Tá ag Éirí go Maith le Páistí na hÉireann ar an Domhan ar Líne, de réir Staidéir

Tá ag Éirí go Maith le Páistí na hÉireann ar an Domhan ar Líne, de réir Staidéir

EUKidsOnlineImage

Is é an focal scoir i staidéar nua Eorpach nach féidir a rá go deimhneach go bhfuil páistí a chaitheann cuid mhór ama ar líne á nochtadh féin do bharraíocht úsáide as an Idirlíon.

Cuireadh in iúl sa taighde seo, Páistí an AE ar Líne, atá faoi stiúir an Dr Brian O’Neill, taighdeoir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, in Éirinn, go bhfuil ag éirí go maith le páistí na hÉireann ar an Idirlíon.

Rinne an taighde scrúdú ar pháistí idir 11 agus 16 bliana d’aois agus chuir sé ceist orthu an raibh aon fhadhbanna a bhaineann le barraíocht úsáide as an Idirlíon acu, mar shampla, gan a bheith ag codladh nó gan a bheith ag ithe, gan a bheith ag críochnú obair scoile nó easpa sóisialaithe.

Fuair an taighde amach nach bhfuil ach aon faoin gcéad de pháistí i mbaol mar gheall ar leibhéil chontúirteacha de bharraíocht úsáide as an Idirlíon ar fud na hEorpa.

Thuairiscigh páistí na hÉireann go mbíonn siad ar líne uair amháin sa lá ar a laghad ar feadh 61 nóiméad ar an meán.

D’fhreagair thart ar 41 faoin gcéad díobh go dearfach ar cheann amháin ar a laghad de na ceisteanna a bhaineann le barraíocht úsáide as an Idirlíon sa suirbhé.

[gview file=”http://webwise.nevada.ie/wp-content/uploads/2014/05/ExcessiveUse.pdf”]

Ní chiallaíonn sé sin go mbíonn na páistí sin ag baint barraíocht úsáide as an Idirlíon, áfach.

Dúirt an Dr O’Neill, arb é Ceann Scoil na Meán ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é: “Beag beann ar an bhfíric go bhfuil an méid ama a chaitheann páistí na hÉireann ar líne faoi bhun mheánfhigiúr na hEorpa (61 nóiméad in Éirinn vs. 88 nóiméad san AE ar an meán), tá sé spéisiúil go bhfuil imní orthu.

“Áitímid go mbaineann sé sin go mór le caighdeán na húsáide as an Idirlíon agus leis an ngá atá le raon níos leithne deiseanna digiteacha a chur chun cinn.”

D’fhonn barraíocht úsáide as an Idirlíon a chosc, molann taighde Pháistí an AE ar Líne gur chóir do thuismitheoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ar líne a bpáiste trí thacaíocht agus trí phlé, go háirithe nuair a crádh an páiste faoi rud éigin ar líne.

“Nuair a thugtar aghaidh ar na ceisteanna seo go díreach, nuair a labhraíonn tuismitheoirí go hoscailte fúthu, bíonn sé níos dóichí go gcabhróidh an t-am a chaitear ar líne, agus forbairt na scileanna digiteacha, leis an bpáiste chun bogadh i dtreo úsáid shláintiúil as an Idirlíon de réir mar a rachaidh sé in aois,” dúirt an Dr O’Neill.

Tags: