Wild Web Woods

Wild Web Woods

Cluiche cairdiúil taitneamhach ar líne é Wild Web Woods a thugann cúnamh do pháistí bunscileanna sábháilteacht Idirlín a fhoghlaim.

Tá sé dírithe ar pháistí idir seacht agus deich mbliana d’aois. Téann daoine óga isteach i dtimpeallacht síscéil agus é mar aidhm acu E-city a bhaint amach.

Cuirfear cathracha gríobháin, puzail, tascanna agus contúirtí eile os comhair na n-imreoirí feadh an bhealaigh. Spreagann na dúshláin seo úsáid shábháilte an Idirlín.

Ní hamháin sin, ach tabharfar tús eolais do pháistí ar chearta daonna agus ar mheas ar dhaoine eile.

Tá an cluiche bunaithe ar Internet Literacy Handbook Chomhairle na hEorpa. Tá bileoga eolais faoi shábháilteacht Idirlín agus leideanna do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí san áireamh ann leis.

Ceapadh Wild Web Woods chun cuidiú le páistí gaistí Idirlín a aithint ionas go mbeidh siad ina saineolaithe ina leith.

Molann Webwise an cluiche don aos óg go hard.

Cliceáil anseo chun an cluiche a imirt.