Díríonn Clár Scoileanna na nGardaí ar an tSábháilteacht Idirlín
Tá modúl sábháilteachta Idirlín Chlár Scoileanna na nGardaí tar éis dul go sciobtha chuig croílár straitéis an fhórsa a bheith rannpháirteach sna scoileanna.
Tugann Gardaí de chuid an phobail cainteanna uathu ar a dtugtar “Cumarsáid ar Líne le Meas”, a dhírítear ar dhaltaí i rang a cúig agus a chlúdaíonn réimse topaicí lena n-áirítear an chibearbhulaíocht agus ceisteanna ginearálta slándála agus sábháilteachta ar líne.
I ndiaidh an mhodúil a chur i gcrích, beidh daltaí in ann a rá cé na cineálacha gníomhaíochta ar líne atá mídhleathach, liosta rialacha a thabhairt faoi bheith ag bualadh le daoine ar chuir siad aithne orthu ar líne, cuntas a thabhairt ar phleananna chun déileáil leis an gciapadh agus leis an gcibearbhulaíocht ar líne, agus aire agus meas cuí a léiriú ar dhaoine eile ar líne.
Tugann an clár aghaidh ar cheisteanna sábháilteachta le cabhair na meán nua.
Ba é Martin Callinan, Coimisinéir na nGardaí, a sheol an clár – a sholáthraítear do dhaltaí i rang a cúig i mbunscoileanna ar fud na tíre – an lá céanna ar seoladh Clár Bunscoile Webwise.
Tugann an clár nua aghaidh ar cheisteanna sábháilteachta pearsanta a eascraíonn as an gcumarsáid ar na meáin nua.
Aithnítear ann na dúshláin atá roimh pháistí agus roimh dhaoine óga i sochaí an lae inniu, go háirithe agus teicneolaíochtaí nua á n-úsáid acu.
Is é aidhm an mhodúil aire agus meas ar dhaoine eile, ar líne agus ar an nguthán póca, a chothú agus scileanna a thabhairt do pháistí sa chaoi go ndéileálfaidh siad go héifeachtach leis an gcibearbhulaíocht.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Martin Callinan, Coimisinéir na nGardaí: “Céim amháin chun tosaigh atá sa tionscnamh nua seo de chuid na nGardaí, ‘Cumarsáid ar Líne le Meas’, a chabhróidh linn an dúshlán sin a thabhairt, a thabharfaidh cúnamh do dhaoine eile déileáil leis an gcineál bulaíochta sin agus a chuirfidh ar a súile do chách cén chaoi a bhféadfaidh a gcuid gníomhaíochtaí ar líne dul i gcion ar dhaoine eile.”
Dúirt sé de bhreis air sin: “Ceapadh an ceacht le go dtabharfaí i seomra ranga é seachas i dtionól mór agus is féidir leis na baill seo againne é a úsáid ar feadh na scoilbhliana seachas i dtréimhse bheag ama amháin thart ar Lá na Sábháilteacht Idirlín.”
I láthair ag an seoladh bhí Frances Fitzgerald, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, agus Simon Grehan, an Comhordaitheoir Sábháilteachta Idirlín sa SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas.