Conas is féidir linn fóin phóca a úsáid go sábháilte ar scoil agus sa seomra ranga?

Conas is féidir linn fóin phóca a úsáid go sábháilte ar scoil agus sa seomra ranga?

BlockIt

Is iomaí príomhoide agus múinteoir a chuireann an cheist sin nach mór gach lá agus tá roinnt freagraí foilsithe anois againn sa phacáiste múinteoireachta dar teideal “Using the mobile phone in school – handling opportunities and risks appropriately”.

Ba é Ionad na hOstaire um Idirlín Níos Sábháilte a chéadfhoilsigh an lámhleabhar do mhúinteoirí ach is é Insafe, an líonra d’Ionaid Feasachta i leith Sábháilteacht Idirlín, a fhoilsíonn anois é. Aithnítear sa lámhleabhar go mbíonn ag méadú i gcónaí ar an úsáid a bhaineann páistí agus daoine óga as an teicneolaíocht mhóibíleach.  Moltar ann bealaí gur féidir leas a bhaint as na gléasanna sin sa seomra ranga agus i dtimpeallacht na scoile chun an fhoghlaim a éascú.

Tá comhairle do mhúinteoirí ann freisin faoin gcaoi ar féidir leo déileáil le fóin phóca sa scoil.  Moltar gníomhaíochtaí ranga ann a mhúinfidh cén chaoi fón póca á úsáid go freagrach. Tugtar conradh scoile samplach sa lámhleabhar freisin a d’fhéadfaí a chur san áireamh i bpolasaí úsáide inghlactha na scoile.

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/Using_the_mobile_phone_in_school.pdf”]

Tá cúig chaibidil sa lámhleabhar a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den fhón póca agus ar an leas is féidir a bhaint as i scoileanna.

  • An fón póca i ngnáthshaol laethúil páistí agus daoine óga.

Breathnaítear i gCaibidil 1 ar an úsáid mhéadaithe atá daoine óga a bhaint as fóin phóca agus ar an gcúis a bhfuil na gléasanna sin chomh tábhachtach sin dóibh.

  • Foréigean agus an pornagrafaíocht ar fhóin phóca.

Dírítear sa chaibidil seo ar cheist an fhoréigin agus na pornagrafaíochta ar ghléasanna móibíleacha agus pléitear cuid de na príomhábhair imní agus an baol is mó d’úsáideoirí óga atá ann.

  • Ceisteanna coitianta agus cúrsaí dlí a bhaineann le fóin phóca sa scoil

I gCaibidil 3, breathnaítear ar chuid de na ceisteanna dlí a bhaineann le gléasanna móibíleacha a úsáid sa seomra ranga agus pléitear saincheisteanna ar nós cé atá freagrach os comhair an dlí má ghoidtear gléas móibíleach as locar dalta ar scoil – ar ceisteanna tábhachtacha iad do bhaill foirne atá ag iarraidh an teicneolaíocht mhóibíleach a thapú agus daltaí a spreagadh chun dea-úsáid a bhaint as na gléasanna sin mar thacaíocht don fhoghlaim.

  • Ag foghlaim agus ag teagasc le fón póca

I gCaibidil 4, mínítear cén fáth ar smaoineamh maith é gléasanna móibíleacha a úsáid i scoileanna agus tugtar samplaí praiticiúla dea-chleachtais.

  • Gníomhaíochtaí agus Cleachtaí Ranga

Sa chaibidil dheireanach, moltar bealaí ar féidir le múinteoirí úsáid fhreagrach ghléasanna móibíleacha a tharraingt isteach sa seomra ranga mar ábhar teagaisc agus, ar deireadh, tugtar deich leid do mhúinteoirí faoi bheith ag déileáil le fóin phóca i scoileanna.

Na Deich Leid is Fearr do Mhúinteoirí faoi bheith ag déileáil le Fóin Phóca

B’fhéidir gur mhaith le príomhoidí scoile an úsáid a bhaintear as fóin phóca a chur ar chlár cruinniú foirne agus tús a chur leis an bplé ach na Deich Leid seo a phriontáil agus a dháileadh amach roimh ré.

Is iomaí úsáid dhearfach a d’fhéadfaí a bhaint as fóin phóca sa scoil agus beidh sé ina chosaint do dhaltaí, don fhoireann agus don scoil má thugtar chun dáta Polasaí Úsáide Inghlactha na scoile maidir le fóin phóca nó an chuid den Pholasaí Úsáide Inghlactha don Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide a phléann le fóin phóca.

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/06/Ten_Tips_for_Teachers_Mobiles.pdf”]

Cabhróidh na Deich Leid le múinteoirí déileáil le fóin phóca sa seomra ranga, daltaí a bhfuil fóin phóca acu a mhúineadh agus a spreagadh chun foghlama, úsáid shábháilte na ngléasanna sin a phlé le daltaí agus conarthaí seomra ranga a dhréachtú in éindí leo.