An Clár ‘Nasc le Meas’

An Clár ‘Nasc le Meas’

https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/Connect-with-Respect-e1404312337446.jpg

Tá Clár Scoileanna na nGardaí i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis plean ceachta a chur le chéile maidir le Sábháilteacht Idirlín do Dhaoine Óga.

Is cuid den cheacht é an paca “Nasc le Meas” a dhíríonn ar na meáin shóisialta mar ghné de mhodúl sábháilteachta pearsanta Chlár Scoileanna na nGardaí.

Tá sé mar aidhm ag an acmhainn Nasc le Meas cabhrú le daltaí meánscoile tuiscint a fháil ar an tionchar is féidir leis an gcibearbhulaíocht a imirt ar dhaoine éagsúla agus a aithint gur do-ghlactha an rud í an chibearbhulaíocht.

Tá sé mar aidhm aici an cineál seo iompair a chosc agus cur ar chumas daoine freagairt go héifeachtach air má tharlaíonn sé dóibh. Tá sé mar aidhm ag an gcaint seo dearcadh féachadóirí a athrú le go mbeidh sé níos dóichí go ndéanfaidh siad idirghabháil go dearfach agus go héifeachtach i gcásanna bulaíochta ar líne.

Is é croíphíosa an phaca seo an scannán Let’s Fight It Together. Gearrscannán (7 nóiméad) é atá bunaithe ar dhearcadh ilchodach ar fhíorimeachtaí atá curtha le chéile ag Childnet International. Insítear scéal an déagóra a éiríonn ina íospartach bulaíochta tríd an idirlíon agus trína fhón póca

Comhtháthú curaclaim

Bíonn an éifeacht is mó ag clár OSPS nuair a roinntear an fhreagracht i measc tuismitheoirí, múinteoirí, páistí agus daoine ábhartha den phobal, amhail an Garda Síochána. Ceapadh an paca seo le haghaidh úsáid na nGardaí agus iad ar cuairt ar dhaltaí na Sraithe Sóisearaí in iar-bhunscoileanna ar fud na tíre mar chuid den churaclam OSPS.

Tá sé mar aidhm ag an gceacht seo deiseanna a chur ar fáil le haghaidh machnaimh agus plé ar dhrochthorthaí na cibearbhulaíochta agus cumas daltaí a fhorbairt le go ndéanfaidh siad cinntí freagracha nuair a fheiceann siad í ag tarlú. Agus an ceacht seo críochnaithe acu, beidh na daltaí ábalta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na dóigheanna éagsúla ar féidir cibearbhulaíocht a dhéanamh ar dhuine ar scoil agus lasmuigh den scoil a aithint
  • aird a tharraingt ar an tionchar díobhálach a imríonn an chibearbhulaíocht ar dhuine
  • iarmhairtí na cibearbhulaíochta a aithint
  • gníomhú go sábháilte mar fhéachadóir chun cabhrú leis an gcibearbhulaíocht a chosc
  • cabhair agus tacaíocht a lorg nuair a thagann siad ar an eolas faoin gcibearbhulaíocht

Teacht ar Chainteanna Scoileanna na nGardaí faoi Nasc le Meas

Le haghaidh eolais faoin dóigh ar féidir teacht ar cheann de na cainteanna seo, déan teagmháil leis an stáisiún Gardaí is gaire duit, nó

le Clár Scoileanna na nGardaí
Caidreamh Pobail
Cearnóg Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
01 6663891