Ócáid Feasachta ar Chibearbhulaíocht

Ócáid Feasachta ar Chibearbhulaíocht

Mar thoradh ar thionscadal nuálach atá treoraithe ag an pobal, tá taithí phearsanta ag na céadta dalta meánscoile i Luimneach ar an tionchar dochrach a bhíonn ag an gcibearbhulaíocht ar a híospartach.

Reáchtáil Comhpháirtíocht Sábháilteacht Phobail Luimnigh a hócáid bhliantúil, Sráid na Sábháilteachta, an tseachtain seo in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh (LIT). Treoraíodh daltaí ón gceantar áitiúil trí roinnt timpeallachtaí difriúla sóisialta le hamharc ar radhairc atá tar éis éirí ró-choitianta don aos óg, ar an drochuair.

Rinne daoine óga áitiúla tréitheacha aisteoireacht ar na radhairc. Cuireadh radhairc in iúl ón seomra ranga, ón gclós scoile, ón tsráid agus ón mbaile agus léiríodh iontu an dóigh a mbíonn tionchar ag an mbulaíocht – ag an gcibearbhulaíocht go háirithe – ar shaol an íospartaigh.

Léiríodh sna radhairc an tionchar a bhíonn ag cibearbhulaíocht ar íospartach

Rinne an lucht féachana a mbealach trí roinnt céimeanna difriúla, áiteanna a ndearna na daltaí aisteoireacht ar na radhairc ghearra chainte.

I radharc amháin ón seomra ranga, rinne múinteoir a dhícheall smacht a choinneáil ar scaoileadh téacsanna a bhí dírithe ar an íospartach.

Taispeánadh na téacsanna ar scáileán mór faoi choinne an lucht féachana; fuair siadsan fíorléargas ar a fhorleataí agus ar a chontúirtí a bhíonn an cineál seo bulaíochta.

Sheas an radharc teaghlaigh amach san ócáid ar fad. D’éirigh an caidreamh idir an mháthair agus a mac – a bhí thíos leis an mbulaíocht – teannasach de bharr an bhrú mothúcháin a bhí ar an déagóir a raibh bulaíocht á himirt air.

Mar gheall ar nádúr forleatach na teicneolaíochta, ní raibh an t-íospartach in ann éalú ó na bulaithe níos mó nuair a bhain sé an baile amach.

Ina áit sin, bhí bulaíocht á dhéanamh air i rith an ama trí theachtaireachtaí téacs agus trí shuíomhanna líonraithe shóisialta.

Chuaigh sé seo i gcion ar a chaidreamh lena dhlúthchairde agus lena theaghlach agus scaoil sé a bhfrustrachas leis na daoine ba mhó a raibh sé mór leo, de thoradh an bhrú mothúcháin a d’eascair as an mbulaíocht.

Tugadh deis don lucht féachana ansin ceisteanna a chur agus plé a dhéanamh ar na saincheisteanna a tháinig aníos sa léiriú machnamhach corraitheach cruthaitheach seo arna chur i láthair ag oibrithe deonacha san Iardheisceart.

Beidh an t-imeacht ar siúl Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin an tseachtain seo ar feadh trí lá agus le linn an ama sin, déanfaidh na céadta dalta ón gceantar freastal ar na seisiúin, a mhaireann 45 nóiméad, lena múinteoirí.

Measann an lucht eagrúcháin go ndéanfaidh timpeall 450 dalta freastal ar LIT le linn na hócáide feasachta ar chibearbhulaíocht a mhaireann trí lá.

Ina dhiaidh sin, tugtar deis do na daltaí amharc ar an dúrud póstaer timpeall an tseomra a bhaineann leis na cineálacha éagsúla cibearbhulaíochta.

Bhí balla ann freisin ar a raibh na daltaí in ann a gcuid smaointe faoin méid a bhí siad tar éis a fheiceáil a chur ar nótaí post-it.

Bhí Webwise i láthair freisin chun sábháilteacht Idirlín a chur chun cinn agus tugadh fógráin, póstaeir agus acmhainní do na céadta dalta agus dá gcuid múinteoirí chun cuidiú leo dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht agus le sábháilteacht ar líne.

Seiceáil ar ais an tseachtain seo chugainn le haghaidh gailearaí pictiúr den imeacht.