Treoir: Comhairle do Thuismitheoirí faoin Líonrú Sóisialta

Treoir: Comhairle do Thuismitheoirí faoin Líonrú Sóisialta

social-networking

Labhair le do pháiste: sin an straitéis is fearr le haghaidh sábháilteacht ar líne.

Cuid lárnach de shaol pháistí an lae inniu é an domhan digiteach – is ann atá siad ag fás aníos agus tá an teicneolaíocht de dhlúth agus d’inneach i ngach gné de.

Is dual duit mar thuismitheoir do pháistí a choinneáil slán.

Tugann tuismitheoirí treoir agus tacaíocht dá bpáistí i ngach céim dá bhforbairt phearsanta, bídís ag foghlaim cén chaoi dul trasna an bhóthair, dul ar rothar nó dul ag snámh. Níl puinn difríochta sa domhan digiteach.

Is é an straitéis is fearr le haghaidh sábháilteacht ar líne, cuma cén aois é an t-úsáideoir nó cén teicneolaíocht atá i gceist, ná bheith ag labhairt le do pháistí agus páirt a ghlacadh san úsáid a bhaineann siad as an Idirlíon.

Cuimhnigh, má cheapann do pháistí go gcuirfidh tú cosc orthu an tIdirlíon a úsáid nuair a bhíonn deacracht acu ann, is lú i bhfad an seans go labhróidh siad leat faoina bhfuil ar siúl acu ar líne!

Céard iad na príomhcheisteanna ba cheart do thuismitheoir a bheith ar an eolas fúthu?

TwitterLongSmall1

Seo a leanas cuid de na príomhcheisteanna ba cheart a bheith ar an eolas fúthu agus do pháistí ag úsáid seirbhísí líonraithe shóisialta (bídís bunaithe ar chomhrá, ar cheamara gréasáin nó ar théacs):

Bheith ró-óg leis an suíomh a úsáid agus le déileáil lena bhfuil ann, idir iompar agus ábhar ar líne:

Caithfidh úsáideoir a bheith 13 bliana d’aois nó níos sine le Téarmaí & Coinníollacha Facebook a chomhlíonadh.

“Mionaoisigh” a thugann Facebook ar úsáideoirí atá idir 13 bliana agus 18 mbliana d’aois agus  déantar próifíl an mhionaoisigh a réamhshocrú sa chaoi nach roinnfear a bhfuil ann ach le “Cairde Amháin”.

Meastar áfach go bhfuil breis agus 5 mhilliún úsáideoir Facebook ann atá faoi bhun 11 bhliain d’aois. Is léir mar sin go mbíonn páistí óga ag tabhairt eolas bréige maidir lena ndáta breithe chun próifíl a chruthú.

Tá an baol ann go mbeidh ábhar agus iompar nach bhfuil oiriúnach ach do dhaoine fásta á fheiceáil nó á léamh acu nó go mbeidh siad páirteach ann.

Tá an baol ann go mbeidh daoine fásta nach bhfuil aithne agat féin orthu in ann teagmháil a dhéanamh leo.

Spreag do pháistí chun úsáid a bhaint as suíomhanna atá oiriúnach dá n-aois agus astu sin amháin.

Tá suíomhanna líonraithe shóisialta ann atá ceaptha do pháistí faoi bhun 13 bliana d’aois agus déantar maoirseacht orthu chun a chinntiú go n-oireann an t-ábhar agus an t-iompar don aoisghrúpa sin.

Ba cheart duit do pháistí a spreagadh chun úsáid a bhaint as suíomhanna atá oiriúnach dá n-aois agus astu sin amháin agus chun an fhírinne a insint i gcónaí nuair a chláraíonn siad ar shuíomh líonraithe shóisialta.

Bheith in ann socruithe casta príobháideachais agus slándála a thuiscint agus a chur i bhfeidhm:

Fiú má tá do pháiste níos sine ná 13 bliana, is féidir gur deacair dóibh, mar aon le go leor daoine fásta, máistreacht a fháil ar na socruithe casta príobháideachais agus slándála uile atá ag Facebook agus ag suíomhanna eile dá leithéid.

Tá breis agus 50 socrú príobháideachais le cur in oiriúint agus beidh ort aird faoi leith a dhíriú, b’fhéidir, ar na nithe seo a leanas le do pháistí agus cabhrú leo iad a dhéanamh:

  • Diúltú don chlibeáil grianghraf
  • Diúltú don aghaidh-aithint
  • Diúltú don gheoshuíomh agus don tseiceáil isteach in áiteanna ag daoine eile
  • Gach aip cluichí a chur in oiriúint sa chaoi nach mbeidh faisnéis phearsanta an pháiste (ná d’fhaisnéis phearsanta féin) poiblí.

Spreag do pháiste chun a bheith cúramach agus faisnéis phearsanta á nochtadh ar líne.

Tá sé ríthábhachtach fios a bheith agat cén uair agus cén áit a bhfuil sé ceart go leor faisnéis phearsanta a nochtadh, go háirithe ar shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Riail shimplí a d’fhéadfá a chur i bhfeidhm nár chóir do do pháistí aon eolas nó grianghraf a roinnt ar líne nach mbeidís ag iarraidh a thabhairt do strainséir ar an tsráid.

An iomarca faisnéis phearsanta a nochtadh

Ceann de na hábhair is mó imní a bhaineann leis na teicneolaíochtaí ar líne inniu ná bheith ag nochtadh an iomarca faisnéis phearsanta.

Tá an baol ann dá dheasca gur mó an seans go ndéanfar ciapadh nó cibearbhulaíocht ar pháistí, go ndéanfar teagmháil neamhchuí leo ar líne, go bhfaighfear amach cá bhfuil siad díreach anois nó cá bhfuil cónaí orthu agus go ngoidfear a n-aitheantas.

Bíonn luí ag daoine fásta freisin an iomarca eolais a roinnt.  Tharla sé uair gur chuir bean chéile príomhoifigigh de cheann de na Seirbhísí Faisnéise sa Ríocht Aontaithe a seoladh baile agus grianghraif den teaghlach suas ar a leathanach Facebook.

Ní haon ionadh mar sin go gcaithfidh tú an  “príobháideachas”  a phlé le do pháistí go minic.

Bheith ag caitheamh go míchúramach nó go dímheasúil le príobháideachas daoine eile:

Ceist thábhachtach eile is ea go múinfidh tú do do pháistí cén chaoi le meas a léiriú i leith príobháideachas daoine eile. Tá ceart chun príobháideachais ag do pháistí, ach tá freagracht orthu gan príobháideachas daoine eile a chur i gcontúirt nuair a bhíonn siad ag comhrá nó ag postáil grianghraf ar líne.

Ba cheart dóibh a bheith aireach freisin ar a bhfuil le tuiscint as an méid a gcuireann nó a ndéanann siad ar líne maidir le daoine eile.

Is féidir gur sárú príobháideachais é má dhéantar clibeáil ar dhaoine eile i ngrianghraf gan cead a fháil uathu nó má dhéantar iad a ‘sheiceáil isteach’ in áit faoi leith ag am faoi leith.

Ní foláir go dtuigfidh gach páiste nach bhfuil sé inghlactha riamh aitheantas duine eile a ‘thabhairt ar iasacht’ ar líne chun próifíl bhréige a chruthú nó pasfhocal páiste eile a úsáid le dul ar líne. Tá sé fíorthábhachtach cúrsaí slándála  pasfhocail a mhúineadh do do pháiste.

‘Cairdeas’ le strainséirí:

Is minic agus is rómhinic a chreideann páistí go bhfaighidh siad gnaoi na ndaltaí eile má tá go leor ‘cairde’ ar líne acu.

Is féidir dá dheasca sin go mbeidh páistí agus daoine óga faoi bhrú glacadh le cuirí chun cairdis, nó iad a lorg, ó dhaoine nach bhfuil aithne acu orthu go fírinneach.

Caithfidh tú a thaispeáint do do pháistí cén chaoi le socruithe príobháideachais agus slándála an tsuímh líonraithe shóisialta a chur i bhfeidhm agus meabhrú dóibh athbhreithniú a dhéanamh go minic orthu sin agus ar a liosta ‘cairde’.

Bheith míchineálta, gránna nó maslach le daoine eile:

Déanann roinnt daoine óga cibearbhulaíocht agus ciapadh ar dhaoine eile ar líne toisc nach bhfuil daoine fásta ann le maoirseacht a dhéanamh orthu agus go gcreideann siad go bhfuil siad anaithnid ar líne.

Is éard is cibearbhulaíocht  ann úsáid na teicneolaíochta chun dochar a dhéanamh do dhaoine eile, iad a chur trína chéile, a chiapadh nó aiféaltas a chur orthu.

Chomh maith leis sin, i seirbhísí nach ndéantar maoirseacht orthu, téann an chaint ar strae uaireanta ar ábhar nach bhfuil oiriúnach nó a mhaslaíonn daoine eile.

Spreag meas ar dhaoine eile. Mar atá sa ghnáthshaol, is ann do rialacha neamhfhoirmiúla eiticiúla maidir leis an gcaoi ar cheart caitheamh le daoine eile ar an Idirlíon. Ina measc, is cóir a bheith dea-mhúinte, an drochbhéal a sheachaint agus gan a bheith ag ciapadh daoine.

Bí cinnte go dtuigfidh do pháistí go bhfuil sé níos éasca bulaí a aimsiú ar líne ná as líne, in ainneoin a gcreidtear dá mhalairt.

Anuas air sin, mar gheall ar an gcód cleachtais a ghlac Soláthróirí Seirbhíse Idirlín agus oibritheoirí fón póca, ceanglaítear orthu fios a chur ar na Gardaí nuair a dhéantar gníomhaíocht mhídhleathach a thuairisciú leo.

Teagmháil le strainséirí

Cloisimid go leor scéalta sna meáin maidir le strainséirí a bheith ag déanamh teagmhála le páistí agus le daoine óga i seirbhísí comhrá. Tarlaíonn sé sin, cinnte.

Is é an rud is contúirtí nuair a dhéanann páiste nó duine óg cinneadh bualadh le strainséir nach bhfuil aithne acu air ach ar líne.

Aimsíodh freisin go bhfuil an comhrá ar líne bainteach leis an mealltóireacht: sin téarma a chuireann síos ar dhuine a bheith ag déanamh cairdis le páiste ar líne agus ag imirt tionchar air d’fhonn drochúsáid ghnéasach a thabhairt don pháiste.

Is eol dúinn go bhfuil péidifiligh tar éis úsáid a bhaint as seirbhísí comhrá roimhe seo, á ligean orthu go minic gur páistí iad féin, chun ábhar íospartaigh a mhealladh chun cainte leo.

Baineann siad leas as réimse teicnící le go gcuirfidh an duine óg iontaoibh agus muinín iontu – thar thréimhse roinnt míonna, uaireanta – á ullmhú chun bualadh leo faoi dheireadh.

Faoi mar a mhéadaíonn ar an iontaoibh, b’fhéidir go n-iarrfaidh an péidifileach ar an duine óg íomhánna mígheanasacha a sheoladh nó gníomhartha gnéis a dhéanamh tríd an gceamara gréasáin, á n-úsáid níos déanaí chun dúmhál a dhéanamh ar an duine óg agus é a choinneáil faoi smacht.

Cé gur fíor agus gur scanrúil an baol í an mhealltóireacht (agus rud a tharraingíonn aird na meán go mion minic), cuimhnigh go léiríonn an taighde gur dóchúla go dtabharfaidh duine de lucht aitheantais an pháiste drochúsáid dó (ball teaghlaigh, cara leis an teaghlach nó duine ag a bhfuil post muiníne) seachas strainséir.

Leideanna do Thuismitheoirí

FacebookScreenCrop1
Déan plé le do pháistí faoin ngá atá leis an bpríobháideachas agus ar an gcaoi ar cheart meas a léiriú i leith príobháideachas daoine eile.

Bíodh a fhios agat cén úsáid a bhaineann do pháistí as an Idirlíon. D’fhonn treoir a thabhairt do do pháistí i dtaobh na húsáide a bhaineann siad as an Idirlíon, tá sé tábhachtach an tslí a n-úsáideann siad é agus gach ar mhaith leo a dhéanamh ann a thuiscint.

Lig do do pháistí na suíomhanna gréasáin is maith leo cuairt a thabhairt orthu agus na nithe is maith leo a dhéanamh ann a thaispeáint duit. Tuige nach gcláróidh tú féin leis na suíomhanna sin le go dtiocfaidh tú i dtaithí ar an gcaoi a n-oibríonn siad agus an úsáid is féidir a bhaint astu?

Má fhaigheann tú féin eolas ar Bheartas Príobháideachais agus Téarmaí & Coinníollacha an tsuímh agus ar an gcaoi ar féidir feidhmeanna blocála agus tuairiscithe an tsuímh a úsáid, beidh tú in ann iad sin a thaispeáint do do pháistí.

Ar an dea-uair, is ionann, nach mór, an úsáid a bhaineadh na glúine roimhe seo as an teileafón agus an úsáid a bhaineann go leor páistí agus daoine óga inniu as na seirbhísí Idirlín seo – níl iontu ach bealach le coinneáil i dteagmháil le cairde agus pleananna sóisialta a dhéanamh agus, mar sin, gnáthchuid dá saol laethúil.

Is cuid den saol an tIdirlíon anois. Dá mhinice a bhainimid úsáid as, is ea is fearr a thuigfimid cén chaoi é a úsáid go sábháilte.

Naisc Idirlín úsáideacha: