Cad é Lá na Sábháilteachta Idirlín?

Is tionscnamh ar fud an AE é Lá na Sábháilteachta Idirlín chun idirlíon níos sábháilte a chur chun cinn don uile úsáideoir, go háirithe an t-aos óg.

Tá sé á chur chun cinn in Éirinn ag Teicneolaíocht san Oideachas de chuid Oide agus ag Webwise.

 

Beidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2024 ar siúl Dé Máirt, an 6 Feabhra 2024 agus beidh an téama seo a leanas air “Teicneolaíocht sa Saol seo”

 

 

 

Comhroinn do phleananna le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín 2024 #SID2024

Ní bhíonn sé róluath riamh smaoineamh faoi na rudaí a dhéanfaidh tú chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh! Gheobhaidh tú go leor smaointe, gníomhaíochtaí spraíúla agus acmhainní saor in aisce ar an Mol maidir le Lá na Sábháilteachta Idirlín agus is féidir na hacmhainní a úsáid chun sábháilteacht ar líne a chur chun cinn, ní ar mhaithe le Lá na Sábháilteachta Idirlín amháin, ach am ar bith i gcaitheamh na bliana.

 

Cuimhnigh, is cuma cá mhéad, nó cá laghad d’imeacht, déan cinnte go gcláraíonn tú do Lá na Sábháilteachta Idirlín agus cuir cáil do scoile nó d’eagraíochta chun cinn! Agus tú cláraithe, seolfaimid pacáiste faoi Lá na Sábháilteachta Idirlín chugat lena n‑áirítear bandaí rosta do gach duine de na rannpháirtithe.

 

Beifear in ann clárú go luath

Cuir i láthair faoi Lá na Sábháilteachta Idirlín

Tá Cuir i Láthair Lá na Sábháilteachta Idirlín saor ar fáil do leibhéal na Bunscoile agus Iarbhunscoile. Áirítear orthu seo cuir i láthair do bhunscoileanna le húsáid le rang 1 agus 2, rang 3 agus rang 4, agus rang 5 agus rang 6. Cíortar topaicí sna cuir i láthair ag an leibhéal Iarbhunscoile, lena n-áirítear Nuacht, Faisnéis agus Fadhbanna na Faisnéise Bréagaí; Do chuid Folláine ar Líne a Bhainistiú; Cumarsáid Mheasúil Ar Líne; Féinmheas ar Líne – An Pictiúr Iomlán.

Is féidir na cuir i láthair, an script iomlán/na nótaí agus Gníomhaíochtaí le Tabhairt Abhaile a íoslódáil le húsáid sa seomra ranga.

Smaointe agus Moltaí

Is féidir ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín ar feadh na bliana, mar sin, féach ar ár liosta acmhainní thíos!

Bíonn go leor gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl againn amhail cuardaigh focal, rapanna, rólimirt agus tuilleadh! Tá cuir i láthair SID réamhdhéanta againn freisin i mBéarla agus i nGaeilge. Tá go leor físeáin iontacha againn freisin is féidir leat a úsáid chun scileanna maidir le sábháilteacht ar líne a mhúineadh do dhaoine óga sa bhaile, nó sa seomra ranga.

Faigh amach céard a tharla sna blianta roimhe seo

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2023

Is iontach an téama é chun meas agus comhbhá ar líne a chur chun cinn, ghlac níos mó daoine páirt i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2023 ná mar a ghlac riamh go dtí seo, agus bhí imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hÉireann.

 

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2022

Ghlac 183,000 duine páirt i mbeagnach 750 imeacht cláraithe ar an Léarscáil Imeachtaí de chuid Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn – sonraíodh cad a bhí ar siúl ag na daoine seo chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh ar an léarscáil seo Dé Máirt, an 8 Feabhra.

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2021

Cé go rabhamar ag feidhmiú faoi chúinsí difriúla i mbliana, ghlac scoláirí, scoileanna agus eagraíochtaí páirt sa cheiliúradh fiúntach agus bríomhar chun cuidiú le hidirlíon níos sábháilte agus níos fearr a chruthú do chách go háirithe do dhaoine óga.

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2020

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2020, Dé Máirt, an 11 Feabhra 2020, sheol Webwise acmhainn nua oideachais ar a dtugtar ‘Ceangailte – Tús Eolais ar Litearthacht ar na Meáin Dhigiteacha’.

 

 

Lá na Sábháilteachta Idirlín 2019

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2019, Dé Máirt, an 5 Feabhra 2019, sheol Webwise acmhainn nua oideachais ar a dtugtar ‘Laochra HTML – Tús Eolais ar an Idirlíon’.

 

 

Páirtithe

SID

Is líonra Eorpach é Insafe d’Ionaid Idirlín níos Sábháilte (SICanna) a oibríonn le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín san Eoraip.

saferinternetday.org

Is éard atá i gceist le Líne Chabhrach na Leanaí ná seirbhís tacaíochta do dhaoine óga atá suas le 18 mbliana d’aois. Tá seirbhís téacsála ghuthán póca, seirbhís ar líne agus seirbhís ghuthán 24 uair an chloig ar fáil.

50101

Cuireann an Chomhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse ar chumas tuismitheoirí a bheith ina gcomhpháirtithe éifeachtacha in oideachas a gcuid páistí.

helpline@npc.ie

Tá Hotline.ie ann chun troid i gcoinne dháileadh agus leathadh na n-ábhar mídhleathach, fearacht ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach páistí.

 

hotline.ie