Treoir maidir le Teorainneacha Aoise Facebook

Treoir maidir le Teorainneacha Aoise Facebook

FacebookDPCAudit

Cé atá ró-óg le Facebook a úsáid?

Ní cheadaíonn Facebook do pháistí atá faoi bhun 13 bliana d’aois clárú ar an suíomh. Ní hé go bhfuil imní orthu go dtiocfaidh páistí ar ábhar pornagrafach nó go ndéanfar bulaíocht nó mealltóireacht idirlín orthu. Is éard is cúis leis gur pian mhór riaracháin a bheadh ann cloí leis na rialacháin cosanta sonraí uile dá gceadóidís é. Ní fhéadfaidh Facebook faisnéis phearsanta páiste a bhailiú ná a stóráil.

Cosaint Sonraí agus Facebook

Tá ar gach suíomh gréasáin cead tuismitheora a fháil sula mbaileoidh siad faisnéis phearsanta ó pháistí. 13 bliana an aoisteorainn sna Stáit Aontaithe, 14 bliana sa Spáinn, agus in Éirinn ní shainítear aois faoi leith; braitheann sé ina ionad sin ar rud a dtugtar ‘toiliú feasach’ air.

Céard is ‘toiliú feasach’ ann?

FacebookScreenCrop1

Is éard is brí le toiliú feasach ná más rud é go dtuigeann páistí cé lena aghaidh a úsáidfear a gcuid faisnéise pearsanta agus cé aige a mbeidh teacht uirthi, féadfaidh siad féin toiliú lena bailiú. Tá roinnt ceisteanna ag gabháil leis sin agus is tusa, mar thuismitheoir, an duine is fearr a fhreagróidh iad:

  • An dtuigeann do pháiste Leideanna Slándála Facebook?
  • An bhfuil do pháiste in ann na socruithe slándála a chur i bhfeidhm?
  • An dtuigeann do pháiste céard atá i gceist le ‘faisnéis phearsanta’?
  • An bhfuil a fhios ag do pháiste cén chaoi le faisnéis phearsanta a chosaint ar líne?
  • An dtuigeann do pháiste cén chaoi na socruithe príobháideachais a chur i bhfeidhm?
  • An dtuigeann do pháiste Téarmaí agus Coinníollacha an tsuímh?
  • An bhfuil do pháiste in inmhe a bheith ag cur aithne ar dhaoine ar líne nach bhfuil aithne agat féin orthu?
  • An bhfuil do pháiste in inmhe dul i mbun idirghníomhaíochtaí casta sóisialta an tsaoil mar atá? An bhfuil do pháiste in inmhe dul ina mbun ar líne, gan leideanna amhairc, comharthaíocht choirp ná tuin chainte mar chabhair?
  • An bhfuil Comhairle do Thuismitheoirí le hIonad Sábháilteachta Teaghlaigh Facebook léite agat?

Cead Tuismitheora

Cén chaoi a bhféadfaidh páiste déileáil leis an gcineál sin idirghníomhaíochta agus idirbheartaíochta casta sóisialta?

Is casta an rud é cead tuismitheora a fháil ar líne. Is féidir le tuismitheoir cead a thabhairt ach foirm a shíniú agus a chur sa phost, uimhir chárta creidmheasa a thabhairt agus a dheimhniú, glaoch a chur ar uimhir shaorghlao agus labhairt leis an bhfoireann oilte ann, nó ríomhphost a sheoladh ina bhfuil PIN nó pasfhocal arna fháil trí cheann de na modhanna bailíochtaithe thuas.

Céard é fírinne an scéil?

Tá go leor páistí in Éirinn ag briseadh na rialacha sin ar shuíomhanna líonraithe shóisialta dála Facebook. Dar le taighde de chuid Pháistí an AE ar Líne, tá suíomhanna líonraithe shóisialta á n-úsáid ag duine amháin as gach cúigear atá 9 mbliana nó 10 mbliana d’aois, agus ag leath díobh siúd atá 11 bhliain nó 12 bhliain d’aois.

Is í an tOllamh Sonia Livingstone as Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londan a dhíríonn an tionscadal Páistí an AE ar Líne. Dúirt sí:

“Tá sé soiléir go bhfuil páistí ag dul i dtreo Facebook – is é sin an suíomh is mó úsáid anois é i 17 gcinn de na 25 tír ina ndearnamar suirbhé. Déanann go leor soláthraithe iarracht aoisteorainn úsáide, 13 bliana nó níos sine, a chur i bhfeidhm ach is léir dúinn nach bhfuil ag éirí leo.”

Ar chóir dúinn deireadh a chur leis an aoisteorainn?

Dá gcuirfí deireadh le haoisteorainneacha, d’fhéadfadh méadú mór teacht ar an líon daoine a úsáideann na suíomhanna

Dar le moltaí beartais a rinne roinnt socheolaithe le déanaí, is féidir gurb é an bealach is éifeachtaí sábháilteacht páistí a fheabhsú ar líne ná deireadh a chur le haoisteorainneacha ar shuíomhanna líonraithe shóisialta. Áitíonn siad gurb é tionchar na rialachán atá ann faoi láthair go dtugann sé ar pháistí líonrú sóisialta a dhéanamh faoi rún.

Deir Elisabeth Staksrud as Ollscoil Osló:

“Ós minic a insíonn páistí bréag faoina n-aois le dul isteach i suíomhanna ‘coiscthe’, ba phraiticiúla na húsáideoirí óga sin a aithint agus bearta cosanta furasta le húsáid a dhíriú orthu. Dá gcuirfí deireadh le haoisteorainneacha, áfach, glacaimid leis go bhféadfadh méadú mór teacht ar an líon daoine a úsáideann na suíomhanna.”

Dúirt Mark Zuckerberg in agallamh leis ar an 20 Bealtaine 2011 gur mhaith leis timpeallacht líonraithe shóisialta atá sábháilte agus oideachasúil a chruthú le haghaidh páistí atá faoi bhun 13 bliana d’aois. Ach tharraing sé siar ón méid sin píosa nuair a chuir brústocairí agus polaiteoirí i Meiriceá ina éadan ag iarraidh ar Facebook tuilleadh a dhéanamh chun cosc a chur ar pháistí clárú ann. Ag labhairt dó ag an bhfóram e-G8 i bPáras, dúirt Zuckerberg,

“Is deacair le daoine faoi bhun 13 bliana d’aois úsáid a bhaint as Facebook i bhfianaise na rialachán atá ann faoi láthair… Amach anseo, ba chiallmhar an rud é díriú ar an gceist sin. Bheadh orainn smaoineamh ar go leor bealaí chun iad a choinneáil sábháilte. Tá sé sin ríthábhachtach. Ach ní hí an chloch is mó ar ár bpaidrín é faoi láthair.”

Páiste ag Gabháil gan Stad don Tuismitheoir

Níl aon socruithe príobháideachais ná sábháilteachta ann i ndáiríre a ullmhóidh páiste atá 9 nó 10 mbliana d’aois le haghaidh na gcineálacha idirghníomhaíochta sóisialta a aimseoidh siad ar na suíomhanna seo.

Tugann roinnt tuismitheoirí cead dá bpáistí clárú ar Facebook agus cabhraíonn siad leo a gcuntais a chruthú. Measann siad gur bréag dhíomhaoin í eolas bréige aoise a chur isteach san fhoirm chláraithe nach mór a dhéanamh le go mbeidh a bpáistí in ann páirt a ghlacadh sa saol digiteach.

“Tá cónaí ar mo dheirfiúr san Astráil agus tagann sí anall ar cuairt orainn gach cúpla bliain. Tá na páistí an-mhór léi agus spreagaimid iad coinneáil i dteagmháil léi. Úsáideann siad Facebook chun comhrá a dhéanamh agus grianghraif a roinnt; táimid inár gcairde leo ar an suíomh agus in ann breathnú ar gach a ndéanann siad. Is iontach an áis dúinne í.”

Is ag tuismitheoirí is fearr atá a fhios cé acu an bhfuil a bpáistí in inmhe a bhfuil i gceist leis an líonrú sóisialta a thuiscint nó nach bhfuil.  D’fhéadfadh tuismitheoirí na buntáistí agus na míbhuntáistí a mheas iad féin, ach d’fhéadfaidís géilleadh freisin dá bpáistí bheith ag gabháil gan stad dóibh.

“D’inis sí dom chuile lá beo gurbh í an t-aon duine amháin ina rang í nach raibh ar Facebook. Ghéill mé di faoi dheireadh; ní hé go raibh imní orm go bhfágfaí ar lár í ach bhí a fhios agam go gcruthódh sí cuntas ar aon nós, bíodh cead aici nó ná bíodh. Tá sé éasca di dul ar Facebook i ngan fhios dom ar a fón póca nó tigh cairde léi. Mheas mé gurbh fhearr cabhrú léi a leathanach a chruthú agus í a chur le mo cheannsa mar chara le go bhféadfainn súil a choinneáil ar a ndéanann sí ann.”

Céard faoin mBailíochtú Aoise?

Ní féidir leis an teicneolaíocht atá ann faoi láthair aois duine a bhailíochtú. Is cosúil gur mhaith le Mark Zuckerberg go mbainfeadh páistí úsáid as Facebook, ach níl sé ag iarraidh déileáil leis na deacrachtaí a bhainfeadh lena gcosaint ar líne. Is deacair do shuíomhanna dála Facebook glacadh le húsáideoirí óga mar gheall ar na rialacháin cosanta sonraí atá ann. Mar sin féin, creideann roinnt tuismitheoirí gur cineál tearmainn é Facebook atá saor ón bpornagrafaíocht agus ón ngáirsiúlacht atá le haimsiú go héasca ar an gcuid eile den Idirlíon agus bíonn siad ag spreagadh a bpáistí clárú leis an suíomh, fiú má chaithfidh siad eolas bréige a thabhairt. Tá tuismitheoirí eile ann nach bhfuil ag iarraidh go mbeadh a bpáistí ar Facebook ach a thuigeann nach bhfuil neart acu air i ndáiríre.

Céard atá i ndán dúinn?

Tá Facebook ceaptha do dhá aoisghrúpa faoi láthair: mionaoisigh (13 bliana – 18 mbliana) agus daoine fásta. Tá go leor socruithe príobháideachais agus sábháilteachta curtha i bhfeidhm acu a chabhraíonn leo na mionaoisigh a úsáideann an suíomh a chosaint. Ní ar pháistí a bhíothas ag cuimhneamh nuair a ceapadh na socruithe sábháilteachta sin, ach an bhféadfaí feidhm a bhaint astu dá n-athrófaí na rialacháin cosanta sonraí?

Ar chóir dúinn leagan de Facebook a iarraidh atá sábháilte le húsáid ag páistí?

Ba dheas an rud é leagan de Facebook a bheadh sábháilte le húsáid ag páistí, ach níl aon socruithe príobháideachais ná sábháilteachta ann i ndáiríre a ullmhóidh páiste atá 9 nó 10 mbliana d’aois le haghaidh na gcineálacha idirghníomhaíochta sóisialta a aimseoidh siad ar na suíomhanna seo. Níl máistreacht ag daoine fásta fiú ar an ngrá, ar an ngrúpdhinimic nó ar an gcaibidlíocht stádais atá uile fíorchasta i gcónaí. Cén chaoi a bhféadfaidh páiste déileáil leis an gcineál sin idirghníomhaíochta agus idirbheartaíochta casta sóisialta? Is iomaí duine fásta a d’fhág an suíomh cheana féin agus a scrios a chuntas mar gheall ar an líonrú sóisialta a bheith ró-achrannach agus ag tógáil an iomarca ama.

Beidh tuismitheoirí ag iarraidh a bpáistí atá 9 nó 10 mbliana d’aois a chosaint ar an gcineál brú sin go dtí go mbeidh na bunscileanna sóisialta acu a theastaíonn chun déileáil leis na cúrsaí sin san fhíorshaol, gan trácht a dhéanamh ar dhéileáil leo ar líne.  Is cás le tuismitheoirí freisin sláinte agus folláine a bpáistí.  Léiríonn staidéir go gcaithfidh páistí an lae inniu níos mo aclaíochta a dhéanamh. An é atá uainn i ndáiríre iad a chur i dtreo Facebook nuair a chaitheann siad an oiread sin ama cheana féin ar an ríomhaire, ag imirt cluichí ar PlayStation, ag breathnú ar an teilifís nó ar fhíseáin áiféiseacha ar YouTube de thorthaí atá in ann labhairt?

Ar chóir dúinn athrú rialachán a iarraidh?

Rogha eile b’fhéidir ná a bheith níos solúbtha agus muid ag smaoineamh ar an rud is cead tuismitheora ann i gcomhthéacs páistí a bheith ag clárú ar shuíomh líonraithe shóisialta. Más maith le tuismitheoir go gcláróidh a bpáistí ar Facebook agus má tá an tuismitheoir ullamh chun a bheith páirteach go gníomhach sa ghné sin dá saol, b’fhearr sin ná mar atá cúrsaí faoi láthair. Tá ceisteanna ann fós, ar ndóigh, maidir leis an ngaol idir tuismitheoir agus páiste a bhailíochtú ar an suíomh, rud a thugann ann do dhúshlán teicniúil eile. Fiú sa chás sin, beidh ar gach tuismitheoir cinneadh deacair a dhéanamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil a p(h)áiste in inmhe bheith ag déileáil le castacht an tsaoil ar líne agus leis an seans go dtiocfaidh siad ar ábhar agus ar iompar nach bhfuil oiriúnach ach do dhaoine fásta.

An bhfuil mo pháiste aibí go leor le Facebook a úsáid?

B’fhéidir go bhféadfaimis comparáid a dhéanamh anseo. An bhfuil do pháiste aibí go leor le dul isteach go lár na cathrach as féin ar bhus nó ar thraein istoíche ag an deireadh seachtaine? Mura bhfuil, níl sé in inmhe a bheith ar Facebook.