Tugtar Breac-Chuntas i dTuarascáil ar Bhuncheisteanna do Phríomhpháirtithe Leasmhara

Tugtar Breac-Chuntas i dTuarascáil ar Bhuncheisteanna do Phríomhpháirtithe Leasmhara

Seat de scáileán Habbo

Beidh gach páirtí leasmhar teicneolaíochta níos eolaí ar eisiúint tuarascála Eorpaí ina dtiomsaítear sonraí ríthábhachtacha ó thaighde ardleibhéil ar shábháilteacht Idirlín agus ar an teicneolaíocht san oideachas.

Tugtar páipéar comhdhlúite faoi théamaí agus faoi shaincheisteanna tábhachtacha sa tuarascáil ‘Network Information Security in Education’, arna cur i dtoll a chéile ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Líonra agus Faisnéise (ENISA).

Tá an tuarascáil dírithe ar mhúinteoirí, ar thuismitheoirí agus ar dhéagóirí. Tugtar léargas ginearálta inti agus leagtar béim inti ar an dea-chleachtas i dtaca le hiompraíocht shábháilte ar líne.

Tugtar comhairle sa tuarascáil faoi chibearbhulaíocht, faoi mhealltóireacht ar líne, faoi shlándáil ar líne agus faoin dóigh le fianáin a bhainistiú.

Lena chois sin, tá smaointe ceachta do mhúinteoirí san áireamh mar aon le tagairtí do thaighde tábhachtach eile Eorpach sa réimse seo.

“Is é cuspóir na cáipéise seo leagan comhdhlúite de thorthaí an ENISA atá ar fáil a chur i láthair i bhfoirm a oireann d’úsáid oideachais,” a deirtear sa staidéar.

“Tá an t-ábhar seo dírithe ar oideachas bunscoile, go háirithe ar oideoirí agus ar thuismitheoirí, agus ar dhéagóirí go pointe áirithe… tugtar léargas ginearálta ann do shaoránaigh óga digiteacha agus do pháirtithe leasmhara ar dhea-chleachtais i dtaca leis an dóigh le bheith níos sábháilte ar líne.”

Sonraítear sa cháipéis freisin: “Is é ár n-aidhm a chur ar chumas páirtithe leasmhara cuspóirí foghlama a bhaint as an bhfaisnéis chomhdhlúite agus iad a chur san áireamh ina gcineálacha cur chuige.”

Sa chaibidil ina ndéantar plé ar chibearbhulaíocht, tugtar breac-chuntas i dtuarascáil an ENISA ar roinnt de na buncheisteanna atá ann do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí.

Seo a leanas cuid de na leideanna ón taighde a thabharfaidh cúnamh chun leathadh na bulaíochta ar líne a chosc:

    • MALARTUITHE EOLAIS A SPREAGADH: Ba cheart go ndéanfaí eolas teicneolaíochta a mhalartú idir tuismitheoirí agus mionaoisigh ar bhonn rialta. Is fusa a n-eolas, a leibhéal spéise, a leibhéal úsáide agus a bpatrúin úsáide a mheas má choinnítear bealach oscailte le déagóirí i dtaobh saincheisteanna teicneolaíochta.

 

    • ÚSÁID A BHAINT AS SAINRIALUITHE SLÁNDÁLA LE hAGHAIDH TUISMITHEOIRÍ/OIDEOIRÍ: Déan breithniú ar úsáid a bhaint as rialuithe slándála atá saincheaptha le haghaidh tuismitheoirí/oideoirí.

 

  • TACAÍOCHT A THABHAIRT DO DHÉAGÓIRÍ AR SCOIL: Is tábhachtach cibearbhulaíocht fhéideartha agus mealltóireacht fhéideartha ar líne a shainaithint a luaithe agus is féidir. Ar an bhfáth sin, ba cheart go mbeadh rochtain láithreach ag déagóirí ar shainphointí comhairle i scoileanna, áiteanna a bhféadfaidís dul dá dteastódh tacaíocht uathu.

Déantar scrúdú sa tuarascáil freisin ar dhomhain fhíorúla. Réimse é seo atá i mbun fáis agus a bhfuil an-éileamh air i measc daoine óga ar líne.

“Timpeallacht ionsamhlaithe ríomhaire é domhan fíorúil ina mbíonn agus ina n-idirghníomhaíonn na húsáideoirí ina n-abhatáranna,” arsa ENISA.

“Léirítear na habhatáranna seo mar léiriúcháin théacsúla, mar léiriúcháin dhéthoiseacha nó mar léiriúcháin thríthoiseacha ghrafacha de ghnáth, ach bíonn foirmeacha eile ann freisin (céadfaíochtaí cloisteála agus teagmhála mar shampla).”

Ní mór monatóireacht a dhéanamh ar shuíomhanna domhain fhíorúil

Tugtar le fios in anailís a rinneadh go bhfuil suíomhanna Idirlín domhain fhíorúil ag cruthú tairseacha le haghaidh bulaíochta, mealltóireachta agus ciapadh ar an aos óg, chomh maith le mí-úsáid leanaí.

Tá liosta de chomhairle mholta á chur ar fáil ag an ENISA chun tacaíocht a thabhairt do pháistí sa réimse seo, áfach.

San áireamh sa chomhairle seo moltar téarmaí agus coinníollacha an tsuímh a léamh, cinntiú go bhfuil scagairí ríomhaire sa bhaile agus ar scoil ag feidhmiú i gceart, oibríochtaí measarthachta an tsuímh a sheiceáil agus súil a choinneáil ar úsáid daoine óga as an Idirlíon.

Tabharfaidh an tuarascáil ‘Network Information Security in Education’ tuiscint mhaith do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí ar chuid de na saincheisteanna atá i gceist ar fud na hEorpa agus is cinnte gur cheart í a léamh chun léargas a fháil ar shábháilteacht Idirlín.

[gview file=”http://webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/ENISAReport.pdf”]