Cad a Tharlaíonn Nuair a Dhéanaim Postáil ar Facebook a Thuairisciú?

Cad a Tharlaíonn Nuair a Dhéanaim Postáil ar Facebook a Thuairisciú?

facebookreportinginfographicTuairisciúFacebook

Tá an fógrán nua snasta seo curtha le chéile ag Facebook. Tugtar breac-chuntas ann ar a dtarlaíonn nuair a thuairiscíonn tú postáil ar an suíomh líonraithe shóisialta a bhfuil an-éileamh air.

Spreagaimidne ag Webwise thú chun a thábhachtaí atá sé ábhar a chuireann isteach orthu ar líne a thuairisciú a mhúineadh do dhaoine óga.

Is cuma más mangairí camscéime, creachadóirí féideartha, cibearbhulaíocht, ábhar neamhdhleathach, pornagrafaíocht nó postálacha bagracha nó maslacha eile atá i gceist, tig le daoine óga postálacha a bhaint ach an t-ábhar a thuairisciú do Facebook, agus do shuíomhanna eile a dtugann siad cuairt orthu.

Tugtar tuairim éigin duit sa léaráid seo faoin áit a dtéann gach tuairisc ar Facebook. Féadtar amharc níos mó den léaráid a fháil ach an íomhá ag barr an leathanaigh a chliceáil.

Féadfaidh postáil a thuairisciú dul a fhad le hoifigigh feidhmithe an dlí faoi dheoidh, mar atá le feiceáil san fhógrán.

D’fhéadfadh sé a bheith ina uirlis shuimiúil le haghaidh múinteoirí do rang a bhaineann le ICT nó le haghaidh tuismitheoirí ar mhaith leo an tuairisciú a chur ina luí ar a bpáiste.

Sa bhreis air sin, tá roinnt leideanna áisiúla anseo maidir le tuairisciú a dhéanamh ar phróifíl bhréagach Facebook.

Cruthaíonn bulaithe leathanaigh bhréagacha Facebook go minic le bulaíocht a imirt ar dhuine eile siocair go síleann siad nach féidir iad a aimsiú.

Ach is féidir na próifílí seo a thuairisciú.

I dtús báire, téigh chuig amlíne na próifíle agus cliceáil an réaltchomhartha. Tá rogha Report/Block ansin.

Nuair a chliceálann tú air sin, caithfidh tú cúis le tuairisciú na próifíle a thabhairt.

Tar éis an cnaipe chun leanúint ar aghaidh a chliceáil a luaithe atá na roghanna líonta amach agat, tá tuairisc déanta agat ar an bpróifíl agus déileálfaidh Facebook leis ansin.

Féadfaidh duine nach bhfuil cuntas acu faisnéis a aimsiú trí fhiosrúchán a chur isteach anseo.

Cóipeáil agus cuir an nasc thíos chuig duine ar bith nach bhfuil cuntas Facebook acu agus ar mhaith leo sárú ar an suíomh a thuairisciú.

http://www.facebook.com/help/search/?query=report

Tags: