Comórtas Frithbhulaíochta #Up2Us

Comórtas Frithbhulaíochta #Up2Us

https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/Up2UsArticle.jpg#Comórtas Frithbhulaíochta #Up2Us

Is é bunchuspóir Chomórtas Frithbhulaíochta #Up2Us ná limistéar frithbhulaíochta a chruthú i do phobal féin.

D’fhéadfá Lá Cairdis a chur ar siúl, clár meantóireachta piaraí a threorú nó feachtas póstaer frithbhulaíochta a dhéanamh.

Fúinne atá sé (#Up2Us) an lámh in uachtar a fháil ar an mbulaíocht. Mar sin, déan beart inniu chun dul i ngleic leis an mbulaíocht agus leis an gcibearbhulaíocht agus d’fhéadfá duaiseanna iontacha a bhuachan.

Cé lena aghaidh é?

Tá an comórtas oscailte do gach duine óg idir 12 bhliain d’aois agus 19 mbliana d’aois a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht na hÉireann.

Is féidir le daoine cur isteach ar an gcomórtas mar dhaoine aonair nó mar ghrúpaí (grúpaí scoile nó grúpaí óige eile).

Duaiseanna

Tá príomhdhuais iontach spreagúil ann don ghrúpa a bhuafaidh: mionfhéile cheoil ina bpobal féin!

Seinnfidh Gavin James agus roinnt ceoltóirí eile gig don ghrúpa buacach mí Mheán Fómhair seo chugainn.

D’fhéadfadh an grúpa buacach leas a bhaint as an ngig chun airgead a thiomsú ar son dea-chúise, b’fhéidir, nó díreach oíche thaitneamhach a eagrú d’ógra na háite a mbeidh cuimhne acu uirthi go brách.

Gheobhaidh gach grúpa eile a chuireann isteach ar an gcomórtas cnaipí suaitheantais agus rostbhandaí frithbhulaíochta.

Fógrófar duaiseanna do na hiontrálaithe aonair is fearr gach coicís go dtí go ndúnfar an comórtas ar an 30 Aibreán.

Dátaí iontrála

Déanfar an comórtas a sheoladh an 11 Feabhra 2014 (Lá na Sábháilteachta Idirlín) agus beidh sé ar siúl go dtí an 30 Aibreán 2014.

A bhfuil le déanamh agat: (Critéir moltóireachta)

I gcás chomórtas na ngrúpaí, táimid ag iarraidh teacht ar an ngrúpa a bhfuil an méid is mó á dhéanamh acu chun dearcthaí frithbhulaíochta a chur chun cinn.

D’fhéadfadh feachtais póstaer, cláir meantóireachta, nó seachtainí frithbhulaíochta a bheith i gceist leis sin, nó aon rud eile!

Déanfar moltóireacht ar na hiontrálacha de réir cruthaitheachta, oiriúnachta agus éifeachtachta.

Ba chóir d’iontrálaithe aonair grianghraf nó físeán a bhfuil teachtaireacht láidir frithbhulaíochta ann a roinnt linn.

D’fhéadfá Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us a úsáid chun póstaer idirghníomhach a dhéanamh nó smaoineamh ar thionscadail eile agus iad a chur i bhfeidhm.

Roghnófar buaiteoirí i gcrannchur gach coicís.

Conas cur isteach ar an gcomórtas

Chun cur isteach air, níl le déanamh agat ach an méid atá á dhéanamh agat chun limistéar frithbhulaíochta a dhéanamh de do phobal a roinnt ar na meáin shóisialta leis an haischlib #Up2Us.

Cuir isteach do shonraí ansin ag baint úsáide as an bhfoirm iontrála atá le fáil ar Bí Aireach faoi do Spás.