Comhairle do Thuismitheoirí maidir le hÚsáid Suíomhanna Gréasáin Líonraithe Shóisialta

Comhairle do Thuismitheoirí maidir le hÚsáid Suíomhanna Gréasáin Líonraithe Shóisialta

Tugadh le fios i dtaighde úr a foilsíodh i Meitheamh 2012 go bhfuil próifíl ar shuíomh gréasáin líonraithe shóisialta ag triúr as gach cúigear páistí Éireannacha idir naoi agus sé bliana déag d’aois. De réir an staidéir, is é an tríú rud is mó tóir do pháistí ar an Idirlíon ná a bpróifíl a chothabháil. Deimhníonn sé sin a bhfuil ar eolas againn cheana féin.

Tá líonrú sóisialta i saol an aosa óig agus is beag atáimid in ann a dhéanamh faoi. Bhí sé ann le tamall agus beidh sé ann go ceann i bhfad.

Fearacht an Idirlín, tá ábhar ar shuíomhanna líonraithe shóisialta arbh fhearr é a choimeád ón aos óg. Ar an taobh eile den phingin, d’fhéadfaí a argóint go mbaineann tairbhe mór oideachais le líonrú sóisialta.

D’fhéadfadh imeaglú a bheith ortsa, an tuismitheoir, nuair a iarrann do pháiste ort den chéad uair an bhfuil cead aige/aici próifíl a bhunú. Ní bhíonn a fhios agat cad atá amach romhaibh.

Cad iad na Rioscaí atá i gCeist le Líonrú Sóisialta?

Tugtar le fios i dtaighde Pháistí an AE ar Líne (EU Kids Online), a rinneadh ar na mallaibh, go bhfuil níos mó imní ar thuismitheoirí na hÉireann faoina bhfuil ar bun ag a bpáistí ar líne ná mar atá siad faoi ainbhéasa alcóil nó drugaí an aosa óig.

Is ionann cuid mhór de na rioscaí do pháistí a ghabhann le suíomhanna gréasáin líonraithe shóisialta agus a ghabhann leis an “bhfíorshaol”.

Ar an gcéad dul síos, bíonn imní ar mhórán tuismitheoirí go ndéanfaidh strainséirí nó creachadóirí teagmháil lena bpáistí má ligeann siad dóibh próifíl a chruthú. Síleann siad go ndéanfaidh na daoine seo iarracht a bheith in gcairde lena bpáistí agus mí-úsáid a bhaint astu.

Cé gur tharla sé seo cheana, is tábhachtach a chur in iúl gur annamh a thiteann cásanna mealltóireachta amach. Tá páistí na hÉireann i bhfad níos eolaí ar shábháilteacht agus ar phríobháideachas ar líne ná páistí na hEorpa, de réir thaighde Pháistí an AE ar Líne.

Riosca mór í an chibearbhulaíocht do pháistí atá ag tosú amach ar Bebo, Facebook nó Twitter freisin.

B’iomaí teagmhas ardiomrá ann den bhulaíocht ar líne – leanúint ar aghaidh leis an mbulaíocht thraidisiúnta sa chlós scoile í seo de ghnáth – agus de na hiarmhairtí a ghabhann léi don aos óg.

Go minic, is í postáil leanúnach ráiteas mioscaiseach nó íomhánna náireacha an rud is mó a shamhlaítear le cibearbhulaíocht. D’fhéadfadh sé seo dul i gcion go mór ar pháistí má imrítear an chibearbhulaíocht orthusan siocair go scaiptear postáil ar líne ar i bhfad níos mó daoine.

I measc na rioscaí eile a shonraítear, tá imní faoi nochtadh faisnéise pearsanta, imní faoi ghoid aitheantais agus imní go bhféadfadh duine óg ábhar suaiteach míchuí a fheiceáil.

Do Pháiste a Choimeád Sábháilte

Níl cead ag páistí faoi bhun 13 bliana d’aois a bheith ina mball de na suíomhanna líonraithe shóisialta is coitianta, fearacht Facebook agus Bebo, de réir choinníollacha úsáide na suíomhanna gréasáin.

Is í fírinne an scéil, áfach, nach féidir é seo a rialú agus go bhfuil an dúrud páistí gníomhach ar líne tar éis dóibh clárú le dáta breithe bréagach.

Molann Webwise taiscéalaíocht an Idirlín a dhéanamh le chéile – más mian le do pháiste próifíl a chruthú, b’fhearr í a chruthú ina theannta. Beidh sé níos fusa don pháiste a eispéiris, idir dhearfach agus diúltach, a roinnt an dóigh seo. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé teagmháil leatsa a chéaduair má chuireann rud éigin ar líne isteach air.

D’fhéadfá bunrialacha a chomhaontú le do pháiste freisin.

Mar shampla, d’fhéadfá a chomhaontú nach féidir le do pháiste teagmháil a dhéanamh ach le cairde a bhfuil tú sásta leo, nó d’fhéadfá a chomhaontú go bhfuil cead aige fanacht ar líne ar feadh 30 nóiméad gach lá. Beidh rialacha praiticiúla ina láimh chúnta agus má tú féin agus do pháiste sásta leo, féadfaidh siad na bealaí cumarsáide a choimeád ar oscailt.

Ba chóir go mbeadh an plé ar na rioscaí a ghabhann le bualadh le teagmhálaithe ar líne as líne ina chuid lárnach den ionduchtúchán seo agatsa i dtaca le líonrú sóisialta.

Cuir ina luí ar do pháistí gur chóir dóibh a bheith an-chúramach nuair a bhuaileann siad le duine nach raibh aithne acu air sula ndearna siad cairdeas leis ar líne. Leag rialacha amach freisin i gcás gur mhaith leo bualadh le cairde ar líne go pearsanta.

Tig leat labhairt faoi mhodhanna tuairiscithe le do pháistí freisin. Tá uirlisí tuairiscithe mí-úsáide ar na príomhshuíomhanna líonraithe shóisialta, macasamhail Facebook, Bebo, MySpace nó Twitter. Is féidir leat an chuideachta a chur ar an eolas faoi ábhar mí-oiriúnach, gránna, neamhdhleathach nó míchuí a bhuíochas leis an uirlis seo.

Fearacht an ghnáthshaoil, ba chóir duit do pháiste a spreagadh meas a léiriú ar dhaoine eile ar líne. Cuir ina luí orthu go gcuirtear gach a ndeir siad ar líne os comhair an phobail agus nach féidir é a scriosadh. A luaithe a fhoilsítear é, tá sé amuigh ansin agus ní féidir é a thabhairt ar ais. Ní thuigeann páistí é seo corruair maidir le líonrú sóisialta.

Tá méadú ag teacht ar ghoid aitheantais agus ar choireanna eile lena mbaineann agus is é sin an fáth a bhfuil sé ríthábhachtach plé a dhéanamh ar a thábhachtaí atá sé a bheith cúramach nuair a nochtar faisnéis phearsanta ar líne. Cé go bhfuil páistí na hÉireann ar na páistí is eolaí ar an tsábháilteacht sa réimse seo, tá sé fós tábhachtach, mar thuismitheoir, a mhúineadh do do pháistí gur cheart dóibh a bheith coimhéadach faoi na grianghraif agus faoin bhfaisnéis a phostálann iad.

Cad a dhéanfaidh mé má tá Próifíl ag mo Pháiste cheana féin?

Iarr ar do pháiste an phróifíl a thaispeáint duit i dtús báire. Ná bíodh iontas ort má bhíonn drogall ar do pháiste próifíl a thaispeáint duit – crios atá saor ó thuismitheoirí é líonrú sóisialta dar leis na páistí inar féidir leo labhairt lena gcairde.

D’fhonn na bealaí cumarsáide le do pháiste a oscailt i dtaobh an úsáid a bhaineann sé/sí as líonrú sóisialta, ná bí ródhian ar a (h)eispéireas nó ar a nósanna ar líne go nuige seo. Ní iadsan is ciontaí i dtólamh má bhíonn rud éigin míchuí ar a bpróifíl.

Corruair ní inseoidh déagóirí do thuismitheoir faoi dhrocheispéireas ar líne toisc go mbíonn eagla orthu nach dtabharfar cead dóibh dul ar líne arís. Má shíleann siad go bhfuil siad ábalta labhairt lena dtuismitheoirí faoina nósanna ar líne gan aon bhreithiúnas, áfach, beidh siad níos oscailte leis an tuismitheoir amach anseo.

Fiafraigh de do pháiste cad iad na socruithe príobháideachais atá i bhfeidhm ar a p(h)róifílí. Má tá siad poiblí, iarr air/uirthi iad a dhéanamh príobháideach ionas nach bhfeicfidh ach cairde a bpostálann sé/sí. Cuir ina luí ar do pháiste go bhféadfaí rud a bpostáiltear a phostáil nó a bhíogaíl an athuair leis na múrtha daoine; daoine arbh fhearr leis/léi nach bhfeicfeadh an fhaisnéis sin.

Dea-smaoineamh é freisin labhairt faoi liosta cairde do pháiste. Téarma uileghabhálach é “cairde” le haghaidh teagmhálaithe ar bith ar shuíomhanna líonraithe shóisialta. Cuir ina luí ar do pháistí nach cairde iad cairde i gcónaí agus iarr orthu athbhreithniú a dhéanamh ar a liosta teagmhálaithe go rialta lena chinntiú nach bhfeiceann ach na daoine a bhfuil siad muiníneach astu in ann a bpostálann siad a fheiceáil.

Leag béim ar a thábhachtaí atá sé teachtaireachtaí ar bith gan iarraidh a fhaightear ó dhuine nach n-aithnítear, a scriosadh ar an toirt agus gan iad a fhreagairt. B’fhéidir go bhfuil sé sách follasach, ach is minic a bhaineann plucálaithe camscéime nó creachadóirí úsáid as teachtaireachtaí a mheallann freagairtí ón aos óg. Is tábhachtach a chinntiú go bhfuil do pháiste ar an eolas faoina thábhachtaí atá sé neamhaird a dhéanamh den sórt cumarsáide seo.

Faisnéis Úsáideach Eile

Chuir Ionad Taighde na Sochaí, na Faisnéise agus na Meán in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an tsraith ‘Get With IT!’ le chéile do Bhord Comhairleach an Idirlín (Internet Advisory Board). Tá foilseachán faoi líonrú sóisialta clúdaithe sa tsraith.

Go sonrach, tugtar comhairle do thuismitheoirí faoin ábhar agus pléitear níos mine le roinnt de na saincheisteanna a luaitear thuas.

Cliceáil anseo chun an leabhrán a íoslódáil, nó feic thuas.

Ar na naisc úsáideacha eile a bhféadfá breathnú orthu tá Ionad Sábháilteachta Facebook. Tig leat dul i dtaithí anseo ar an suíomh líonraithe shóisialta is mó agus is mó tóir dá bhfuil ann agus ar a ndéanann sé chun a chuid úsáideoirí a chosaint.

Áit mhaith í an líne chabhrach do thuismitheoirí faoi stiúir na Comhairle Náisiúnta Tuismitheoirí – Bunbhrainse, le haghaidh faisnéise faoin gcibearbhulaíocht. Cliceáil anseochun tuilleadh faisnéise a fháil.