Faigh Paca Uirlisí Frithbhulaíochta Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014

Faigh Paca Uirlisí Frithbhulaíochta Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014

snapchat_android_2

Is acmhainn do mhúinteoirí agus do dhaltaí na Sraithe Sóisearaí ar an gclár Oideachais Shóisialta Phearsanta agus Sláinte (OSPS) é an Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us agus seolfar é ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014.

Is é aidhm na n-uirlisí a chur ar chumas daltaí iar-bhunscoile dul i ngleic leis an mbulaíocht, leis an gcibearbhulaíocht go háirithe, ina bpobail áitiúla.

Áirítear san acmhainn an Lámhleabhar do Mhúinteoirí #Up2Us a bhfuil deich gceacht ann a chlúdaíonn rannóg frithbhulaíochta chúrsa nua na Sraithe Sóisearaí OSPS.

Féachann na ceachtanna seo le hidirphlé a dhéanamh le daltaí ar an gcibearbhulaíocht trí úsáid a bhaint as modhanna gníomhacha tarraingteacha agus as faisnéis atá cothrom chun dáta agus ábhartha.

Trí phlé agus trí ghníomhaíochtaí i ngrúpaí beaga, cuireann an clár seo gníomh agus iompar dearfach chun cinn a chabhróidh le daltaí timpeallacht frith-chibearbhulaíochta a chruthú ar fud na scoile agus sa domhan mór.

An dara cuid den Phaca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us is ea an ghníomhaíocht déanta póstaeir a ligeann do dhaltaí dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht go hidirghníomhach.

[youtube id=”dubA2vhIlrg”]

Rud éasca spraíúil í an ghníomhaíocht póstaeir a ligfidh do dhaltaí teachtaireachtaí frithbhulaíochta a scaipeadh go hidirghníomhach agus an teicneolaíocht a úsáid ar bhealach dearfach, cruthaitheach agus nuálach.

Tig le daoine óga úsáid a bhaint as greillí póstaeir, greamáin agus cruthanna gearrthóige an phaca chun póstaeir ildaite a dhearadh a mbeidh manaí frithbhulaíochta orthu.

An chuid idirghníomhach is ea go bhfuil sé beartaithe go roinnfidh na daltaí grianghraf dá bpóstaeir ar na meáin shóisialta.

Cabhróidh sé sin le cultúr dearfach frithbhulaíochta a chruthú ar na meáin shóisialta mar go mbeidh teachtaireachtaí na ndaoine óga á scaipeadh i measc a gcairde.

Is féidir na póstaeir a dhéanamh níos idirghníomhaí fós ach físeáin a chruthú le haipeanna íomhá ar íomhá, le fóin phóca agus le cabhair an Treoirleabhair do Dhaltaí #Up2Us atá istigh sa phaca.

Nuair a bheidh na póstaeir nó gníomh eile frithbhulaíochta déanta ag na daltaí, féadfaidh siad cur isteach ar Chomórtas Frithbhulaíochta #Up2Us, arb é an chéad duais ann Mionfhéile Cheoil don ghrúpa is fearr a chuirfidh dearcadh frithbhulaíochta chun cinn.