Imscrúdú ar Facebook Ireland de Bharr Imní faoi Phríobháideachas

Imscrúdú ar Facebook Ireland de Bharr Imní faoi Phríobháideachas

Tá Facebook, an suíomh gréasáin líonraithe shóisialta a bhunaigh Mark Zuckerberg a bhain céim amach in Ollscoil Harvard, ar cheann de na suíomhanna gréasáin is mó éileamh ar domhan. Corruair, bíonn sé mar cheann de na suíomhanna gréasáin is conspóidí freisin.

Meastar go mbaineann 800 milliún duine úsáid as Facebook ar fud na cruinne. Rinneadh scannán faoi sa bhliain 2011 dar theideal, ‘The Social Network’.

In ainneoin go bhfuil an oiread sin éilimh air, chuir mórán daoine i gcoinne thionscadal líonraithe shóisialta Zuckerberg freisin de thoradh líomhaintí i leith sárú príobháideachais agus mí-úsáid sonraí pearsanta.

Sa bhliain 2011, thaisc Europe versus Facebook, grúpa mic léinn ón Ostair, 22 gearán maidir le hoibríochtaí an tsuímh chuig Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí in Éirinn, a bhfuil freagracht uirthi as monatóireacht a dhéanamh ar Facebook taobh amuigh de Mheiriceá Thuaidh.

I measc na n-éileamh a rinne an grúpa tá a maíomh go bhfuil cuideachta Zuckerberg, a bunaíodh mar ghnólacht phoiblí ar stocmhalartán Nasdaq ar na mallaibh, ag bailiú sonraí faoina cuid úsáideoirí i ngan fhios dóibh nó gan a dtoiliú agus go bhfuil úsáid á baint as na sonraí seo ar mhaithe leis an gcuideachta féin.

Anuas air sin, dhearbhaigh Europe versus Facebook nach bhfuil smacht ar bith ag na húsáideoirí ar chlibeáil grianghraf agus d’éiligh an grúpa gur minic nach féidir faisnéis phearsanta a scriosadh ón suíomh.

Cáineann lucht freasúra Facebook an suíomh de bharr imní faoi phríobháideachas.

Ar na saincheisteanna eile ar leag an grúpa béim orthu tá go bhfuil beartas príobháideachais Facebook bréagnaitheach agus go sáraíonn teicneolaíocht nua d’aithint aghaidhe ceart an úsáideora chun príobháideachais.

De bhun na ngearán, thionscain Billy Hawkes, an Coimisinéir Cosanta Sonraí (DPC), iniúchadh ar Facebook Ireland, a bhfuil freagracht air as oibríochtaí an ghnólachta timpeall na cruinne.

Tar éis torthaí an iniúchta a fhógairt i mí na Nollag 2011, cháin an DPC Facebook as ucht faisnéis phearsanta a choimeád rófhada.

Mhol an DPC an chuideachta Idirlín freisin, áfach, as a comhoibriú agus as an “cur chuige dearfach” a bhí aici i dtaca le meas a léiriú do phríobháideachas daoine.

[pdf:http://dataprotection.ie/documents/facebook report/final report/report.pdf]

I measc na moltaí a shonraítear san iniúchadh, iarrtar ar Facebook níos mó faisnéise a thabhairt dá úsáideoirí faoi chlibeáil grianghraf, rogha ‘diúltaigh’ a chur san áireamh, agus níos mó faisnéise a sholáthar faoi theicnící spriocdhírithe fógraíochta na cuideachta.

Ba cheart go mbeadh ceart iomlán rochtana ag úsáideoirí freisin ar a gcuid sonraí pearsanta agus níor mhór go scriosfaí cuntas duine ina iomláine laistigh de 40 lá tar éis dó nó di an suíomh gréasáin a fhágáil.

Tá an DPC le scrúdú a dhéanamh ar chomhlíonadh na dtorthaí i mí Iúil 2012.