Déan ceiliúradh ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016
Cabhraigh le do scoláirí agus le leanaí a bheith ina n-úsáideoirí níos fearr idirlín ach Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh ar scoil nó sa bhaile Dé Máirt, an 9 Feabhra 2016.
Agus é á chur chun cinn in Éirinn ag SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas agus ag Webwise, is é cuspóir Lá na Sábháilteachta Idirlín feasacht a ardú ar an dóigh a dtig linn uile cúnamh a thabhairt chun idirlíon níos fearr a chruthú.
Tá Webwise ag tabhairt suaitheantais agus bandaí rosta le haghaidh na sábháilteachta idirlín saor in aisce i mbliana do scoil ar bith a roinneann a cuid pleananna chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh. Is é téama imeacht 2016 ná “Cruthaímis Idirlíon níos fearr le chéile” agus úsáidfear na haischlibeanna #Up2Us agus #SID2015 chun cabhrú le feasacht a ardú ar líne.
Cad is féidir linn a dhéanamh chun Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh?
Tá liosta imeachtaí agus gníomhaíochtaí molta atá bunaithe sa seomra ranga ar shuíomh idirlín Lá na Sábháilteachta Idirlín agus is féidir iad a úsáid chun Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a cheiliúradh. Má tá suim agat an ceiliúradh a dhíriú ar an gcibearbhulaíocht, tá smaointe ag an suíomh idirlín, Bí Aireach faoi do Spás maidir le conas timpeallacht níos cuimsithí ar líne a chur chun cinn.
MySelfie agus an Domhan Mór (Acmhainn bunscoile)
Acmhainn OSPS é an Lámhleabhar do Mhúinteoirí in aghaidh na Cibearbhulaíochta sna Bunscoileanna a cruthaíodh chun daltaí i rang a cúig agus i rang a sé a chur ar an eolas faoin gcibearbhulaíocht. Gné lárnach den acmhainn seo is ea sraith beochaintí gearra. Cabhróidh siad seo le scoláirí scileanna agus tuiscint a fhorbairt chun an t-idirlíon a úsáid go freagrach, go héifeachtach agus go hairdeallach ar chúrsaí sóisialta, agus iad ag baint triail as líonraí sóisialta den chéad uair. Ordaigh cruachóip saor in aisce nó íoslódáil MySelfie agus an Domhan Mór.
Téigh i ngleic leis an gcibearbhulaíocht (Acmhainn bunscoile)
Glac na chéad chéimeanna chun an ceann is fearr a fháil ar an gcibearbhulaíocht leis an bPaca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us. Istigh sa phaca uirlisí gheobhaidh tú gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an mbulaíocht, greamáin dhathannacha agus soláthairtí chun feachtais phóstaeir idirghníomhaigh a chruthú. San áireamh freisin tá an Lámhleabhar do Mhúinteoirí ar Fhrithbhulaíocht de chuid #Up2Us ina bhfuil 10 gcinn de smaointe faoi cheachtanna do OSPS na Sraithe Sóisearaí. Ordaigh cruachóip shaor in aisce anois.
Íoslódáil Paca Ríomhshábháilteachta Teaghlaigh
Tá an paca gníomhaíochta iomlán, an ‘Paca Ríomhshábháilteachta Teaghlaigh’, dírithe ar leanaí idir sé bliana d’aois agus dhá bhliain déag d’aois. Ceapadh é chun cúnamh a thabhairt do thuismitheoirí na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le scimeáil ar an ngréasán a roinnt ar bhealach taitneamhach mealltach. Tá treoir ríomhshábháilteachta do thuismitheoirí ann, mar aon le bunrialacha teaghlaigh, teastas teaghlaigh, greamáin agus cáschártaí. Cliceáil anseo chun an Paca Ríomhshábháilteachta Teaghlaigh a íoslódáil.
Chun tuilleadh smaointe a fháil do thuismitheoirí, téigh chuig saferinternetday.ie/parents/
Smaointe breise
Is iomaí bealach ann a bheith rannpháirteach i Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016, cén fáth nach n-eagraíonn tú caint ó na Gardaí (Clár Meánscoileanna na nGardaí) i do scoil chun labhairt faoi shábháilteacht idirlín, nó d’fhéadfá físeán a chruthú ar leideanna chun a bheith sábháilte ar líne. Tá go leor acmhainní agus póstaeir éagsúla againn anseo chun cabhrú leat Lá na Sábháilteachta Idirlín 2016 a cheiliúradh.
Inis dúinn cad atá beartaithe agat le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín agus faigh luach saothair ar do chuid oibre
Ba mhaith le Webwise tacú le hiarrachtaí na scoileanna go léir Lá na Sábháilteachta Idirlín a cheiliúradh. Inis dúinn cad atá beartaithe agat le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín tríd an bhfoirm ar líne seo agus gheobhaidh tú bandaí rosta agus suaitheantais maidir le sábháilteacht idirlín a bheidh tú in ann a dháileadh ar na scoláirí ar an lá.
Ná déan dearmad do phleananna a insint dúinn le haghaidh #SID2016 ag úsáid #up2us!