Ní réiteofar saincheisteanna tuismitheoireachta toisc ‘go bhfuil aip ann faoina choinne’

Ní réiteofar saincheisteanna tuismitheoireachta toisc ‘go bhfuil aip ann faoina choinne’

Staidéar Nua ar Rialúcháin Tuismitheoirí Ar Líne ó Pháistí an AE ar Líne:Rialúcháin tuismitheoirí 

Ní mór seasamh láidir a ghlacadh maidir le rialúcháin tuismitheoirí ar líne toisc go n-oibríonn a gcuid feidhmiúlachtaí ar gach aon bhealach. In ainneoin na ndea-aidhmeanna go léir, bíonn drochthorthaí ag úsáid rialúchán tuismitheoirí a bhaineann ní hamháin le deiseanna maidir le sábháilteacht leanaí, ach bagairtí freisin a mbíonn tionchar acu ar an gcaidreamh muiníne a bhíonn idir an tuismitheoir agus an leanbh.

Níor chóir féachaint ar rialúcháin tuismitheoirí mar aipeanna faire

Ina dtuarascáil taighde de chuid Pháistí an AE ar Líne, ina ndearnadh athbhreithniú ar thaighde acadúil Béarla maidir le rialúcháin tuismitheoirí agus leanaí, bhain Bieke Zaman agus Marije Nouwen de thátal as go mbaineann formhór de rialúcháin tuismitheoirí an lae inniu le cosc, ag díriú ar rioscaí a sheachaint agus ar iompar a shrianadh. Mar sin féin, de thoradh (an iomarca) smachta agus tuismitheoireacht (ró)dhian d’fhéadfadh sé tarlú nach bhfaigheann leanaí rochtain ar bith ar dheiseanna ar líne.

D’fhéadfadh fócas aontaobhach ar chosaint trí chosc a bheith díobhálach fiú do chearta agus d’fholláine leanaí. Nuair a chuirtear cosc ar ghníomhaíochtaí ar líne d’fhéadfaí, mar shampla, bac a chur ar cheart linbh leas nó buntáiste a bhaint as caidrimh, cumarsáid, taiscéalaíocht, faisnéis, etc. ar líne. Nuair a chuireann an tuismitheoir srianta i bhfeidhm gan aon mhíniú nó phlé, seans go gcruthóidh sé sin teannas níos measa laistigh den teaghlach féin. Má bhítear ag gabháil do ‘spiaireacht’ mar a bheadh ar Big Brother trí rialúcháin tuismitheoirí d’fhéadfadh an baol a bheith leis sin freisin go nochtfaí faisnéis faoi dhaoine eile.

Dá bhrí sin, níor cheart féachaint ar uirlisí tuismitheoirí mar aipeanna faire a fhreastalaíonn ar riachtanais tuismitheoirí ar mhaith leo a bheith ar ‘foluain’ os cionn an linbh d’aon ghnó nó de thimpiste díreach ar mhaithe le bheith ag faire. Téann an cumas atá ag rialúcháin tuismitheoirí níos faide ná díreach feidhmeanna coisctheacha agus cosanta. Ó tharla nach bhfuil sé ar ár gcumas ár gcuid leanaí a chosaint go hiomlán ar líne riamh, d’fhéadfaí réitigh a áireamh le bearta cosanta a chuidíonn le leanaí níos mó teacht aniar a bheith iontu an baol agus an dochar a d’fhéadfadh a bheith os a gcomhair a láimhseáil. Níl bearta smachta agus sriantacha in ann an sprioc sin a bhaint amach.

 

Cé chomh héifeachtach is atá rialúcháin tuismitheoirí?

Maidir le héifeachtacht rialúchán tuismitheoirí, rinne Bieke Zaman agus Marije Nouwen scrúdú grinn ar an gcorpas taighde atá ann faoi láthair agus bhain siad de thátal as nach bhfuil a fhios againn i ndáiríre cibé an n-oibríonn nó nach n-oibríonn rialúcháin tuismitheoirí! I dtaighde roimhe seo ar úsáid na rialúchán tuismitheoirí níor thángthas ar fhreagra críochnaitheach maidir lena n-éifeachtacht chun na rioscaí a bhíonn os comhair leanaí ar líne a laghdú.

Níl aon fhreagra díreach amach is amach ar cibé an n-oibríonn siad nó nach n-oibríonn. Má shocraíonn tuismitheoirí rialúcháin tuismitheoirí a chur isteach, ní dhéanfaidh siad comhtháthú orthu ar an mbealach céanna leis na straitéisí idirghabhála tuismitheoirí, a bhíonn casta, dinimiciúil agus saobhchiallda go minic. Braitheann cleachtais idirghabhála tuismitheoirí ar an gcomhthéacs ina mbíonn siad, a athraíonn de réir a chéile (féach mar shampla ar an tóir a bhíonn ar inneachar nó ar ghaireas inniu, ach a bheidh difriúil amárach) agus a bhíonn éagsúil idir áiteanna éagsúla (e.g., rialacha níos boige sa charr nó i mbialann). Faoi chúinsí áirithe, bíonn na teicneolaíochtaí mar ionadaí (e.g. mar ‘fheighlí linbh’), agus i gcúinsí eile bíonn siad mar ábhar sa chaidreamh idir an tuismitheoir agus an leanbh.

Moltaí do thuismitheoirí

Seachain tuismitheoireacht róchosanta

  • Níor cheart do thuismitheoirí a bheith ródhian ná róchosanta;
  • Níor cheart do thuismitheoirí féachaint ar rialúcháin tuismitheoirí mar aipeanna faire chun a bheith ar ‘foluain’ os cionn a gcuid leanaí d’aon ghnó nó de thimpiste díreach ar mhaithe le bheith ag faire orthu;
  • Ba cheart go mbeadh a fhios ag tuismitheoirí nach múineann pionóis (e.g. cosc ar ógánaigh na meáin shóisialta a úsáid) luachanna ná noirm do leanaí, agus is mó seans a bhíonn ann go mbeidh siad ag gabháil do mhí-iompar i ngan fhios dá dtuismitheoirí.

Bíodh a fhios agat go bhfuil dúshláin eiticiúla i gceist

  • Ba cheart do thuismitheoirí na socruithe i gcomhair rialúchán tuismitheoirí a phlé lena leanbh, toisc go mbeidh tionchar ag na socruithe de réir a chéile ar ghníomhaíochtaí agus ar phríobháideachas na leanaí (ar líne) amach anseo;
  • Ba cheart go mbeadh tuiscint ag na leanaí ar na hiarmhairtí eiticiúla fadréimseacha a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid na rialúchán tuismitheoirí níos faide ná aonad an teaghlaigh féin. Nuair a dhéantar monatóireacht ar iompar leanaí ar líne nochtar faisnéis faoi chairde na leanaí agus faoi dhaoine eile.

Rialúcháin tuismitheoirí mar bhealach chun tús a chur le cumarsáid

  • Ní gá go mbeadh an úsáid a bhaintear as rialúcháin tuismitheoirí bunaithe ar smacht oscailte, ina ionad sin ba cheart dó díriú ar thacaíocht do thuismitheoirí agus ar ionchais shoiléire a leagan síos;
  • Ba cheart rialúcháin tuismitheoirí a thuiscint mar rudaí a éascaíonn plé idir an tuismitheoir agus an leanbh ar cad atá i gceist le hábhar agus le hiompar cuí agus míchuí;
  • Ba cheart do thuismitheoirí a bheith díreach nuair atá a gcúiseanna agus a mbearta maidir le rialúcháin tuismitheoirí a úsáid á bplé acu.

 

Moltaí don tionscal:

  • Díriú ar fhorbairt litearthachta digití i dteaghlaigh ina bhfuil leanaí
  • Ba cheart don tionscal agus d’fhorbróirí feidhmchlár rialúcháin tuismitheoirí a chomhtháthú leis na tionscnaimh oideachais reatha, ach ilroinnte, atá scaipthe thar shuíomhanna gréasáin, thar bhróisiúir agus thar cheardlanna éagsúla.
  • Athléimneacht a thógáil
  • Ba cheart go gcuimseofaí freisin le bearta cosanta réitigh a chuidíonn le leanaí athléimneacht a thógáil chun déileáil leis an dochar agus leis na rioscaí a bhíonn os a gcomhair.
  • Deiseanna a éascú
  • Ba cheart go mbeadh níos mó i gceist leis an gcéad ghlúin eile de rialúcháin tuismitheoirí ná díreach teorainneacha a shocrú, agus ba cheart go dtacóidís freisin le tuismitheoirí i bpróisis foghlama (coitinne) agus rannpháirtíochta (coitinne).

 

Chun tuilleadh eolais a fháil:

Sa tuarascáil “Parental controls: advice for parents, researchers and industry” nuashonraítear agus doimhnítear an tuiscint atá ar rialúcháin tuismitheoirí ar líne trí thuiscint a thabhairt ar na feidhmiúlachtaí a bhaineann le rialúcháin tuismitheoirí chun teaghlaigh a bhfuil leanaí agus ógánaigh acu a threorú chun úsáid stuama a bhaint astu; Anailís mhion ar na saintréithe a bhaineann le hidirghabháil theicniúil, chun tacú le taighdeoirí in idirghabháil tuismitheoirí chun scéimeanna scálaí agus anailíse cothrom le dáta a fhorbairt; Anailís réasúnaithe ar an gcumas atá ann an chéad ghlúin eile de rialúcháin tuismitheoirí a dhearadh a d’fhéadfadh spreagadh a thabhairt don tionscal.

Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le Bieke Zaman (bieke.zaman@soc.kuleuven.be) agus le Marije Nouwen (marije.nouwen@soc.kuleuven.be) nó téigh chuig www.eukidsonline.net

Faisnéis faoin tionscadal agus faoin suirbhé:

Tá líonra Pháistí an AE ar Líne á mhaoiniú ag an gClár um Idirlíon níos Sábháilte de chuid an Choimisiúin Eorpaigh i dtrí chéim rathúla oibre ó 2006-14 d’fhonn eolas ar thaithí agus ar chleachtais leanaí agus tuismitheoirí a fheabhsú maidir le húsáid chontúirteach agus níos sábháilte an idirlín agus teicneolaíochtaí nua ar líne.

Mar chuid ollmhór dá chuid gníomhaíochtaí, rinne Páistí an AE ar Líne suirbhé duine le duine sa bhaile i rith 2010 ar 25,000 úsáideoir idirlín idir 9 mbliana d’aois agus 16 bliana d’aois agus a dtuismitheoirí i 25 tír trí úsáid a bhaint as sampla randamach srathaithe agus modhanna féin-chomhlánaithe i gcás ceisteanna íogaire.

Tá taighdeoirí agus páirtithe leasmhara ó 33 tír san Eoraip agus níos faide ó bhaile sa líonra anois, agus leanann sé ag anailísiú agus ag nuashonrú an bhoinn fianaise chun beartas a threorú.

Chun na tuarascálacha go léir, na torthaí agus an fhaisnéis ón suirbhé teicniúil, chomh maith leis na sonraí iomlána maidir le comhpháirtithe náisiúnta a fháil, téigh chuig www.eukidsonline.net

Chun tuilleadh eolais a fháil arFhoireann na Beilge i bPáistí an AE ar Líne, tagraímid do http://www.lse.ac.uk/media@lse/research/EUKidsOnline/ParticipatingCountries/belgium.aspx