#SIF2012: Freastalaíonn na céadta ar Fhóram maidir le Sábháilteacht ar an Idirlíon

#SIF2012: Freastalaíonn na céadta ar Fhóram maidir le Sábháilteacht ar an Idirlíon

Bhí na céadta geallsealbhóirí Eorpacha i láthair an tseachtain seo caite ag an bhFóram bliantúil maidir le Sábháilteacht Idirlín.

Reáchtáilte Déardaoin agus Dé Céadaoin san ionad cruinnithe “Square” sa Bhruiséil, chuir na dosaenacha ball d’ógphainéil ar fud na hEorpa leis an ócáid, chomh maith le hacadóirí, saineolaithe ar shábháilteacht Idirlín, tuismitheoirí, ENRanna, ionadaithe ó réimse na tionsclaíochta, eagraíochtaí um leas an pháiste agus cainteoirí ar theicneolaíocht an oideachais.

I rith an dá lá – inar pléadh na príomhthéamaí a bhaineann le hidirlíon níos fearr a chruthú do pháistí agus do dhaoine óga – reáchtáladh roinnt seisiún suimiúil agus tarraingteach.

Tráthnóna Déardaoin, bhí Simon Grehan, Oifigeach um Shábháilteacht Idirlín ag Webwise, i mbun cathaoirleachta ar cheardlann den sórt sin: “Creativity and Critical Thinking – The Essential Pillars?”

Chuir na cainteoirí uile, Ollie Bray ón Highland Council, Ewan McIntosh ó Notosh, agus Emma Mulqueeny ó Rewired State, leis an bplé maidir leis na deiseanna cruthaitheacha agus fiontraíocha a bhaineann leis an teicneolaíocht ar líne.

Le linn gach seisiúin, cuireadh béim ar rannpháirtíocht lucht éisteachta le húsáid gléas vótála ag gach bord.

Le ceann de na vótaí sin, dúirt 13 faoin gcéad de bhaill an ógphainéil go raibh siad buartha nach dtuigeann daoine fásta an tIdirlíon.

Go deimhin, chuathas go gníomhach sa tóir ar thuairimí bhaill na n-ógphainéal i rith na hócáide a mhair dhá lá le ceardlann ar mhaidin Aoine, “Exploring the Myths about a Better Internet for Kids”, ceann de dhíospóireachtaí is tarraingtí de chuid an Fhóraim maidir le Sábháilteacht Idirlín. Chuir roinnt cainteoirí ón ógphainéal eolas leis an seisiún seo.

Agus í ag oscailt na hócáide ar an Déardaoin, dúirt Neelie Kroes, Leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as an gclár digiteach, gurb é ceann dá tosaíochtaí an tIdirlíon a dhéanamh níos sábháilte do dhaoine óga.

Chuir an Bhean Kroes fáilte roimh gach duine chuig an bhFóram maidir le Sábháilteacht Idirlíon i rith a hóráide físeáin.

Dhún Patricia Manson, ceann an aonaid um Chuimsiú, um Scileanna agus um an Óige ag Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um Chumarsáid, um Ábhar agus um Theicneolaíocht, Dé hAoine trí bhuíochas a ghlacadh le gach a raibh i láthair.

Dúirt an Bhean Manson go ndéanfaí measúnú ar smaointe a thiocfadh chun cinn i rith na hócáide le linn díospóireachtaí maidir le polasaí amach anseo.

San áireamh sna daoine eile a chur leis an bhfóram ná Mary Aiken, cibearshíceolaí ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, agus an Dr Conor Galvin, taighdeoir i gColáiste na nEolaíochtaí Daonna UCD.

Baineadh an-úsáid as Twitter i rith an fhóraim le roinnt daoine, iad a bhí i láthair agus nach raibh, ag cur leis an bplé ar líne.

Buíochas le @Digital_Youth_ agus @ewanmcintosh as na físeáin agus na híomhánna.