Tagann Saineolaithe le chéile don Imeacht Digital Youth

Tagann Saineolaithe le chéile don Imeacht Digital Youth

Tháinig saineolaithe idirnáisiúnta ó rialtas, ón saol acadúil, ó earnáil na tionsclaíochta agus ó earnáil an oideachais le chéile Dé hAoine seo caite, an 2 Samhain, le haghaidh comhdháil uathúil i mBaile Átha Cliath.

Bhí an Siompóisiam “Digital Youth”, arna eagrú ag taighdeoirí DIT Brian O’Neill agus Thuy Dinh, ar siúl sa “Science Gallery” i gColáiste na Tríonóide.

Agus í ag oscailt na comhdhála, chuir Frances Fitzgerald, an tAire Leanaí, fáilte roimh gach a raibh i láthair agus dúirt sí go raibh sé tráthúil do na geallsealbhóirí teacht le chéile chun deiseanna teicneolaíochta do dhaoine óga a phlé.

Ina hóráid don siompóisiam, labhair an tAire Fitzgerald faoin mbealach “a bhfuil na meáin dhigiteacha ag éirí níos lárnaí i saolta ár bpáistí”.

“Tá níos mó deiseanna ann dár ndaoine óga mar gheall ar theicneolaíochtaí nua. Ba chóir béim a leagan ar na deiseanna seo. Ach tagann rioscaí leis an méid seo freisin agus ba chóir iad a mhaolú.”

Dúirt sí leis: “Agus muid ag lorg freagra ar an gcibearbhulaíocht, ba chóir dúinn aghaidh a thabhairt ar dtús ar an mbulaíocht féin. Caithfidh an scoil agus an pobal ar fad a bheith páirteach sa chur chuige chun aghaidh a thabhairt ar na buntosca.”

Phléigh sainchainteoirí, lena n-áirítear Jillian Van Turnhout, an Seanadóir neamhspleách, Simon Milner ó Facebook, Sonia Livingstone, Ollamh i réimse na Síceolaíochta Sóisialta sa London School of Economics, agus Billy Hawkes, an Coimisinéir Cosanta Sonraí, na príomh-shaincheisteanna maidir le taighde, le hoideachas agus le polasaí.

Bhí an siompóisiam dírithe ar lucht éisteachta de gheallsealbhóirí éagsúla – taighdeoirí, lucht déanta beartas, ceannairí tionscail, oideachasóirí agus grúpaí den tsochaí shibhialta. Ba é príomhaidhm an tsiompóisiam polasaí a athrú i réimse na ndeiseanna teicneolaíochta.

Agus de réir tráchtaireachta a rinne an tAire Fitzgerald, déanfaidh a roinn na príomh-shaincheisteanna a d’eascair as an ócáid a phlé.

Bhí Webwise agus roinnt eile den lucht freastail ag bíogaíl go beo i rith na hócáide. Le blas a fháil d’imeachtaí an lae, caith súil ar an haischlib #digitalyouth.

D’óstáil ‘Páistí Digiteacha’, an tionscadal taighde in Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath, Comhdháil na nÓgánach Digiteach agus reáchtáladh í i dteannta le Webwise, an tionscnamh Éireannach um shábháilteacht Idirlín, agus le Páistí an AE ar Líne, le tacaíocht ón gComhairle um Thaighde in Éirinn.

Bhí tuairisc san Irish Times maidir leis an ócáid an lá dar gcionn.

Seiceáil ar ais an tseachtain seo chugainn le haghaidh tuilleadh faisnéise, lena n-áirítear físeáin den ócáid ó @Digital_Youth_.