Bí i do shaineolaí agus múinteoir sábháilteachta Facebook

Bí i do shaineolaí agus múinteoir sábháilteachta Facebook

Ionad Sábháilteachta Facebook

An raibh a fhios agat go bhfuil treoirleabhair príobháideachais ag Facebook faoin gcaoi a n-úsáidtear do chuid sonraí agus faisnéise chomh maith le hIonad Sábháilteachta dá chuid féin?  Cibé cén sórt úsáideora Facebook tú – múinteoir, tuismitheoir nó déagóir – tá treoirleabhar sábháilteachta ag Facebook a chabhróidh leat agus is minic a chuirtear bileoga comhairle ar fáil freisin faoin mbealach is féidir leat tú féin a choinneáil sábháilte agus do phríobháideachas a rialú.

Tuige nach gcuirfeá leabharmharc leis na ceanáin Facebook seo?

Tá neart treoirleabhair eile ar fáil ar líne faoi Facebook.  Sa cheann seo ó GCFLearnfree.org tá ábhar teagaisc, físeáin agus cleachtaí idirghníomhacha sa mhír ar a dtugann siad Facebook 101
.

Sábháilteacht Facebook do Mhúinteoirí

Daoine sóisialta iad múinteoirí freisin a úsáideann Facebook chun dul i dteagmháil lena gcairde agus lena muintir, chomh maith le bheith ina múinteoirí!  Tuigeann Facebook go bhfuil teorainn idir an méid a dhéanann múinteoirí go gairmiúil agus go pearsanta ar Facebook agus cé go dtugann siad  spreagadh do mhúinteoirí úsáid a bhaint as Facebook chun teagmháil a dhéanamh le daltaí agus iad a theagasc, tugann siad treoir agus comhairle dóibh freisin.  Molann siad go gcuirfidh múinteoirí Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile i bhfeidhm nuair a bhíonn na meáin shóisialta á n-úsáid acu, dála  blaganna, vicithe, Twitter nó podchraoltaí.

Is féidir le múinteoirí a gcuid féin a dhéanamh chun cultúr na dea-shaoránachta digití a fhorbairt ach an dea-chleachtas digiteach a léiriú sa seomra ranga, daltaí a chur ag úsáid na meán sóisialta agus gníomhaíochtaí ranga a chruthú inar féidir leo plé a dhéanamh lena ndaltaí ar an rud is iompar ceart nó mícheart ann ar líne.  Is úsáideach a bheidh na dáileáin, na treoirleabhair agus na bileoga eolais do mhúinteoirí a cheap Facebook d’Oideachasóirí.  Bí ag coinneáil súil amach do na treoirleabhair faoi conas leathanach Facebook a chruthú; conas an tsaoránacht dhigiteach a theagasc; agus na bileoga faoi shábháilteacht ar Facebook agus faoi bhuneolais ar an gcibearbhulaíocht.

Rudaí príobháideacha a choinneáil príobháideach

Fanann roinnt múinteoirí glan ar Facebook, ach baineann cuid eile acu leas as na gnéithe seo thíos de Facebook chun oibriú thart ar an bhfadhb.

Déan Liostaí

Ní gá duit a bheith i do mhúinteoir chun do chairde a shórtáil de réir liosta; tá sé ar fáil don uile úsáideoir. Más múinteoir thú, is féidir leat Liosta Cairde a dhéanamh dar teideal “foireann” agus do shocruithe príobháideachais a athrú chun a bhfuil le feiceáil acu a chur in oiriúint. D’fhéadfá ligean don phríomhoide agus do bhaill foirne eile buneolas fút a fheiceáil chomh maith le halbaim grianghraf, b’fhéidir, den chamchuairt scoile.

Deir Facebook: Is féidir leat liosta ainmnithe a dhéanamh chun do lucht aitheantais a eagrú cibé cén chaoi ab fhearr a d’oirfeadh duit féin: dlúthchairde, muintir, lucht aitheantais, comhghleacaithe agus daltaí i measc grúpaí eile. Níl le déanamh ach cliceáil ar an nasc “Déan Liosta” ar thaobh na láimhe clé den leathanach baile nó liosta nua a dhéanamh ar do Leathanach Cairde. Gach uair a fhaigheann tú cuireadh chun cairdis, beidh tú in ann an duine sin a chur leis an liosta cuí a luaithe is a ghlacann tú leis an gcuireadh.

Cruthaigh Grúpaí

Cuimhnigh ar bheith i do ghrúpa nó leathanach grúpa a chruthú.  Spás é Grúpaí Facebook atá ceaptha don chumarsáid i ngrúpaí beaga, cosúil le grúpa ranga atá ag fáil faoi réir le dul ar thuras scoile.  Is féidir le grúpaí a bhaineann le cúis, le saincheist nó le gníomhaíocht ar leith teacht le chéile ar mhaith lena n-eagrú féin, ceisteanna a phlé, grianghraif a phostáil nó ábhar bainteach a roinnt.

Nuair a chruthaíonn tú grúpa, beidh sé de rogha agat é a dhéanamh poiblí sa chaoi go bhféadfaidh duine ar bith teacht isteach ann, cead riarthóra a éileamh sula dtiocfaidh daoine isteach nó é a choinneáil príobháideach agus ballraíocht a bhunú ar chuirí amháin.

Obair Bhaile Webwise do Mhúinteoirí

  • Foghlaim faoin gclibeáil grianghraf agus faoin aghaidh-aithint in Facebook. Déan cinneadh cé acu ar mhaith leat nó nár mhaith leat go gclibeálfaí thú i ngrianghraf ar bith a uaslódálann tú féin nó daoine eile… do dhaltaí san áireamh Má b’fhearr leat nach n-aithneofaí agus nach gclibeálfaí thú, foghlaim cén chaoi bainistíocht a dhéanamh ar na socruithe clibeála grianghraf. Faigh amach cén chaoi an aghaidh-aithint in Facebook a chasadh as.
  • Foghlaim faoi sheirbhísí geoshuite Facebook An bhfuil tú ag iarraidh go mbeidh do dhaltaí in ann thú a “sheiceáil isteach” i rannóg na bhfobhrístí sa siopa áitiúil nó sa phictiúrlann agus tú in éineacht le do bhuachaill nua? Murar mhaith leat go ndéanfaí geochlibeáil ort, ná gníomhachtaigh aon cheann de na haipeanna geoshuite dála Facebook Places nó Foursquare ar do phróifíl.
  • Foghlaim cén chaoi próifílí bréige nó maslacha nó cuntais haiceáilte a thuairisciú.

Príomhleideanna Webwise maidir le Facebook

  • Bí cúramach faoin méid a roinneann tú ar líne.
  • Bíodh smacht agat ar do chuid faisnéise ar Facebook  Foghlaim cén chaoi na Socruithe Príobháideachais a chur i bhfeidhm.
  • Cliceáil ar an gcnaipe Réamhamharc ar mo Phróifíl ar leathanach na socruithe príobháideachais le go bhfeicfidh tú cén chuma atá ar do leathanach ó pheirspictíocht fhormhór na n-úsáideoirí ar Facebook.
  • Foghlaim cén chaoi liostaí a úsáid.  Leo sin, beidh tú in ann smacht a choinneáil go héasca ar a bhfuil le feiceáil ag daoine éagsúla.
  • Bíodh smacht agat ar do chuid faisnéise in aipeanna, i gcluichí agus ar shuíomhanna gréasáin. An fhaisnéis phearsanta uile a roinneann tú ar Facebook, is féidir le daoine eile í a roinnt chomh maith. Ciallaíonn sé sin go mbeidh duine ar bith a fheiceann rud éigin a chuir tú ar Facebook in ann é a roinnt le daoine eile, lena n-áirítear na cluichí, na feidhmchláir agus na suíomhanna gréasáin a úsáideann siad.  Foghlaim cén chaoi socruithe aipeanna agus suíomhanna gréasáin a úsáid.
  • Foghlaim faoin gheochlibeáil agus faoi aipeanna geoshuímh.
  • Foghlaim faoin gclibeáil grianghraf agus faoin aghaidh-aithint in Facebook.