How to deactivate your Facebook account

How to deactivate your Facebook account

Ligeann Facebook duit do chuntas a ‘dhíghníomhachtú’, nó é a chur i bhfuarstóráil go bunúsach. Trí dhul trí na céimeanna díghníomhachtúcháin mar atá mionsonraithe thíos, ní bheidh rochtain ar do phróifíl, ach má thug tú trácht ar phróifílí eile Facebook nó má chuir tú ‘is maith liom’ leo nó má clibeáladh thú orthu, d’fhéadfadh iarsma de do phróifíl ar Facebook a bheith infheicthe do dhaoine eile.

Má tá do chuntas ‘díghníomhachtaithe’, féadfaidh tú é a atosú am ar bith ach logáil isteach arís.

Má tá tú cinnte nár mhian leat do chuntas ar Facebook a úsáid arís, mhíníomar na céimeanna le do chuntas a scriosadh go buan.


Céim a hAon


Cliceáil ar an lógó ‘socruithe’, ar an taobh deas den scáileán. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 1

 

 


Céim a Dó


Roghnaigh “Socruithe Cuntais”. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 2

 

 


Céim a Trí


Roghnaigh “Slándáil” ar thaobh na láimhe clé den scáileán. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 3

 

 


Céim a ceathair


Cliceáil ar an nasc “Díghníomhachtaigh do chuntas” ag bun an phainéil “Socruithe Slándála”. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 4

 

 


Céim a Cúig


Líon isteach na sonraí ar an leathanach seo “An bhfuil tú cinnte go bhfuil fonn ort do chuntas a dhíghníomhachtú?”, agus aird ar leith á tabhairt agat ar an ticbhosca “Diúltú ríomhphoist” ag deireadh an leathanaigh. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 5

 

 


Céim a Sé


Líon isteach do phasfhocal Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 6

 

 


Céim a Seacht


Iontráil na litreacha sa bhosca ‘Captcha’Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 7

 

 


Céim a hOcht


Cuirfear ríomhphost chugat ina ndeimhnítear an díghníomhachtúchán. D’fhonn an cuntas seo ar Facebook a athghníomhachtú, cliceáil ar an nasc sa ríomhphost seo nó téigh go Facebook agus logáil isteach. Cuntas Facebook a dhíghníomhachtú - céim 8