Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us ar fáil anois as Gaeilge

Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us ar fáil anois as Gaeilge

AltUp2Us

Tá Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us, a sheol an tAire Oideachais ar Lá na Sábháilteachta Idirlín 2014, ar fáil anois as Gaeilge. Acmhainn teagaisc OSPS don tSraith Shóisearach is ea Paca Uirlisí #Up2Us agus is féidir é a ordú saor in aisce.

Tá sé mar aidhm ag an acmhainn dul i ngleic le saincheist na cibearbhulaíochta ach cumhacht a thabhairt do dhéagóirí rud éigin a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chibearbhulaíocht ina bpobal.

Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us ar fáil anois as Gaeilge

Tá lámhleabhar do mhúinteoirí ina bhfuil 83 leathanach sa Phaca Uirlisí. Aistríodh go Gaeilge é d’fhonn tacaíocht a thabhairt do riachtanais na nGaelscoileanna ar fud na tíre. Istigh sa lámhleabhar faightear deich bplean ceachta, cás-staidéir agus bileoga oibre tacaíochta do dhaltaí faoi thopaicí ar nós bulaíocht anaithnid ar líne, príobháideachais ar líne agus nósanna imeachta le haghaidh tuairisciú ar líne.

gníomhaíocht póstaeir nuálach idirghníomhach sa Phaca Uirlisí freisin. Rud éasca spraíúil í an ghníomhaíocht póstaeir idirghníomhach a ligfidh do dhaltaí teachtaireachtaí frithbhulaíochta a scaipeadh agus an teicneolaíocht a úsáid ar bhealach dearfach, cruthaitheach agus nuálach. Ceapadh í lena húsáid i gcásanna ina mbíonn an múinteoir nó an dalta i gceannas.

Tig le daoine óga úsáid a bhaint as greillí póstaeir, as greamáin agus as cruthanna gearrthóige an Phaca Uirlisí chun póstaeir ildaite a dhearadh a mbeidh manaí frithbhulaíochta orthu. An chuid idirghníomhach is ea go bhfuil sé beartaithe go roinnfidh na daltaí grianghraf dá bpóstaeir ar na meáin shóisialta.

Féadann scoileanna an Paca Uirlisí a úsáid chun Gnásanna Frithbhulaíochta a chur i bhfeidhm

Mar chuid de na Gnásanna Frithbhulaíochta a tugadh isteach i mí Mheán Fómhair 2013, éilítear ar gach scoil anois dul i ngleic leis an gcibearbhulaíocht. Ach úsáid á baint as Paca Uirlisí Frithbhulaíochta #Up2Us, tá scoileanna ábalta freastal ar an gceanglas atá orthu oideachas a chur ar dhaltaí agus feasacht a mhúscailt ar chibearbhulaíocht.

Ós rud é go bhfuil an oiread sin éilimh ar acmhainn #Up2Us, cuireadh an dara heagrán den leagan Béarla den acmhainn i gcló freisin. Nuashonraíodh an dara heagrán sin tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcéad fhoilseachán. Tá soláthairtí breise don ghníomhaíocht póstaeir idirghníomhach ann anois, mar aon le bileoga oibre atá níos áisiúla do dhaltaí. Ina theannta sin, dírítear níos mó ar na mothúcháin agus ar na heispéiris is cúis le gníomhartha bulaíochta duine.

Tá Pacaí Uirlisí #Up2Us á scaipeadh ag na Ceardlanna Frithbhulaíochta do phríomhoidí, a bheidh á soláthar ag an PDST timpeall na hÉireann i mí na Samhna 2014.

Is féidir crua-chóipeanna den acmhainn a ordú SAOR IN AISCE anseo.