Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017

Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017





Rinneadh ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín an 7 Feabhra 2017 in Éirinn agus ar fud an domhain. Bhí ceann na bliana seo ar an gceann is mó agus is fearr fós!

Bhí 420 imeacht de chuid Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl ar fud na hÉireann i scoileanna agus in eagraíochtaí agus bhí breis is 75,000 leanbh rannpháirteach iontu. Bhí raon leathan gníomhaíochtaí, imeachtaí agus teachtaireachtaí maidir le sábháilteacht idirlín ar siúl i mbliana. Seo roinnt de na buaicphointí ó Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017.

 

Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín @ Facebook HQ


Le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017, thionóil Webwise Éireann plé beo painéil tuismitheoireachta chun mol nua ar líne do thuismitheoirí agus treoir a sheoladh. Webwise le haghaidh Tuismitheoirí ina dtabharfar comhairle agus eolas praiticiúil do thuismitheoirí a chuideoidh leo dul i ngleic le haon imní atá orthu faoi na rudaí éagsúla a bhíonn os comhair a gcuid leanaí ar líne. Tá saineolas ar an mol nua ó ghairmithe éagsúla, lena n-áirítear John Sharry (Síciteiripeoir Leanaí agus Teaghlaigh) agus Colman Noctor (Síciteiripeoir Leanaí agus Ógánach), agus tairgtear leideanna áisiúla ann chun comhrá a thosú agus tugtar leideanna chun sábháilteacht idirlín a bhainistiú sa bhaile.

lá na sábháilteachta idirlín, 2017 in Éirinn

Breathnaigh ar an tuarascáil iomlán nuachta ó Facebook le news2day anseo: rte.ie/news2day/

 

Ceiliúradh Lá na Sábháilteachta Idirlín ar fud na hÉireann


Le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017 ghlac sibh páirt i ndúshláin na mainicíní, thaispeáin sibh bhur scileanna dabála dúinn, rinne sibh rapcheol faoi shábháilteacht Idirlín, chruthaigh sibh póstaeir dhathannacha, ghlac sibh páirt i ndrámaí ranga, rinne sibh físeáin agus a lán rudaí eile! Seo blaiseadh beag go díreach ar conas a rinne scoileanna, grúpaí óige agus eagraíochtaí ar fud na hÉireann ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín.
































The Feathers in the Wind le Scoil Náisiúnta an Lisín


Chun Lá na Sábháilteachta Idirlín, an 7 Feabhra 2017, a cheiliúradh, chruthaigh Scoil Náisiúnta an Lisín an físeán seo bunaithe ar an seanscéal “The Feathers in the Wind”.


“Ba mhaith linn a chreidiúint go dtabharfaidh ár dteachtaireacht orainn, agus ar dhaoine eile tá súil againn, smaoineamh faoi na hiarmhairtí a bhaineann leis an rudaí a phostálaimid ar líne. Tharlaí na heachtraí go díreach mar a thaispeántar sa scannán – thug ár múinteoirí go dtí an clós muid, d’inis siad tús an scéil dúinn, thug siad amach an piliúr, agus lig siad do cibé rud a tharla, tarlú, sular chríochnaigh siad an scéal agus cumhacht an Idirlín a chur i gcuimhne dúinn agus rabhadh a thabhairt dúinn faoi rud ar bith a d’fhéadfaimis a chur ar líne choíche. Teachtaireacht láidir – táimid fós ag cuardach cleití!”







Óstálann Scoil Náisiúnta Chloch Roe Seachtain na Sábháilteachta Idirlín


Chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh, chraol daltaí Scoil Náisiúnta Chloch Roe moltaí sábháilteachta Idirlín ar Sheó Raidió thar an gcóras idirchum. Chuir siad moltaí éagsúla ar shábháilteacht Idirlín chun cinn gach lá ag súil go spreagfadh sé plé agus díospóireacht sa seomra ranga gach lá. Lena chois sin, chruthaigh an scoil leathanach tiomanta do shábháilteacht Idirlín do thuismitheoirí agus do dhaltaí ina dtugtar a lán moltaí úsáideacha agus comhairle úsáideach: cloghroens.com/internet-safety-2017

lá na sábháilteachta idirlín, 2017 in Éirinn

Níl ansin ach blaiseadh beag den dóigh ar cheiliúir Éire Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2017. Ár mbuíochas le gach duine a bhí páirteach linn agus a roinn a scéalta linn. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Lá na Sábháilteachta Idirlín in Éirinn téigh chuig: saferinternetday.ie/