Conas cuntas Ask.FM a dhíchumasú

Conas cuntas Ask.FM a dhíchumasú

Ask.FM

Bhí ceannlínte nuachta i samhradh na bliana 2013 dírithe ar an ardán Ask.FM, áit ar féidir ceisteanna a chur agus freagraí a thabhairt gan ainm, ach ní mar gheall ar a dhea-chlú.

Cuireadh cuid den mhilleán as féinbhás roinnt déagóirí le cúpla mí anuas ar an méadú aisteach atá tagtha ar chásanna cibearbhulaíochta ar Ask.FM.

Má tá tusa nó do dhéagóir dubh dóite le Ask.FM, léigh leat le go dtuigfidh tú conas cuntas a dhíchumasú.

Díchumasaigh Cuntas

Bhí ceisteanna ó roinnt tuismitheoirí nach féidir lena bpáistí a gcuntas ar ask.fm a dhíchumasú toisc gur chaill siad a bpasfhocal. Ná bíodh eagla ort, tá sé an-éasca pasfhocal nua a fháil agus an cuntas i gceist a dhíghníomhachtú le beagán cliceanna.

Logáil amach as ask.fm agus ansin bain triail as logáil isteach arís. Feicfidh tú téacs pasfhocail chaillte. Cliceáil air seo. Lean na treoracha ansin chun do phasfhocal a athshocrú.

Ask1

A luaithe is atá tú logáilte isteach arís, cliceáil ar ‘socruithe’ agus, ag bun an leathanaigh, cliceáil ar Díchumasaigh cuntas’.
Ask2

 

Ar an gcéad scáileán eile, iontráil do phasfhocal agus cliceáil ar ‘Díchumasaigh cuntas’ athuair.

 

Ask3

Don uair dheiridh, cliceáil ar ‘Díchumasaigh cuntas’.

 

Ask4
Díghníomhachtaíodh an cuntas go rathúil. Más maith leat é a ghníomhachtú arís, is féidir é sin a dhéanamh.