Cás-staidéar: Future Voices – An Chibearbhulaíocht

Cás-staidéar: Future Voices – An Chibearbhulaíocht

FutureVoices

Eagraíocht neamhrialtasach é Future Voices Ireland a bhunaigh grúpa dlíodóirí le go n-éistfeadh an pobal lena bhfuil le rá ag aos óg na linne seo. Leagann Future Voices béim ar chumas an aosa óig labhairt amach lena nglór féin faoi na hathruithe atá á gcur ar an dlí faoi láthair, go háirithe na dlíthe a bhaineann le Cearta Leanaí agus Bunreacht na hÉireann. Is é príomhchuspóir Future Voices ár dtodhchaí, ár nglór, ár nglúin a chosaint. San alt seo, tá áthas ar Webwise saothar le beirt rannpháirtithe in Future Voices, Nickole Borja agus Adam Lyons, a chur in bhur láthair.Tugann an saothar seo aghaidh ar an gcibearbhulaíocht ó pheirspictíocht déagóra agus tá comhairle mhaith ann do thuismitheoirí faoi bheith ag déileáil lena ndéagóirí ar mhachaire réidh.

An Chibearbhulaíocht

Le Nickole Borja agus Adam Lyons

face_of_cyberbullying_cropped

Cé mhéad duine a chaithfidh bás a fháil sula ndéanfaimid rud éigin faoi? Labhraímis féin amach ar son na n-íospartach le go gcloisfidh an pobal uile iad. Is féidir linn, le chéile, guth a thabhairt do dhaoine atá curtha ina dtost ag an mbulaíocht, ar líne agus as líne, agus macalla a bhaint as an bpobal go léir lena dteachtaireachtsan. Is féidir linn deireadh a chur lena bhfulaingt agus cosc a chur le tuilleadh íospartach ach feasacht a ardú ar an mbaol folaigh a bhaineann leis an saol ar líne agus deis a thabhairt do thuismitheoirí dul i dtaithí ar shuíomhanna líonraithe shóisialta, ar fhóin chliste, ar tháibléid agus ar an Idirlíon ó pheirspictíocht déagóra, sa chaoi go dtuigfidh siad an chaoi a bhfuil luí ar dhéagóirí a bheith róghafa leis na suíomhanna sin agus an chaoi ar féidir leo an chontúirt agus an baol sin nach eol don úsáideoir a mhaolú go hoilte.

Is ionann an chibearbhulaíocht agus ciapadh nó drochíde ó bhéal ar líne. Is minic a tharlaíonn sí sa bhaile agus istoíche. Is minic freisin a bhíonn an tionchar a imríonn sí chomh mailíseach céanna nó níos mailísí fiú ná cineálacha eile bulaíochta. Baineann cibearbhulaithe leas as neamhainmníocht an Idirlín chun duine nó grúpa daoine a shaighdeadh agus a chrá go leanúnach.

Bíonn moill ann de ghnáth ag dul ar thóir an bhulaí agus éirítear as a leanúint de dheasca na neamhainmníochta faoi dheireadh. Bíonn sé deacair breith ar an mbulaí mar sin agus d’fhéadfadh an t-íospartach a bheith thíos leis an mbulaíocht go fisiciúil agus go mothúchánach ar feadh a s(h)aoil. Tá taithí a bhíonn ag déagóirí ar an gcibearbhulaíocht sa lá atá inniu ann ag dul in olcas agus ag éirí níos trámaí i gcónaí. Is deacair do dhéagóirí labhairt le duine eile faoina bhfuil ag cur as dóibh agus ní féidir le seisiún teiripe cabhrú leo ach go pointe.

Is ceist ríthábhachtach anois í an chibearbhulaíocht d’aos óg na linne seo agus bíonn deacrachtaí chomh mór sin ag cuid acu déileáil leis an iompar ionsaitheach sin go gcuimhníonn siad ar lámh a chur ina mbás féin agus, uaireanta, cuireann. Ní leor anois duine a “bhlocáil” ar líne, mar tarlaíonn an bhulaíocht lasmuigh de réimse na meán sóisialta freisin (íospartaigh as líne). I gcásanna dá leithéid, éireoidh sé níos deacra don íospartach cur suas leis na fadhbanna ollmhóra a chruthaíonn an drochiompar sin mura dtuairisceofar é.

Ní labhróidh íospartaigh faoina bhfuil ag cur as dóibh mura bhfuil muinín acu as an duine eile. De bharr na teicneolaíochta nua atá tagtha chun cinn thar thréimhse ghairid tá athrú tagtha ar an gcaoi a mbíonn daoine ag caidreamh lena muintir agus lena gcairde. Tá suíomhanna líonraithe shóisialta ann a ligeann duit duine éigin eile a fheiceáil go leictreonach le ceamara. Is lú an seans dá dheasca go mbeifear ag caidreamh duine le duine ar bhonn laethúil. Tá déagóirí go háirithe níos gníomhaí ar líne ó thaobh chúrsaí sóisialta de ó tháinig na suíomhanna líonraithe shóisialta chun cinn. Tá méadú as cuimse tagtha le blianta beaga anuas ar líon úsáideoirí na suíomhanna sin. Bíonn déagóirí ag scríobh ‘stádas’ nua gan stad gan staonadh, cheapfá, ag fógairt don saol mór cá bhfuil siad, céard atá ar siúl acu nó cén uair a bheidh.

Ní mór do thuismitheoirí a bheith níos feasaí ar an mbaol agus ar an gcontúirt a bhaineann leis an Idirlíon. Caithfidh siad iarracht a dhéanamh a bheith ag caidreamh lena bpáistí níos minice sa chaoi go mbeidh muinín acu astu agus go mbraithfidh siad compordach ag labhairt leo faoin méid a dhéanann agus a fheiceann siad ar líne. Bealach amháin leis seo a dhéanamh ná ceardlanna a chur ar bun ar a bhféadfadh páistí agus tuismitheoirí freastal in éineacht chun treoirlínte bunúsacha sábháilteachta Idirlín a fhoghlaim mar aon leis an gcaoi ar féidir leo a n-aitheantas a chosaint ar líne.

Ceist thromchúiseach í an chibearbhulaíocht nach mór aghaidh a thabhairt uirthi, óir tá líon na gcásanna di ag dul i méid go sciobtha faoi mar a léirítear ar: http://www.bullyingstatistics.org/content/cyber-bullying-statistics.html. Faoi mar a thuairiscigh The Irish Examiner ar an 29 Deireadh Fómhair 2012, “is é bás Erin Gallagher an tríú huair le roinnt seachtainí anuas inar cosúil gur chuir duine lámh ina bhás féin de dheasca na cibearbhulaíochta”.