5 cinn d’aipeanna agus de líonraí sóisialta a thaitníonn go mór le déagóirí

5 cinn d’aipeanna agus de líonraí sóisialta a thaitníonn go mór le déagóirí

Is breá le déagóirí am a chaitheamh ar líne agus, mar thuismitheoir, ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith suas leis na meáin shóisialta, na haipeanna teachtaireachtaí agus na suíomhanna gréasáin is déanaí. Labhair Webwise le déagóirí Éireannacha le déanaí maidir leis na suíomhanna gréasáin agus na haipeanna is mó a úsáideann siad. Is iad seo a leanas na 5 aip is mó a bhíonn in úsáid ag baill ár bPainéil Óige.

Snapchat

snap

Is é is Snapchat ann ná feidhmchlár teachtaireachtaí meandracha a úsáidtear chun grianghraif, físeáin, téacs agus líníochtaí a roinnt. Tá sé saor in aisce an aip a íoslódáil agus tá sé saor in aisce teachtaireachtaí a chur tríthi. Tá an-tóir ar an aip anois taobh istigh de thréimhse an-ghairid ama, go háirithe i measc daoine óga. Tá gné amháin a fhágann go bhfuil Snapchat éagsúil le cineálacha eile téacsála agus roinnte grianghraf: téann na teachtaireachtaí as radharc ó fhón an fhaighteora tar éis cúpla soicind. 

Cén fáth a dtaitníonn Snapchat le déagóirí? 

Úsáideann daoine óga Snapchat ar chúiseanna éagsúla. Is dócha gurb í an chúis is coitianta leis sin ná costas – má tá rochtain agat ar Wi-Fi, tá sé saor in aisce teachtaireacht a chur trí Snapchat. Is féidir le teachtaireachtaí traidisiúnta téacs sms nó le fótaitheachtaireachtaí a bheith daor go leor le cur; go háirithe i gcás daoine óga a úsáideann fóin ‘íoc mar a úsáidtear’.

Ceapann daoine áirithe gur róbhuan atá teachtaireachtaí téacs agus postálacha ar Facebook agus ar Twitter. Tugann Snapchat deis dá úsáideoirí rud a dhéanamh láithreach bonn gan aon iarmhairtí fadtéarmacha a bheith ann. Tá an ghné sin in easnamh i bhformhór ardán na meán sóisialta, áit ina nascann úsáideoirí le ‘cairde’ agus gach duine acu ag iarraidh a bheith níos fearr ná an chéad duine eile.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

De bharr chomh sealadach le teachtaireachtaí Snapchat, d’fhéadfadh roinnt déagóirí trioblóid a tharraingt orthu féin mar gheall ar ‘théacsanna gnéasacha’ nó ar íomhánna agus teachtaireachtaí téacs de chineál gnéasach a chur. Cé go dtéann na híomhánna as radharc ó aip Snapchat, ní gá go gciallaíonn sé sin nár glacadh gabhálacha scáileáin díobh a d’fhéadfaí a chomhroinnt ar ardáin eile na meán sóisialta.

Tá tuilleadh faisnéise ar an aip le fáil ag: webwise.ie/parents-a-guide-to-snapchat/

 

Facebook

Facebook

Líonra sóisialta is ea Facebook a ligeann d’úsáideoirí, a chláraíonn le próifílí saor in aisce, nasc a dhéanamh le cairde, le comhghleacaithe oibre, nó le daoine nach bhfuil aithne acu orthu, ar líne. Ligeann sé d’úsáideoirí pictiúir, ceol, físeáin agus ailt a roinnt, chomh maith lena gcuid smaointe agus tuairimí féin leis an oiread daoine agus is mian leo. Cuireann úsáideoirí iarratais ar chairdeas chuig daoine a bhfuil aithne acu orthu – nó nach bhfuil aithne acu orthu, b’fhéidir.

Is féidir le húsáideoirí Facebook beagnach rud ar bith a phostáil ar a “n-amlíne”, roghbhlúire den mhéid atá ag tarlú ina gciorcal sóisialta in am ar bith, agus féadann siad dul isteach i gcomhrá príobháideach le daoine eile atá ar líne leis an bhfeidhm ‘Messenger’.

Déanann daoine a bhfuil próifílí acu eolas a phostáil fúthu féin. Bíodh an t-eolas sin faoin obair atá acu, an áit a bhfuil siad i mbun staidéir, a n-aois, nó sonraí eile pearsanta, déanann cuid mhór úsáideoirí cuid mhór eolais a phostáil atá sorochtana dá gcairde agus do dhaoine eile.

Cén fáth a dtaitníonn Facebook le déagóirí?

Tá Facebook ar cheann de na seirbhísí is mó tóir ar domhan i gcónaí. Dá bhrí sin, tá sé iontach do dhéagóirí am a chaitheamh air mar bíonn an líonra sóisialta in úsáid ag go leor dá gcuid cairde freisin.

Is breá le déagóirí Facebook cionn is gur féidir leo a bpróifíl a phearsantú. Ar an dóigh chéanna gur chlúdaigh glúine roimhe a mballaí sa seomra leapa le póstaeir de na grúpaí ceoil nó foirne sacair ab ansa leo, glacann daoine óga anois páirt i bpearsantú a spáis féin ar líne le pictiúir, ceol, físeáin agus tuairimí.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

In ainneoin go bhfuil tóir air, áfach, tá cuid mhór rioscaí ag baint le Facebook d’úsáideoirí óga.  Is iad seo a leanas cuid de na príomhcheisteanna a mbíonn imní ar thuismitheoirí fúthu:

  • Príobháideachas:  Déanann déagóirí dearmad in uaireanta gur rud foilsithe é ábhar a phostáil ar Facebook agus, mura socraítear na próifílí chun príobháideachais, gur féidir le duine ar bith an t-eolas a fheiceáil. Go minic déanann déagóirí barraíocht eolais a phostáil ar líne ar nós grianghraf nó uimhreacha fóin.
  • Creachadóirí:  Cé gur annamh a tharlaíonn sé, bhí ócáidí ann nuair a dhírigh creachadóirí agus daoine mímhacánta eile ar dhaoine óga ar Facebook. Mar gheall ar an nádúr a bhaineann leis, is féidir rochtain a fháil ar an suíomh seo go furasta agus tá sé lán d’eolas pearsanta.
  • Cibearbhulaíocht:  Tugann Facebook blár úrnua catha do bhulaithe ina féidir leo dochar mór a dhéanamh do dhaoine eile trí theachtaireachtaí mioscaiseacha agus modhanna eile a úsáid. Tá cuid mhór scéalta ann faoi phróifílí a ndearnadh luíochán orthu nó cásanna tromchúiseacha eile a chruthaigh fulaingt do na híospartaigh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Facebook, féach: webwise.ie/parents/explained-what-is-facebook-2/

YouTube

youtube

Seirbhís roinnte físeán is ea YouTube trínar féidir le húsáideoirí a gcuntas féin a chruthú, féachaint ar fhíseáin, físeáin a roinnt, cur in iúl gur maith leo físeáin áirithe, teachtaireachtaí a fhágáil le físeáin eile, agus fiú a gcuid físeán féin a uaslódáil.

Cén fáth a dtaitníonn YouTube le déagóirí?

Seirbhís saor in aisce is ea YouTube agus d’fhéadfadh an-tairbhe a bheith leis do dhéagóirí chun teacht ar rudaí a thaitníonn leo. I gcás go leor daoine óga, úsáideann siad YouTube chun féachaint ar  fhíseáin cheoil, cláir ghrinn, treoracha maidir le conas rudaí a dhéanamh, oidis, tacaí saoil, agus tuilleadh. Úsáideann déagóirí an tseirbhís roinnte físeán freisin chun na físbhlagálaithe is fearr leo a leanúint, agus chun clárú le húsáideoirí eile YouTube agus le daoine mór le rá a bhfuil spéis acu iontu.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Áis iontach é YouTube chun rudaí nua a aimsiú, rudaí a fhoghlaim agus teacht ar shiamsaíocht. Mar sin féin, is ceart do thuismitheoirí agus do dhéagóirí bheith ar an eolas faoi rudaí áirithe agus an tseirbhís in úsáid acu.

Ábhar míchuí

Bíonn YouTube in úsáid ag breis is billiún úsáideoir. Déantar thart ar 300 uair an chloig d’fhíseáin a uaslódáil gach nóiméad, ach níl an t-ábhar ar fad oiriúnach do leanaí. Mar sin féin, is féidir leatsa an baol a laghdú go dtiocfadh do leanbh ar ábhar míchuí.

mód sábháilte ag YouTube, agus tugann sé sin deis d’úsáideoirí bac a chur le hábhar do dhaoine fásta.  Socrú “liostáil roghnach” é, rud a chiallaíonn nach mbeidh feidhm aige nó go gcasann tú ar siúl é.  Scagann an socrú torthaí cuardaigh chun físeáin a bhaint ina bhfuil ábhar do dhaoine fásta nó físeáin lena ngabhann srian aoise. Mar thoradh air sin, ní thiocfaidh a leithéid d’ábhar aníos i gcuardaigh físeáin, i bhfíseáin ghaolmhara, i seinnliostaí, i seónna ná i míreanna scannáin. Cé nach bhfuil aon chóras scagtha 100% cruinn, molaimid do thuismitheoirí páistí óga an ghné seo a chumasú.

Cibearbhulaíocht 

Faraor, bíonn teachtaireachtaí diúltacha á scríobh faoi dhaoine uaireanta nó déantar bulaíocht orthu ar an tseirbhís, go háirithe ar rannán na dteachtaireachtaí. Má tá cainéal/próifíl YouTube ag do leanbh, b’fhéidir gur smaoineamh maith é a mholadh dó/di teachtaireachtaí a dhíchumasú ar an bpróifíl/ar an gcuntas atá aige/aici. Is féidir é sin a dhéanamh go héasca sna socruithe, agus cabhraíonn sé an baol a laghdú go scríobhfaí teachtaireachtaí diúltacha faoi/fúithi.

 

Instagram

instagram

Is aip líonraithe shóisialta é Instagram trínar féidir lena úsáideoirí grianghraif agus físeáin a roinnt lena gcairde. Is féidir an aip a íoslódáil saor in aisce ó na gnáthstórais aipeanna agus bíonn an-bhród ar a lán daoine óga (agus ar a lán daoine scothaosta!) é a bheith acu ar a bhfón cliste. Is féidir le húsáideoirí cairde agus daoine mór le rá a leanúint, léiriú go dtaitníonn postálacha eile ar Instagram leo agus teachtaireachtaí a scríobh orthu, agus a ngrianghraif agus a bhfíseáin féin a phostáil. Cuireadh feidhm leis an aip le déanaí gur féidir teachtaireachtaí díreacha a chur ann. Cuireann Instagram Direct ar do chumas grianghraif, físeáin, leathanaigh haischlibe, próifílí agus suíomhanna a roinnt le duine amháin nó le grúpa beag daoine (suas le 15 dhuine) díreach ó fhotha nuachta an úsáideora.

Cén fáth a dtaitníonn Instagram le déagóirí?

Is breá le déagóirí grianghraif agus físeáin a roinnt. Bhí Instagram ar cheann de na chéad líonraí a dhírigh isteach ar roinnt íomhánna agus físeán. Murab ionann is Facebook agus líonraí eile, bíonn na húsáideoirí níos óige ann. Níl Instagram in úsáid go forleathan ag glúin níos sine ná ag tuismitheoirí na n-úsáideoirí, rud a fhágann gur áit tharraingteach ar líne atá ann do dhéagóirí. Ar deireadh, ní raibh aon fhógraí ar Instagram go dtí le déanaí. Ar an ábhar sin, bhí smacht iomlán ag déagóirí ar na daoine a leanann siad agus ar na rudaí a fheiceann siad.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Ar dtús, nuair a chláraíonn úsáideoir, déanfar próifíl phoiblí den phróifíl go huathoibríoch – rud a fhágann gur féidir le gach duine na grianghraif nó na físeáin a cruthaíodh a fheiceáil agus an aip á húsáid. Ní gá dúinn na saincheisteanna follasacha príobháideachais a thagann as sin a léiriú duit.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Instagram, féach: webwise.ie/parents/explained-image-sharing-app-instagram/

 

Messenger

alt-3

Aip cur teachtaireachtaí móibíleacha atá SAOR IN AISCE is ea Messenger  agus úsáidtear é chun teachtaireachtaí meandracha a sheoladh, grianghraif, físeáin agus taifeadtaí fuaime a roinnt, agus le haghaidh comhráite grúpa.Is féidir an aip a nascadh le do chuntas Facebook nó le d’uimhir fóin, is féidir í a íoslódáil saor in aisce, is féidir í a úsáid chun dul i dteagmháil le cairde leat ar Facebook agus leis na teagmhálaithe ar an bhfón agat.

Cad iad na rioscaí atá i gceist?

Amhail na haipeanna cur teachtaireachtaí eile ar fad, tá rioscaí áirithe ann mar aon le rudaí ar cheart bheith ar an airdeall fúthu. I measc na rioscaí is coitianta, áirítear cibearbhulaíocht, ábhar míchuí a fheiceáil nó a roinnt, agus labhairt le strainséirí. Chun cabhrú na fadhbanna sin a sheachaint, baineann na rialacha céanna le gach idirghníomhaíocht ar líne do dhaoine óga. Is iad sin:  ná comhroinn sonraí ach amháin le daoine a bhfuil muinín agat astu i do shaol féin,  smaoinigh sula gcliceálann tú, agus tabhair tuairisc do dhuine fásta a bhfuil muinín agat as  faoi aon sonraí nó teachtaireachtaí míchuí.

Socrú príobháideachais is ceart bheith ar eolas ag tuismitheoirí is ea ‘Cé na daoine atá in ann teagmháil a dhéanamh liom?’.  Mar réamhshocrú, bíonn an socrú seo socraithe mar ‘bunscagadh’ ar Facebook – rud a fhágann gur féidir le cairde agus le daoine a bhféadfadh aithne a bheith agat orthu dul i dteagmháil leat ar Facebook agus ar Messenger. Chun bac a chur ar theagmháil ó dhaoine nach mbeadh aithne ag do leanbh orthu, b’fhéidir, moltar an socrú seo a athrú go ‘dianscagadh’ (ní féidir ach le cairde teachtaireachtaí a sheoladh chuig an gcuntas). Ní bhíonn feidhm leis sin ach amháin i gcás ina n-osclaíonn úsáideoir cuntas Messenger trí Facebook.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar Messenger, féach: https://www.webwise.ie/parents/explained-what-is-messenger/