Slua Mór ag Seimineár na bPáistí Digiteacha

Slua Mór ag Seimineár na bPáistí Digiteacha

Reáchtáladh an seimineár ba dhéanaí i Sraith Seimineár na bPáistí Digiteacha ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Déardaoin. Bhí an t-ionad lán go doras agus bhain an slua go léir taitneamh as plé fíorshuimiúil ar an úsáid a bhaineann an t-aos óg as suíomhanna gréasáin an líonraithe shóisialta.

Tháinig ionadaithe ó Facebook, an Coimisinéir Cosanta Sonraí (DPC), agus an tIonad Náisiúnta don Teicneolaíocht san Oideachas (NCTE), chomh maith le grúpaí óige agus lucht léinn le chéile chun díospóireacht a dhéanamh ar na príomhcheisteanna ag cruinniú beoga a mhair trí huaire an chloig.

Ba é Brian O’Neill, Ánra Sinsearach Taighde ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, a d’oscail an Seimineár le seoladh na dtorthaí ba dhéanaí ar a thaighde maidir le Páistí an AE ar Líne, Social Networking Among Irish 9-16 year olds.

Fuair an taighde, a bhfuil Thuy Dinh ó DIT mar chomhúdar air, cuid mhór airde sna meáin chumarsáide ní ba luaithe sa lá. Rinne an Irish Independent, suíomhanna éagsúla gréasáin agus stáisiúin raidió tuairisc ar an bpríomhthoradh – go raibh de bhreis ar leath na bpáistí in aois a 11 agus a 12, agus 20% de na páistí atá in aois a 9 agus a 10, ag baint úsáide as Facebook. Sárú é seo ar chosc na cuideachta ar úsáideoirí atá níos óige ná 13 bliana d’aois.

Tar éis an tseolta, thug Patrick Delaney, léachtóir as Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, cur i láthair ar a staidéar PhD; rinne sé scrúdú ar úsáid a bhaineann an t-aos óg as suíomhanna gréasáin an líonraithe shóisialta roimh 2010 sa staidéar sin.

Social Networking and Irish Adolescents: The Digital Life of an Irish Teenager, an t-ainm atá ar staidéar Patrick. Cuireadh in iúl sa staidéar go raibh socruithe poiblí ag 85% d’úsáideoirí déagóra Bebo ar a bpróifílí in 2007. Mar gheall air seo, bhí duine ar bith in ann teacht orthu.

Ina dhiaidh sin, rinne Marco Scarcelli, atá ina thaighdeoir ar cuairt ag DIT ó Ollscoil Padua, plé ar an tionscadal seo aigesean a bhaineann leis an úsáid a bhaineann déagóirí na hIodáile as líonrú sóisialta.

D’inis Marco don leathchéad duine sa lucht éisteachta go bhfuil mórán aosánach san Iodáil ag baint úsáide as Facebook le cumann rómánsach a thionscnamh, de réir a chuid taighde.

Tugadh le fios sa taighde freisin go raibh an-fhonn ar dhéagóirí fireanna tuairim na hIodáile faoin bhfireannacht a chur in iúl ar a bpróifíl.

SluaMóragSeimineárnabPáistíDigiteacha

Thug Billy Hawkes, an Coimisinéir Cosanta Sonraí, breac-chuntas ar ról na heagraíochta i dtaca le príobháideachas daoine a chosaint ar líne. Ba é seo an cur i láthair deireanach.

Dúirt an tUasal Hawkes go bhfuil an t-aos óg ag éisteacht leis na rabhaidh anois maidir le sábháilteacht ar líne agus go bhfuil siad níos eolaí ar dhea-shocruithe príobháideachais a choimeád ar líne. Dhearbhaigh sé freisin gur gá do shuíomhanna gréasáin an líonraithe shóisialta freagracht éigin a ghlacadh as úsáideoirí a chosaint.

Rinne an DPC iniúchadh ar Facebook in Éirinn ní ba luaithe i mbliana. Dúirt an tUasal Hawkes go raibh cur chuige dearfach i leith an phríobháideachais i bhfeidhm ag an ngnólacht Idirlín, de réir an iniúchta. Ar a shon sin, fuarthas amach san iniúchadh go raibh Facebook ag coimeád faisnéis phearsanta rófhada, rud a bhí “doghlactha” dar leis.

Eagraíodh díospóireacht phainéil tar éis sos beag. Rinne Patricia Cartes ionadaíocht do Facebook agus d’inis sí don lucht éisteachta ag an Seimineár go leanfadh an chuideachta ar aghaidh ag cur infheistíochta i ngnéithe sábháilteachta ar líne, lena n-áirítear rialuithe príobháideachais a dhéanamh níos infheicthe ar chostas a chomhéadain.

Mhaígh Patricia Cartes nach raibh réiteach ag Facebook ar úsáid faoi aois go fóill, ach go bhfuil an chuideachta de shíor ag déanamh scrúdú ar dhóigheanna chun na próifílí seo a bhrath.

Bhí Simon Grehan, an tOifigeach um Shábháilteacht Idirlín san NCTE agus ionadaithe éagsúla óige, lenar áiríodh Stephen Jordan ó Chomhairle na nÓg agus Bronte Fitzmaurice, ball de Phainéal Comhairleach Náisiúnta na nÓg, ar an bpainéal chomh maith.

Cliceáil anseo le haghaidh mhionchuntas Twitter ar an Seimineár.