Fóram Eorpach FOSI 2013 – BÁC

Fóram Eorpach FOSI 2013 – BÁC

Fóram Institiúid Sábháilteachta Ar Líne do Theaghlaigh - Baile Átha Cliath, Bealtaine 2013

Ar an 15 Bealtaine 2013, thionóil FOSI, Institiúid Sábháilteachta Ar Líne do Theaghlaigh, a Fóram Eorpach i bhfoirgneamh Google i nDugthailte Bhaile Átha Cliath.

I gcomhthráth le hUachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá i seilbh na hÉireann don chéad sé mhí in 2013, roghnaíodh Baile Átha Cliath a bheith ar an ionad a d’óstálfadh fóram bliantúil Eorpach FOSI.

Tarraingíodh aird ar raon leathan saincheisteanna agus rinneadh plé orthu ag an ócáid, lena n-áirítear sábháilteacht ar líne, príobháideacht, cosaint sonraí agus saoránacht dhigiteach.

Ba í Frances Fitzgerald T.D., an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an príomhchainteoir do sheisiún na maidine. Labhair an tAire Fitzgerald faoin ngá a ghabhann le freagracht agus saoránacht dhigiteach a chur chun cinn. Luaigh sí an tábhacht a bhaineann leis na gnéithe dearfacha den eispéireas ar líne a chur chun cinn freisin. Luaigh sí nach mór dúinn mar shochaí na gnéithe is measa den Idirlíon a rialú agus na gnéithe is fearr den Idirlíon a chur chun cinn.

Ba éard a bhí san ócáid roinnt painéal a phléigh topaicí éagsúla. I bPainéal 1, a raibh Stephen Balkham, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FOSI, i gceannas air, pléadh Sábháilteacht agus Saoránacht. Ardaíodh an coincheap a bhaineann le ‘saoránach digiteach’ nó ‘netizen’ (‘saoránach Idirlín’) agus rinne an painéal plé ar na freagrachtaí agus ar na bearta a d’fhéadfadh gach duine a úsáideann an tIdirlíon a dhéanamh chun áit níos sábháilte a dhéanamh den Idirlíon. Is úsáideoirí Idirlín iad saoránaigh thíre agus ba cheart gach iarracht a dhéanamh ar sheirbhísí sábháilte a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme do gach saoránach, cibé acu atá siad ag gabháil dó ar líne nó as líne.

I bPainéal 2, clúdaíodh cosaint sonraí agus cuireadh béim ar leith ar fhaisnéis phearsanta agus ar an dóigh ar sócmhainn thábhachtach í seo agus ar cheart í a chosaint mar sin. Luadh an sárú féideartha ar chóipcheart i dtimpeallacht oideachais freisin. Labhraíodh faoi chásanna inar tugadh spreagadh do dhaltaí íomhánna ón Idirlíon a íoslódáil agus a úsáid le haghaidh tionscadail scoile. Cé gur uirlis shármhaith an tIdirlíon le haghaidh foghlama agus oideachais, ní mór duit a bheith cúramach agus ábhar a íoslódáil agus tú cinnte go bhfuil cead an tsealbhóra cóipchirt agat lena déanamh.

Ba í príobháideacht an topaic don phlé painéil deiridh. Labhair cainteoirí tionscail ó Twitter agus Facebook faoin iarracht a dhéanann siad chun a chinntiú gurb iad a gcairde iarbhír a bhfuil leanaí ag labhairt leo agus iad ag déanamh teagmhála lena gcairde ar líne. Tá follasacht, cuntasacht agus rialú ó thaobh an tionscail de agus i gcomhair úsáideoirí araon ag teastáil ar fud an domhain.

Topaic thábhachtach eile ba ea loirg charbóin agus labhair roinnt múinteoirí agus teagascóirí faoin tábhacht a bhaineann le ‘Smaoineamh roimh ghliogáil’ a theagasc do dhaltaí. Déantar tuairimí agus ábhar a phostáiltear ar an Idirlíon a chartlannú go buan agus, fiú má scriosann tú rud éigin, ar na meáin shóisialta go háirithe, ní féidir leat a bheith cinnte go bhfuil an píosa bunaidh, nó an píosa foinse, scriosta mar gheall ar an bhfáil ar chomhroinnt, ar athbhíogaíl agus ar an ngabháil scáileáin sheanfhaiseanta.

Thug Claire Perry MP, Comhairleoir Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an Óige, an t-aitheasc deiridh agus labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le ‘scagairí’ a chur i bhfeidhm ar wifi sa bhaile agus san fhearann poiblí araon. Tá breithniú á dhéanamh ag an Ríocht Aontaithe ar shocrú ‘rogha diúltaithe’ a chur i bhfeidhm do scagairí ábhair ar an Idirlíon a shocrófaí ag leibhéal líonra nó ISP chun bac a chur ar aon áisc d’ábhar gáirsiúil a d’fhéadfadh leanaí a rochtain.

Bhí sé iontach maith lucht éisteachta chomh héagsúil sin a fheiceáil, idir pholaiteoirí agus mhúinteoirí agus chuideachtaí teicneolaíochta, ag teacht le chéile ar son shaincheist an-fhiúntach na sábháilteachta Idirlín.