheicfidh do chuid faisnéise agus cén comhthéacs ina bhfeicfidh siad í. Minic go leor, ní bhaineann an príobháideachas leis an gceilt ach le spás a chruthú chun eolas a roinnt. Tá cúiseanna maithe ann le bheith rannpháirteach sa phobal, mar a bhí riamh. Ach ní hionann a bheith ag iarraidh a bheith i measc an phobail agus a bheith ag iarraidh smacht a chailleadh.”

Formhór na ndaoine a úsáideann suíomhanna dála Facebook, tá siad ag iarraidh coinneáil i dteagmháil le daoine ar a bhfuil aithne acu. Tá siad ag iarraidh go mbeidh a gcairde in ann iad a aimsiú. Chuige sin, tá siad sásta cuid dá bhfaisnéis phearsanta a chur ar fáil go poiblí. Ach tá siad ag iarraidh cuid eile a choinneáil príobháideach. Is dócha nach dteastaíonn uathu go mbeadh a gcomhghleacaithe in ann breathnú ar phictiúir díobh ar an trá.

Ar an drochuair, tá sé deacair na socruithe a chur in oiriúint sa chaoi go mbeidh tú le feiceáil ag daoine áirithe ach ní ag daoine eile ach sin díreach an rud a chaithfidh tú a bheith sciliúil air. Caithfidh tú é a dhéanamh go rialta freisin mar bíonn Facebook ag nuashonrú a chuid socruithe príobháideachais chomh minic sin.

An bhfuil príobháideachas ag daoine óga ar Facebook?

FacebookScreenCrop1

Glacann Facebook le húsáideoirí atá 13 bliana d’aois nó os a chionn.  Tugtar “mionaoisigh” orthu siúd atá idir 13 bliana agus 18 mbliana d’aois agus cuirtear an socrú “Cairde amháin” i bhfeidhm ar chuntais na n-úsáideoirí sin de réir réamhshocrú.  Ach níl aon bhealach ann le deimhniú go bhfuil an dáta breithe a chuireann páiste isteach chun clárú ann fíor nó bréagach. Dá dheasca sin, ní féidir a chinntiú nach gcláróidh páiste mar dhuine fásta a mbeadh cuntas “Poiblí” aige de réir réamhshocrú.

Miotas an Phríobháideachais

Tá miotas ann gur cuma le daoine óga má tá a bhfaisnéis phearsanta uile á roinnt go poiblí. Deirtear go bhfuil siad ag fás aníos i saol atá lomlán leis an teilifís réaltachta, le cultúr na gceiliúrán agus le hábhar gréasáin atá curtha i dtoll a chéile ag úsáideoirí iad féin agus nach bhfuil coinne acu mar sin ach le saol poiblí a chaitheamh.

Dar le Sonia Livingstone, saineolaí san úsáid a bhaineann páistí as na meáin,

“Má dhéanaimid rómheas ar scileanna na ndaoine óga, seans nach dtuigfimid a gcleachtais i gceart. Fógraíodh de bhéic i gceannlíne cúpla bliain ó shin, ‘Ógánaigh na linne seo. Níl aon náire orthu. Níl a fhios acu céard is príobháideachas ann’. Freagra a bhí ansin ar thorthaí suirbhéanna a léiríonn go bhfuil próifíl líonraithe shóisialta chuid mhór acu socraithe mar ‘Phoiblí’. Ach d’aimsigh mise arís agus arís eile, agus mé i mo shuí in éineacht le déagóirí os comhair an ríomhaire ag breathnú ar a bpróifílí, gur ceist scileanna seachas luachanna atá ann.”

Lena chur i bhfocail eile, níl a ndearcadh ar an bpríobháideachas éagsúil ónár gceann-na. Is é an fhadhb i ndáiríre nach dtuigeann siad uile cén chaoi na socruithe príobháideachais a chur in oiriúint, a athrú, a dhíghníomhachtú nó cén chaoi diúltú dóibh. Is éard atá ag tarlú i ndáiríre nach léann ach fíorbheagán páistí na Téarmaí agus Coinníollacha a ghabhann le suíomhanna ar nós Facebook agus nach dtuigeann ach cuid acu cén chaoi na socruithe casta príobháideachais uile, agus tá neart acu ann, a chur i bhfeidhm. Nuair a dhéanaimid cinneadh faoi bheith ag roinnt ár bhfaisnéis phearsanta, déanaimid anailís ar an gcothromaíocht idir riosca agus tairbhe mar shlat tomhais.  Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh smacht againn ar chúrsaí ach ní mór na deiseanna a ghabhfadh le cairde nua a dhéanamh, mar shampla, nó le taithí nua a fháil de bharr faisnéis a roinnt go poiblí, a chur sa mheá freisin. Baineann daoine éagsúla leas as cothromóidí éagsúla ag brath ar a gcúinsí saoil.

Bíonn daoine óga ar thóir eachtraíochta agus cairdis. Díríonn siad ar an tairbhe uile atá le baint acu as a bheith sa spás poiblí. Bíonn daoine fásta, a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu thar na blianta, ag cuimhneamh ar a bhfuil le cailleadh acu ann.

Ag múineadh do dhaoine óga cén chaoi an líonrú sóisialta a dhéanamh ar bhealach níos sábháilte

Acmhainn teagaisc agus foghlama é
Be Safe Be Webwise a ceapadh chun cúnamh a thabhairt do dhaltaí iar-bhunscoile a bheith níos sábháilte agus níos freagraí agus iad i mbun an líonraithe shóisialta.

Ceapadh ThinkB4UClick go speisialta do mhúinteoirí OSSP an Teastais Shóisearaigh ar mian leo plé a dhéanamh ar phríobháideachas ar líne ó thaobh cearta agus freagrachtaí ar líne de.