Conas a bheith i do thuismitheoir sábháilteachta Facebook

Conas a bheith i do thuismitheoir sábháilteachta Facebook

FacbookOpEd

Cibé cén sórt úsáideoir Facebook thú – múinteoir, tuismitheoir nó déagóir – tá treoirleabhar sábháilteachta ag Facebook a chabhróidh leat.

Cuireann Facebook comhairle ar fáil freisin faoin mbealach is féidir leat a gcuid seirbhísí a úsáid agus tú féin a choinneáil sábháilte.

Tá siad ag iarraidh go mbeidh tú ar an eolas faoi chúpla fíric maidir le Facebook agus go bhfoghlaimeoidh tú cén chaoi na socruithe príobháideachais a úsáid agus a bhainistiú le go gcoinneoidh tú thú féin agus do chuid sonraí pearsanta príobháideach agus slán.

Sábháilteacht Facebook do Thuismitheoirí

Is minic a fhiafraíonn tuismitheoirí dá bpáistí “Cén chaoi a raibh an scoil inniu?”; ba cheart dóibh “Cén chaoi a raibh Facebook inniu?” a fhiafraí díobh freisin

Dar le Facebook, ní gá do thuismitheoirí a bheith ina saineolaí ar na meáin shóisialta le bheith ina dtuismitheoir maith dá ndéagóirí ar Facebook.

Molann Facebook go n-iarrfaidh tuismitheoirí ar a ndéagóirí a thaispeáint dóibh cén chaoi a bpróifíl Facebook féin a chruthú le go dtuigfidh na tuismitheoirí céard atá i gceist leis agus go ndéanfaidh siad teagmháil lena muintir agus lena gcairde féin.

Roinnt comhairle ó Facebook maidir leis an ngrá crua:

“Ba chóir do thuismitheoirí plé a dhéanamh lena bpáistí faoin gcineál faisnéise atá ceart go leor a roinnt ar líne agus faoin bhfaisnéis nach bhfuil. Cuir ceist orthu faoi na socruithe príobháideachais agus mol go ndéanfaidh sibh athbhreithniú orthu le chéile go rialta. Leag bunrialacha síos agus cloígh leo.”

Obair Bhaile Webwise do Thuismitheoirí

Oscail Google nó aon inneall cuardaigh poiblí eile.  Scríobh isteach ainm do pháiste go bhfeice tú an n-aimsítear próifíl de chuid do pháiste. Is é socrú an chuardaigh phoiblí a rialaíonn cé acu an féidir le daoine a chuireann ainm do pháiste isteach in inneall cuardaigh poiblí a phróifíl a fheiceáil nó nach féidir.

Más mian leat a chinntiú nach mbeidh leathanach Facebook do pháiste inchuardaithe in Google, beidh ort foghlaim cén chaoi na socruithe Próifíle Poiblí a úsáid ar an leathanach Aipeanna agus Suíomhanna Gréasáin.

Ionad Sábháilteachta Facebook

Caith súil ar Threoirleabhar Príobháideachais Facebook le go dtuigfidh cén úsáid a bhaintear as faisnéis agus sonraí do pháiste. Caith súil ar Ionad Sábháilteachta Facebook.

Tuige nach gcuirfeá leabharmharc leis na ceanáin Facebook seo?

Tá neart treoirleabhair eile ar fáil ar líne faoi Facebook.  Sa cheann seo ó GCFLearnfree.org tá ábhar teagaisc, físeáin agus cleachtaí idirghníomhacha sa mhír ar a dtugann siad Facebook 101