Tuismitheoirí: Freagraí ar bhur gCeisteanna Coitianta

Tuismitheoirí: Freagraí ar bhur gCeisteanna Coitianta

Cad is Cibearbhulaíocht ann?

Forrántacht a tharlaíonn arís agus arís eile is ea an Chibearbhulaíocht a dhéanann duine aonair nó grúpa le duine nó daoine eile. Baineann cibearbhulaithe úsáid as an Idirlíon, as fóin phóca agus as teicneolaíochtaí eile chun dochar síceolaíoch a dhéanamh. Tá cuid mhór cineálacha cibearbhulaíochta ann. Bulaíocht ar líne é teachtaireachtaí, ríomhphoist, grianghraif nó gearrthóga físe bagracha nó suaracha a sheoladh, teachtaireachtaí mailíseacha a phostáil ar shuíomhanna líonraithe shóisialta, ar chláir theachtaireachtaí nó ar sheomraí comhrá, próifílí bréagacha a bhunú chun drochrudaí a rá faoi dhuine éigin nó teacht ar chuntas duine éigin arís agus arís eile le cur isteach orthu.

Cad a dhéanfaidh mé má tá Cibearbhulaíocht á himirt ar mo Pháiste?

Ar dtús, inis do do pháiste gan freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí ar bith – sin é go díreach an rud atá ag teastáil ón gcibearbhulaí. Tá sé riachtanach go gcoinnítear teachtaireachtaí ar bith freisin, cuideoidh sé sin leis an iniúchadh. Ba chóir do do pháiste bac a chur ar an seoltóir. Féadtar cúnamh a fháil ó bhunús na soláthróirí suíomhanna agus guthán leis seo. Ina theannta sin, ba chóir duit an chibearbhulaíocht a chur in iúl d’údaráis na scoile nó má tá sé iontach dáiríre, do na Gardaí nó do hotline.ie.

Cad is Scagadh Idirlín ann?

Clár ríomhaireachta is ea bogearraí scagtha a chuireann bac ar shuíomhanna áirithe. Féadtar é a shuiteáil go furasta ar do ríomhaire baile agus cinnteoidh sé nach mbeidh do pháiste ábalta amharc ar bhunús an ábhair neamhoiriúnaigh. Ní éiríonn 100 faoin gcéad le scagadh – sleamhnóidh rudaí áirithe tríd an eangach – ach cuideoidh sé leat do pháiste a choimeád sábháilte ar líne sa bhaile.

Cad é an aois chuí ar chóir dom cead a thabhairt do mo pháiste Facebook a úsáid?

Ní cheadaíonn bunús na suíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta ar nós Facebook úsáideoirí atá níos óige ná 13 bliana d’aois. Go réadúil, áfach, baineann cuid mhór daoine óga úsáid as na suíomhanna seo as siocair nach bhfuil bealach ar bith ag na cuideachtaí móra chun aoiseanna a fhíorú. Tá sé ag brath ort féin mar thuismitheoir. Má cheapann tú go bhfuil do pháiste réidh, smaoineamh maith atá ann maoirseacht a dhéanamh ar a rochtain agus teacht ar chomhaontú faoi rialacha a bhaineann le húsáid líonraithe shóisialta.

Cad é an aois chuí ar chóir dom cead a thabhairt do mo pháiste fón póca a bheith aige/aici?

Ní freagra ceart air seo. Tá sé seo ag brath cuid mhór ar do chúinsí féin agus ar an dóigh a mothaíonn tú faoi mar thuismitheoir. Léirítear i dtaighde go bhfuil úsáideoirí fón póca ag éirí níos óige i dtólamh. Ní chiallaíonn sé féin gur chóir duit géilleadh as siocair gur mhaith le do mhac nó le d’iníon óg fón póca a bheith acu. Mar thuismitheoir, ba chóir duit tú féin a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le fóin phóca agus tú féin a chur ar an eolas maidir lena n-úsáid. Ní hionann fóin chliste agus fóin amháin níos mó.

An féidir le Webwise Suíomhanna Sábháilte agus Slána ar bith a Mholadh?

Is féidir linn, go deimhin. Cliceáil anseo chun liosta suíomhanna a fháil a bhfuilimid breá sásta iad a mholadh.

Cad í an phríomhchomhairle a bhaineann le Sábháilteacht Idirlín?

Aimsigh an tIdirlíon le chéile. Cuir tusa an tIdirlíon in iúl do do pháiste. Ná bí ródhian maidir lena gcuardach ar an Idirlíon, ní bhíonn an locht orthu féin i dtólamh nuair a aimsíonn siad ábhar míchuí. Mol do do pháiste a bheith cúramach agus eolas pearsanta á thabhairt ar líne agus coimeád an ríomhaire áit éigin sa teach a mbíonn gach duine ag teacht agus ag imeacht uaidh. Tuairiscigh rud ar bith ar líne a shíleann tú atá mídhleathach agus pléigh na rioscaí a bhaineann le bualadh as líne le daoine ar bhuail do pháistí leo den chéad uair ar líne.

An bhfuil Ranganna nó Seimineáir ar Shábháilteacht Idirlín ar fáil le haghaidh tuismitheoirí?

Tá, reáchtálann an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse i gcomhar le Website seimineáir fhorleathana maidir le sábháilteacht Idirlín a mhíneoidh an tIdirlíon duit. Éascaitheoir oilte NPC a dhéanann na seimineáir seo a reáchtáil do scoil do pháiste, agus cinntímid duit go bhfuil an t-éascaitheoir ar an eolas faoi na nósanna agus na treochtaí is coitianta sna scoileanna sa lá atá inniu ann.

Cad é mar a mhúchaim Clibeáil/Gnúis-Aitheantas ar Facebook?

Ní gá é a mhíniú anseo, cliceáil anseo le haghaidh comhairle mhionsonraithe ar an dóigh le clibeáil ar Facebook a mhúchadh.

Cad é mar a chasaim air Cuardach Sábháilte Google?

Trí chliceáil anseo, beidh tú in ann ár bhfíseán a fheiceáil faoin dóigh le Cuardach Sábháilte Google a chasadh air.

Cad é mar a chasaim air Modh Sábháilte YouTube?

Arís, ní gá é a mhíniú anseo. Amharc ar ár bhfíseán teagaisc anseo.

Cad is Twitter ann?

Is éard atá i gceist le Twitter ná suíomh micreabhlagála ina mbíonn teorainn ar úsáideoirí teachtaireachtaí de 140 carachtar nó níos lú a phostáil. Tugtar bíogaíl ar theachtaireacht a phostáil. Déanann daoine nasc lena chéile trí fhothaí Twitter daoine eile a leanúint. Nuair a roghnaíonn tú fotha a leanúint, beidh rud ar bith a deir duine nó eagraíocht le feiceáil ar d’amlíne.

Cad is Suíomhanna Gréasáin Físchomhrá ann?

Tá ár n-alt anseo ina dtugtar míniú ar shuíomhanna gréasáin físchomhrá agus ar an dóigh a bhfeidhmítear iad.