Ag fáil faoi réir le haghaidh Ghrafchuardach Facebook

Ag fáil faoi réir le haghaidh Ghrafchuardach Facebook

FacebookGraph

Trí chéim thapa ba chóir duit a ghlacadh chun fáil faoi réir le haghaidh Ghrafchuardach Facebook

Tá Grafchuardach á chur i bhfeidhm in Facebook dá úsáideoirí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe ó gheimhreadh 2013 i leith.

As seo amach, beidh tú ábalta cuardach a dhéanamh trí na ‘Sonraí Móra’ a bhailítear ann ónar ngníomhaíochtaí líonraithe shóisialta.

Beidh tú ábalta cuardach a dhéanamh ag úsáid critéar amhail suíomh, ábhar post, agus clibeanna ‘is maith liom’ (‘likes’) na ndaoine atá nasctha leat ar Facebook.

D’fhéadfá ‘daoine i mBaile Brigín ar maith leo Love/Hate’ a chuardach, mar shampla, nó ‘grianghraif de chapaill i nGaillimh’.

Dála an scéil, is féidir le gach uile dhuine cuardach a dhéanamh ar an méid atá postáilte agatsa, ar na háiteanna a raibh tú seiceáilte isteach agus ar na nithe a deir tú gur maith leat. An dtuigeann tú?

1. Seiceáil an bhfuil tú do do chur féin os comhair strainséirí

FBGSA Mura bhfuil tú cinnte cé mhéad de do phróifíl atá le feiceáil ag daoine nach cairde leat iad, cliceáil ar na socruithe agus roghnaigh ‘Féach Air Seo Mar’ chun breathnú ar do chuid postálacha amhail is gur duine éigin eile thú.

Ba cheart go mbeifeá in ann anois breathnú ar do phróifíl ó pheirspictíocht do stácálaí.

Má tá liostaí cairde curtha i dtoll a chéile agat agus má tá dearmad déanta agat, dála mise, ar cé atá ar cé acu liosta, is féidir leat do phróifíl a fheiceáil faoi mar a fheiceann gach duine de do chuid cairde í ach cliceáil ar ‘Féach Air Seo Mar Dhuine Faoi Leith’ agus ainm an duine sin a chur isteach sa bhosca téacs ar an ribín thíos faoi bharra nascleanúna Facebook.

Más dóigh leat go bhfuil an iomarca eolais á roinnt agat go poiblí, tá sé in am duit féachaint ar na socruithe príobháideachais arís.

2. Athraigh cé atá in ann breathnú ar do sheanphostálacha

FBGSB

Istigh sna socruithe príobháideachais, sa réimse dar teideal ‘Cé na daoine a bhfuil mo stuif le feiceáil acu?’, tá rogha úsáideach ann athrú a dhéanamh ar shocrú príobháideachais do chuid seanphostálacha go léir.

Má bhí tú ag postáil rudaí go poiblí go dtí seo, is féidir leat lucht féachana na seanphostálacha sin go léir a athrú go ‘cairde’ in aon gheábh amháin.

Ná déan dearmad go bhféadfaidh daoine atá clibeáilte iontu, chomh maith lena gcairde, na postálacha sin a fheiceáil freisin. Tá sé de rogha agat freisin lucht féachana do chuid seanphostálacha a athrú ceann ar cheann ach dul chuig an bpostáil atá uait agus lucht féachana eile a roghnú.

3. Déan seiceáil ar do chlibeanna

FBGSC

An bhfuil tú tinn tuirseach den paparazzi amaitéarach a bhíonn de shíor ag glacadh pictiúr díot oíche airneáin agus á bpostáil ar líne?

As seo amach, smaoinigh ar athbhreithniú a dhéanamh ar gach rud ina bhfuil tú clibeáilte sula dtaispeánfar ar d’amlíne poiblí iad.

Beidh tú in ann breathnú ar na postálacha sin in ‘Athbhreithniú ar an Amlíne’ agus roghnú cé acu ar mhaith leat iad a fhoilsiú ar d’amlíne nó na clibeanna ort a bhaint.

Breathnaigh ar fhíseáin oifigiúla Facebook le haghaidh an eolais ar fad a theastaíonn uaitmaidir le Grafchuardach.