Cás-staidéar: Ranganna BYOD
Is iomaí ceist a bhíonn ag múinteoirí go minic faoin dóigh a bhféadfaí an teicneolaíocht a iompraíonn na daltaí a chur san áireamh sa ríomhfhoghlaim.
Bíonn gléas pearsanta ardteicneolaíochta de chineál éigin á iompar ag cóir a bheith gach duine, idir shean agus óg, sa lá atá inniu ann. Is féidir na gléasanna seo a cheangal leis an Idirlíon – bíodh ríomhairí glúine, fóin chliste, táibléid, etc, i gceist.
Féadfaidh imeaglú a bheith ar mhúinteoirí roimh ranganna BYOD (Beir do Ghléas Féin leat) agus bíonn saincheisteanna soiléire i gceist maidir le slándáil gréasáin agus cosaint leanaí.
Gabhann tairbhí suntasacha leis an sórt seo ríomhfhoghlama freisin, áfach.
Tá Webwise ag athfhoilsiú postáil bhlag anseo de chuid Dhónal O’Mahony, múinteoir meánscoile i bPobalscoil Phort Mearnóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Tugtar breac-chuntas sa phostáil ar an dóigh ar eagraigh agus ar reáchtáil Dónal ceacht BYOD ina scoil.
Tá beartas meán sóisialta sách úsáideach ann freisin arna dhréachtú ag Dónal agus arna chur san áireamh i bPolasaí Úsáide Inghlactha a scoile.
An Chéad Rang BYOD (ní BYOT) a Mhúin mé Riamh
le Dónal O’ Mahony
Ba mhaith liom a rá i dtús báire go bhfuil brón orm go bhfuil an phostáil seo faoi BYOD/BYOT (Beir do Ghléas/do Theicneolaíocht Féin leat) sách fada.
An Scéal:
Mhúin mé mo chéad rang i bPobalscoil Phort Mearnóg inniu le BYOD. D’iarr mé ar rang daltaí sa chéad bhliain (timpeall 13 bliana d’aois) guthán, ceamara, iTouch nó gléas dá samhail a thabhairt chun scoile leo.
Níor thug ach timpeall cúigear déag as tríocha gléas isteach leo.
Ba é Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide an t-ábhar a bhí i gceist agus mhair an rang timpeall uair an chloig agus deich nóiméad; “rang dúbailte” mar a deirtear i meánscoileanna na hÉireann.
Bhí an rang ar siúl i ríomhlann ina bhfuil tríocha ríomhaire.
Chláraigh mé na daltaí ar Codecademy roimhe sin agus thosaíomar ag plé le roinnt ríomhchlárú/scriptiú simplí trí úsáid a bhaint as JavaScript (JS).
Níor thuig cuid acu a bhfuil i gceist le ríomhchlárú. Bhuail smaoineamh mé ansin agus chuir mé físeán YouTube ar siúl dar teideal “What is Java Script?”. Tá sé an-mhaith maidir leis an gcoincheap, leathanaigh Ghréasáin statacha -v- leathanaigh Ghréasáin dhinimiciúla, tá idir shainmhínithe agus shamplaí ann, agus taispeánann sé an dóigh a gcuireann JS dinimiceas le leathanach Gréasáin bunúsach.
Shocraigh mé an coincheap seo a fhorbairt, statach -v- dinimiciúil. Roinn mé na daltaí ina n-ocht ngrúpa de thriúr/cheathrar, buachaillí agus cailíní le chéile. Rinne mé cinnte go raibh gléas i ngach grúpa.
Bhí roinnt céimeanna éagsúla sa rang:
- Cuardach aonair ar na ríomhairí i dtús báire le haghaidh leathanaigh Ghréasáin statacha agus leathanaigh Ghréasáin dhinimiciúla.
- Roinnt na ranga ina ghrúpaí; tugadh páipéar agus criáin dóibh chun póstaer a dhéanamh/a chruthú chun leathanaigh statacha agus dhinimiciúla a ghabháil (giota beag íoróine anseo) – ach ná déan dearmad gurb é an aidhm plé a fhorbairt i measc na ndaltaí ionas go mbeidh a fhios acu an fáth a mbaintear úsáid as JS. Nuair a fhilleann siad ar Codecademy ní bheidh an oiread céanna ceisteanna ‘Cén fáth?’ acu dá bharr.
- Taifead fótagrafach a choimeád de réir mar a rinneadh dul chun cinn ina gcuid oibre.
- A saothar a uaslódáil óna ngléas ar chuntas Flickr an ranga, trí ríomhphost.
Faoi am tráthnóna, d’uaslódáil grúpa amháin a saothar ar chuntas Flickr. Chuir mé roinnt grianghraf a ghlac mé féin leis freisin.
Machnamh:
Ba é a chuir iontas orm ná na rudaí nár éirigh liom a ghabháil – bhí plé den scoth ag daltaí i roinnt grúpaí faoi leathanaigh Ghréasáin. Bheadh úsáid fuaime suimiúil anseo chun an fhoghlaim seo a thaifeadadh.
Ní raibh amhras ar bith orm faoi rannpháirtíocht cuid mhór acu – bhí an t-ádh orm go bhfuil táblaí móra i lár an tseomra ar leith seo, áit a raibh siad ábalta sceitseáil agus tarraingt. Bhí rian na hidirbheartaíochta le sonrú ina saothar agus sa ghluaiseacht idir na grúpaí, na ríomhairí agus an limistéar tarraingthe.
D’iarr mé orthu aghaidheanna a choinneáil amach as na grianghraif ar feadh tamaill – níor chuir sé sin isteach ná amach orthu.
Thug mé faoi deara freisin nach ndearna mé go leor machnaimh riamh ar na difríochtaí idir BYOD/BYOT.
Um thráthnóna bhí mé ag cuardach trí fhoilseacháin a tháinig amach le gairid agus tháinig mé ar fhoilseachán Astrálach dar teideal, “Bring Your Own Technology: The BYOT guide for schools and families” (Lúnasa 2012).
Tá a mblag féin ag na húdair (Lee agus Levins) ar a bhfuil an teideal suimiúil: BYOT? Bring it on.
Áitíonn siad gurb é cuspóir BYOT an teicneolaíocht a chur san áireamh san fhoghlaim – is fearr an teicneolaíocht ná an gléas.
Tá sé scríofa ag Lee ar a bhlag: “Is samhail bhreise um chur ar fáil acmhainní le haghaidh teicneolaíocht scoile agus is samhail forbartha oideachasúla é ‘Beir do Theicneolaíocht Féin leat (BYOT). Comhoibriú idir an baile agus an scoil é a ligeann do na daltaí an teicneolaíocht dhigiteach/na dteicneolaíochtaí digiteacha atá acu a úsáid sa seomra ranga. Chuirfeadh sé seo lena dteagasc, lena bhfoghlaim agus le heagrú a scolaíochta agus, sa chás ábhartha, chuirfeadh sé le hoideachas comhlántach lasmuigh den seomra ranga.”
Ábhar machnaimh!
Fonóta
Tá an Beartas Úsáide Inghlactha i gcomhair BYOD i bPort Mearnóg bunaithe ar mo dhréachtbheartas meán sóisialta le haghaidh scoileanna anseo. Tá sé seo á thabhairt isteach sa scoil faoi láthair, ní mar fhíorbheartas ach mar threoirlíne maidir lena bhféadfaí a bheith i ndán dúinn leis an teicneolaíocht.
Iarrfaidh mé ar na daltaí a dtuairimí a thabhairt faoin mblagphostáil seo freisin!