Web We Want

Web We Want

Web We WantSeoladh lámhleabhar úr nuálach do dhaoine óga in 2013. Lámhleabhar oideachasúil atá ceaptha dóibh siúd idir 13-16 bliana d’aois atá in Web We Want a forbraíodh i gcomhar le daoine óga.

Leis Web We Want, beidh tú in ann do chuid scileanna a thástáil, tuilleadh a fhoghlaim faoi na cearta atá agat ar líne agus leideanna agus uirlisí a chruthú is féidir leat a roinnt le daoine óga ar fud an domhain. Féachann na cleachtaí le machnamh a spreagadh ar na ceisteanna seo a leanas:

  1. Mo chearta agus mo fhreagrachtaí ar líne
  2. “Ní hionann faisnéis agus eolas,” Albert Einstein
  3. Ag glacadh páirt sa ghréasán
  4. Múnlaigh d’aitheantas
  5. An príobháideachas, an ní is luachmhaire liom
  6. An t-ealaíontóir ionat féin

Tá an leabhrán seo ceaptha le haghaidh úsáide sa seomra ranga agus mar acmhainn úsáideach piaroideachais. Oireann sé freisin don úsáid ar bhonn aonair. Tá tuilleadh eolais le fáil ar webwewant.eu agus tá an leabhrán ar fáil le híoslódáil.

[gview file=”https://www.webwise.ie/wp-content/uploads/2014/05/Web-We-Want.pdf”] Download Web We Want