Straitéis Nua um Idirlíon níos Sábháilte don Eoraip

Straitéis Nua um Idirlíon níos Sábháilte don Eoraip

StraitéisIdirlíonníosSábháiltedonEoraip

Leag an Coimisiún Eorpach plean nua amach i mí na Bealtaine seo caite chun na scileanna digiteacha a thabhairt do pháistí atá riachtanach le leas iomlán sábháilte a bhaint as an domhan digiteach.

In ainneoin nár dearadh an tIdirlíon faoi choinne páistí, sa lá atá inniu ann baineann 75% de pháistí úsáid as an Idirlíon; baineann trian acu úsáid as ar a bhfón póca.

Neartóidh an straitéis nua an margadh faoi choinne ábhar idirghníomhach cruthaitheach oideachasúil ar líne, i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún Eorpach agus ballstáit, oibritheoirí fón póca, déantúsóirí sásanna láimhe agus gnólachtaí líonraithe shóisialta.

Dúirt Neelie Kroes, Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh: “Ba mhaith liom go mbeadh gach páiste ceangailte. Tá uirlisí simplí follasacha comhsheasmhacha Idirlín de dhíth ar pháistí, áfach, chomh maith leis an eolas agus na scileanna chun leas a bhaint astu. Mar gheall ar ár dtionscnamh, tá gach cineál gníomhaí le chéile ionas go mbeidh páistí in ann níos mó ábhar den scoth, níos mó seirbhísí agus níos mó cosanta a fháil a theastaíonn uathu chun taitneamh a bhaint as an Idirlíon.”

Tá uirlisí simplí follasacha comhsheasmhacha Idirlín de dhíth ar pháistí.

De thoradh cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta, tá leibhéil dhifriúla ag páistí ar fud an AE maidir le cumasú agus cosaint ar líne.

Dá bhrí sin, is deacair do ghnólachtaí margaíocht a dhéanamh ar sheirbhísí agus ar tháirgí a thacaíonn le páistí i limistéar an euro.

Ar mhaithe leis na dúshláin seo a shárú, tá réimse beart leagtha amach ag an gCoimisiún, lena n-áirítear féinrialúchán earnáil na tionsclaíochta; ba cheart go n-eascródh réitigh ghasta sholúbtha as seo.

Mhaígh Viviane Reding, Coimisinéir an Aontais Eorpaigh um Cheartas: “Tugann an tIdirlíon deiseanna nua do pháistí agus do dhéagóirí le bheith cruthaitheach agus chun iad féin a léiriú gan bhac. Ós rud é gur dearadh an tIdirlíon do dhaoine fásta a chéaduair seachas do pháistí, caithfimid a bheith cinnte go mbíonn páistí sábháilte ar líne. Lámh chúnta a bheidh i straitéis nua an Choimisiúin chun cearta páistí a chosaint, lena n-áirítear cosaint in éadan an fhoréigin. Cur chuige ciallmhar é seo a bheidh ina chuidiú leis an Idirlíon a chur in oiriúint do riachtanais na bpáistí.”

Beidh an comhoibriú chun áit níos fearr a dhéanamh den Idirlíon do pháistí ina chuid ríthábhachtach den phróiseas seo. Tá na gníomhartha bunaithe ar cheithre phríomhsprioc:

  • Táirgeadh ábhar cruthaitheach oideachasúil ar líne do pháistí a spreagadh agus ardáin a fhorbairt a thugann teacht ar ábhar a oireann d’aois áirithe.
  • Níos mó feasachta agus teagaisc i leith sábháilteachta ar líne a thionscnamh i ngach scoil san AE chun litearthacht dhigiteach agus litearthacht mheán na bpáistí a fhorbairt, agus chun a bhféinfhreagracht ar líne a fhorbairt leis.
  • Timpeallacht shábháilte a chruthú do pháistí ina dtugtar na huirlisí riachtanacha do thuismitheoirí agus do pháistí lena gcosaint ar líne a chinntiú, mar shampla, meicníochtaí atá éasca le húsáid chun ábhar agus iompraíocht dhíobhálach ar líne a thuairisciú, réamhshocruithe follasacha príobháideachais a oireann d’aois áirithe nó rialúcháin tuismitheoirí atá éasca le húsáid.
  • Ábhar ar líne a bhualadh maidir le mí-úsáid ghnéasach páistí trí thaighde ar réitigh theicniúla nuálacha agus trí úsáid a bhaint astu le linn imscrúduithe póilíní, a chur chun cinn.

Cliceáil anseo nó glac páirt sa chomhrá ar líne ag #betterinternet4kids más spéis leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tionscnaimh seo.