Treoir do Thuismitheoirí i dtaobh Scagadh Idirlín

Treoir do Thuismitheoirí i dtaobh Scagadh Idirlín

Tá ábhar ar an Idirlíon arbh fhearr le tuismitheoirí é a cheilt óna bpáiste. In ainneoin na tuairime a d’fhéadfadh a bheith agat, is minic a thagann páistí ar ábhar míchuí de thimpiste nuair a bhíonn siad ag cuardach rud éigin eile.

Is beag rialachán atá ar an Idirlíon. Idir mhangairí camscéime neamhscrupallacha agus sholáthróirí íomhánna pornagrafacha, is féidir le daoine a rogha ruda a phostáil de bharr neamhainmníocht an Ghréasáin.

Mar thoradh air seo, níl Idirlíon atá go hiomlán oscailte sábháilte do pháistí.

Ach tá réitigh ar an bhfadhb, agus tá an scagadh i measc na gceann is fearr.

Cad is Scagadh ann?

I measc nithe eile, clár ríomhaireachta is ea bogearraí scagtha go príomha a chuireann bac ar an rochtain ar shuíomhanna gréasáin áirithe.

Féadtar é a shuiteáil go furasta ar do ríomhaire baile agus cinnteoidh sé nach mbeidh do pháiste ábalta amharc ar bhunús an ábhair neamhoiriúnaigh.

Ní éiríonn 100 faoin gcéad le scagadh – sleamhnóidh rudaí áirithe tríd an eangach – ach cuideoidh sé leat do pháiste a choimeád sábháilte ar líne sa bhaile.

Ligeann roinnt bogearraí scagtha duit teorainn a chur leis an méid ama a chaitear ar líne agus liostaí teagmhálaithe do pháiste ar shuíomhanna gréasáin an líonraithe shóisialta a bhainistiú.

Seo a leanas cuid de na príomhthairbhí a bhaineann le scagadh:

  • Tugann sé rialú iomlán duitse – seachas do do pháiste – ar an ríomhaire.
  • Cuireann sé bac ar ábhar míchuí ó theacht aníos ar scáileán an ríomhaire.
  • Cuireann sé liosta de na suíomhanna gréasáin a dtugann do pháiste cuairt orthu i dtaifead, ionas go mbeidh tú in ann a chinneadh má tá siad oiriúnach nó neamhoiriúnach.
  • Laghdaíonn sé baol na víreas ríomhaireachta trí shrian a chur leis na suíomhanna gréasáin is féidir le do pháistí a fheiceáil.
  • Cosnaíonn sé faisnéis phearsanta ar an ríomhaire.
  • Cuireann sé bac ar fheidhmchláir (ríomhchláir) agus ar chomhroinnt comhad.

 

Cé na Bogearraí atá ar Fáil domsa?

Is iomaí rogha dhifriúil atá ann i gcás bogearraí maithe a fháil.

Cuimhnigh gur tusa, an tuismitheoir, an scagaire is fearr dá bhfuil ann.

Má dhéanann tú maoirseacht mhaith, déanfaidh tú cinnte nach bhfeicfidh do pháiste rud éigin nár cheart dó/di a fheiceáil.

In éineacht leis an maoirseacht, tá scagairí difriúla ionsuite ar gach ríomhaire freisin. Mar shampla, má tá ríomhaire Windows agat tá Live Family Safety ar fáil ag Microsoft. Ríomhchlár saor in aisce é seo.

Cuireann sé ar do chumas bac a chur ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin neamhoiriúnacha. Anuas air sin, ligeann sé duit monatóireacht a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an Idirlíon ar na ríomhairí ar shuiteáil tú an ríomhchlár orthu.

Tá trí chuid i gceist le Live Family Safety:

Scagaire sábháilteacht teaghlaigh – Bogearraí a shuiteálann agus a chumraíonn tú ar gach ríomhaire a mbaineann do pháiste úsáid astu. Déanann sé monatóireacht ar an úsáid a bhaintear as an Idirlíon de réir na socruithe sábháilteachta a roghnaíonn tú.

Suíomh gréasáin um shábháilteacht teaghlaigh – Is féidir leat an uile shocrú a roghnú agus a bhainistiú anseo le haghaidh gach duine sa teaghlach agus amharc ar thuairiscí gníomhaíochta. Tig leat socruithe a chruthú ar an suíomh gréasáin freisin a mbeidh feidhm acu ar gach ríomhaire inar shuiteáil tú an scagaire sábháilteacht teaghlaigh.

Rialúcháin tuismitheoirí Windows – Féadfaidh tú leas a bhaint as na rialúcháin tuismitheoirí chun tuilleadh socruithe sábháilteachta a shuiteáil i gcomhair ríomhairí do pháistí.

Cliceáil anseo más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi shuiteáil rialúcháin tuismitheoirí Windows agus sábháilteacht teaghlaigh.

Dea-shamplaí eile de bhogearraí iad Cyber Sitter, Pure Sight PC, Cyber Patrol agus Net Nanny.

Tuilleadh Faisnéise:

[pdf:https://www.webwise.ie/pdfs/A Parents’ Guide to Filtering.pdf]

Tugtar comhairle den scoth i sraith Get With IT! maidir le scagadh chun do chóras scagtha a shuiteáil.

Chuir Ionad Taighde na Sochaí, na Faisnéise agus na Meán in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é le chéile do Bhord Comhairleach an Idirlín (Internet Advisory Board). Do thuismitheoirí go sonrach é agus féadtar é a íoslódáil anseo.

Tugtar i bhfad níos mó faisnéise ann faoi conas scagadh a shuiteáil, mar aon le tuilleadh faisnéis chúlra.